Dáil debates

Thursday, 26 June 2008

 

Plean Náisiúnta na Gaeilge.

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Fágfaidh mé an píosa deiridh sin faoin Cheann Comhairle agus faoi Choimisiún Thithe an Oireachtais. Tá sé fíor — thóg mé faoi deara é. Fágfaimid é sin sin ar leataobh.

Tá obair an choiste aireachta ag dul ar aghaidh. Leag mé amach an chaoi ina bhfuil an obair ag dul ar aghaidh go díreach i gcomhthéacs an phlean don Ghaeilge. Ní bheidh mórán cruinnithe don fhochoiste Rialtais i gceist. Is ag deireadh gach phríomh-chéim a eagrófar na cruinnithe agus a thógfar na cinnithe. Tá mé dírithe go hiomlán ar an rud a gheall mé a dhéanfadh mé. Tógfar cinnithe ar an staidéar teangeolaíochta agus ar an bplean don Ghaeilge roimh deireadh na bliana seo. Tá sé i gceist againn an spriocdháta sin, atá leagtha amach romhainn, a chomhlíonadh. Tá brú á chur ar an obair. Níl dóthain oibre déanta, ó thaobh an phlean don Ghaeilge de, go mb'fhiú dul ar ais go dtí an choiste. Thug mé na sonraí faoin chóras chomhairliúchán a bheidh againn. D'iarr an Teachta orm chomhdhéanamh an choiste a leagan amach. Tá an Taoiseach mar chathaoirleach ar an gcoiste. Bhí sé mar Tánaiste agus Aire Airgeadais nuair a bhunaíodh an choiste, ach tá sé sin athruithe anois. Tá mé ag caint mar gheall ar an bhfear céanna, ach tá post difriúil aige ó thugadh ardú céime dó.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.