Dáil debates
Thursday, 13 December 2007
Legal Practitioners (Irish Language) Bill 2007: Second Stage
1:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Tá lúcháir orm deis a bheith agam cúpla focal a rá faoin mBille seo. Nílim chun a rá go bhfuil mé chun fáilte a chur roimhe, mar measaim go bhfuil sé easnamhach muna gcuirtear roinnt leasaithe leis ar Chéim an Choiste.
Is é an rud atá á dhéanamh i mBille na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2007, ná go bhfuiltear ag tarraingt siar ar an riail a bhí ann i leith na Gaeilge ón bhliain 1929, Acht Lucht Chleachtuithe Dlí (Cáilíocht) 1929. Am an-thábachtach i stair na tíre a bhí ann sna fichidí, mar is san am sin a leagadh síos an rud ar a dtugaimid polasaí athbheochana na Gaeilge nó polasaí caomhnú na Gaeilge. Leagadh síos an polasaí ansin agus sna fichidí agus na tríochaidí bhí an Ghaeilge i gcónaí i gceartlár aon pholasaí, mar shampla an polasaí dlí ar a bhfuilimid ag caint inniu, polasaí oideachais agus polasaí slándála. Bhí an Ghaeilge i gceartlár gach polasaí a leagadh síos ar mhaithe leis an Ghaeilge a chur chun cinn.
Táim mar Bhall den Teach seo le tamall fada, le ceathrú céid, agus le linn an ama sin tá an chuid is mó de na hAchtanna a tugadh isteach ag leagan nó ag cur deireadh leis na polasaithe a leagadh síos. Mar shampla, roinnt blianta ó shoin tugadh isteach polasaí nach mbeadh sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag duine le dul isteach sa Státseirbhís. Go dtí sin, bhí sé riachtanach go mbeadh cumas agus eolas ar an Ghaeilge ag duine. Cuireadh deireadh leis an riail agus dúradh linn go mbeadh an Ghaeilge le fáil go forleathan ag éinne a raibh fonn air nó uirthi a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an Státseirbhís, ach ní mar sin a tharla.
Nuair a chuaigh mise i mbun múinteoireachta cúpla scór blian ó shoin, bhí na ciorcláin go léir a tháinig ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, is cuma cén pháirt den tír a raibh siad ag dul, i nGaeilge. Anois, tá mórchuid na gciorclán a thagann amach i mBéarla. Is cinnte mar sin go bhfuil cúlú siar mór i leith na Gaeilge chomh fada agus a bhaineann sé le oideachas. Arú anuraidh bhí mé sa Teach agus plé á dhéanamh ar cheann de na polasaithe a bhí i bhéim ós na fichidí, is é sin, go mbeadh ar ghach duine a raibh post lán-aimseartha buan aige nó aici i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, an Ghaeilge agus scrúdú Gaeilge a bheith acu. Tá deireadh curtha le sin fosta.
Sampla eile, ó bhunaíodh An Garda Síochána sna fichidí, bhí sé de dhualgas ar ghach duine a rachadh isteach ann cumas agus eolas a bheith acu ar an Ghaeilge. Tá deireadh le sin freisin. D'fhéadfainn dul ar aghaidh, bliain i ndiaidh bliana agus Bille i ndiaidh Bhille le feiceáil go bhfuil na polasaithe seo a leagadh síos sna fichidí agus sna tríochaidí ar mhaithe le tacaíocht, cuidiú agus misneach a thabhairt do lucht na Gaeilge ag imeacht ceann i ndiaidh an chinn eile.
Ní féidir linn an locht a chur ar an Eoraip. Is muid féin atá á dhéanamh. Teastaíonn seo uainn féin. Chomh fada agus a bhaineann sé leis an Eoraip tá cinneadh againn le haghaidh bean, múinteoir a tháinig ó thír éigin san Eoraip a bhí i mbun múinteoireachta anseo — sílim gur múinteoir ealaíne a bhí inti. De bharr riachtanas na Gaeilge, ní raibh sí ábalta post buan a fháil mar nach raibh cumas Gaeilge aici. Chuaigh an cás sin go dtí an Ard Chúirt agus an Chúirt Uachtarach agus Cúirt na hEorpa, the Groener case. Dúirt Cúirt na hEorpa go raibh sé de lán-cheart ag an Stát anseo éileamh go mbeadh Gaeilge ag daoine a bhfuil postanna acu sa Státseirbhís. Ní shílim gur tháinig aon athrú ar sin ó shin. Níl an Bille seo á thabhairt isteach de bharr brú on Eoraip nó aon áit eile. Táimid á dhéanamh muid fhéin. Tá an Ghaeilge tábhachtach chomh fada agus a bhaineann sé le cúrsaí dlí. Tá nasc an-láidir agus an-docht idir cúrsaí dlí agus Bunreacht na tíre. Tá a fhios againn go n-úsáidtear dhá theanga go hoifigiúil sa Bhunreacht — an Ghaeilge agus an Béarla — agus go bhfuil tosaíocht ag an Ghaeilge ar an Bhéarla. Táimid ag súil go mbeadh eolas agus tuiscint ar an Ghaeilge ag daoine atá ag plé le cúrsaí dlí, ar nós abhcóidí, dlíodóirí agus breithimh. Baineann cúrsaí bunreachtúla leis an Ghaeilge go minic.
Ba mhaith liom breathnú siar beagáinín. I 1954, nuair a athraíodh an scrúdú a cuireadh in áit i 1929, bhí ar gach éinne é a dhéanamh agus tugadh aitheantas don Ghaeilge sa chaoi sin. Tá na Achtanna éagsúla á n-aisghairm anois sa reachtaíocht atá á phlé againn inniu. Ní aontaím go hoimlán leis an bplean seo. Caithfimid rud éigin a dhéanamh chun a bheith cinnte de go mbeidh daoine i ngach leibhéal den chóras dlí — dlíodóirí, abhcóidí, abhcóidí sinsearach agus breithimh — in ann a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Is iad na Gaeltachtaí na ceantair sa tír seo ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomh-teanga. Tá suim san ábhar seo ag daoine taobh amuigh de na Gaeltachtaí freisin. Tá cumas Ghaeilge ag daoine a fhreastal ar na gaelscoileanna ar fud na tíre, mar shampla. Cé go bhfuil muintir na Gaeltachta speisialta, caithfimid smaoineamh ar na daoine taobh amuigh de na Gaeltachtaí fosta. Ba chóir dúinn deis a thabhairt do dhaoine a gcearta a chosaint, a gcás a dhéanamh trí Ghaeilge agus plé le dlíodóirí, abhcóidí agus breithimh a bhfuil an Ghaeilge acu.
Níl éinne sa tír, fiú amháin sa Ghaeltacht, nach dtuigeann Béarla. Tá an Ghaeltacht dhátheangach anois. Is féidir le muintir na Gaeltachta ar a bhfuil eolas agam an Béarla a labhairt go maith. É sin ráite, tá go leor daoine sna Gaeltachtaí, agus sa tír go ghinearálta, atá ábalta a gcás a dhéanamh níos líofa agus níos foirfe sa Ghaeilge ná sa Bhéarla. Bíonn muinín níos mó acu iontu fhéin nuair a bhíonn siad ag caint Ghaeilge. Má cuirtear brú ar dhaoine mar sin a gcás a dhéanamh trí Bhéarla, ní bheidh siad ag fáil cothrom na féinne. Ba chóir go mbeadh deis ag gach éinne a chás a dhéanamh sa teanga gur mian leo agus ina bhfuil siad compordach. Ní leor aistritheoirí a úsáid — caithfidh daoine a bheith abálta an Ghaeilge a úsáid.
Ba cheart dúinn breathnú go géar ar Chéim an Choiste ar cuid de na leasuithe atá molta le tamall anuas ag cuid de na heagraíochtaí Ghaeilge ar nós Conradh na Ghaeilge, a luaigh an Teachta MacCraith. Dúirt mo chomhleacaithe, na Teachtaí Ó Flannagáin agus Ó Rinn, gur chóir go mbeadh an cáilíocht Ghaeilge, ar a laghad, ag daoine ar nós dlíodóirí Stáit, breithimh agus cláraitheoirí contae, a bhfuil postanna údarásach agus dlíthiúil acu sa Ghaeltacht. Bheadh sé tábhachtach nuair atá oifigigh ag plé le daoine atá níos compordaí ag labhairt sa teanga atá acu — an Ghaeilge. Tuigim go n-eagróidh Cumann Onórach Ostaí an Rí an scrúdú nua — is mar sin a bheidh sé. Tá sé iontach tábhachtach go mbeidh caighdeán agus scrúdú ceart i gceist. Ba chóir go mbeidh sé ar a chumas ag éinne a gheobhaidh an scrúdú obair a dhéanamh ar son saoránaigh na tíre seo tríd an chéad teanga oifigiúil.
Mar a dúirt mé níos luaithe, tá mé imníoch faoin mBille mar a sheasann sé i láthair na huaire. Sílim go bhfuil sé easnamhach. Tá súil agam go mbeidh pé Aire a bheidh anseo ar Chéim an Choiste in ann dearcadh go fábharach ar na leasuithe a cuirfear chun tosaigh ón taobh seo den Teach. Tuigim go dtarlaíonn imeachtaí an chuid is mó de na cúirteanna i mo cheantar Ghaeltachta fhéin i mBéarla. Dar le formhór muintir na háite, ní bhfaighidh siad éisteacht ceart i nGaeilge — ní chóir go mbeadh sé mar sin. Ba chóir go mbeidís dóchasach gur féidir leo éisteacht ceart agus cothrom na féinne a fháil ina dteanga fhéin, cé mar a bhfaighdís in aon teanga eile. Ní tharlóidh sé sin muna bhfuil muinín acu go bhfuil daoine sásta agus ábalta éisteacht leo nuair a gcuireann siad a gcás go líofa ina dteanga fhéin.
Tá mé idir dhá chomhairle faoin mBille seo. Is dócha go bhfuilimid ag déileáil le prionsabail úr anois, chomh fada is a bhaineann sé leis an Ghaeilge — táimid ag iarraidh an Ghaeilge a dhéanamh deonach, in ionad éigeantach. Ní dhéanfaimid aon dul chun cinn muna bhfuilimid dáiríre. Más mian linn bheith dáiríre, caithfimid caighdeáin áirithe a chuir i bhfeidhm. Caithfidh an scrúdú a bheith neamhspleách. Tá súil agam, sna cúpla bliain amach romhainn, go mbeidh toradh níos fearr le feiceáil ar cuid de na rudaí eile atá tarlaithe. Tá an Ghaeilge mar theanga oifigiúil ar leibhéal na hEorpa i láthair na huaire. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm le roinnt bliana anuas. Níl aon maitheas ann na cearta sin a bheith againn muna bhfuil daoine ann chun freastal orainn agus na cearta a chuir ar fáil dúinn. Cé go bhfuil mé amhrasach faoin reachtaíocht seo, tá súil agam go nglacfaidh an Rialtas le cuid de na leasuithe a bheidh á moladh ar Chéim an Choiste, nuair a déanfaimid breathnú ar an mBille arís.
No comments