Dáil debates
Thursday, 13 December 2007
Legal Practitioners (Irish Language) Bill 2007: Second Stage
1:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Tá spéis agam sa cheist deiridh a d'ardaigh an Teachta de Paor. An mbeidh ar na dlíodóirí atá ann faoi láthair, agus atá ag cleachtadh go líofa trí Ghaeilge, scrúdú a dhéanamh chun áit a bhaint amach ar liosta Óstaí an Rí nó a leithéid? B'fhéidir go mbeimid in ann freagra a fháil ar ceisteanna den chineál sin ar Chéim an Choiste. Is trua liom go bhfuil an Bille os comhair an Tí sa bealach seo. Cé nach raibh mé sásta leis an mBille a chuir an Teachta Ó Sé chun cinn — dúirt mé é sin ag an am — measaim nach bhfuil sa reachtaíocht seo ach an Bille sin ar ais arís agus beagáinín scamall caite timpeall air. Is é atá i gceist ná deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge go huile is go hiomlán, ach amháin go mbeidh cúrsa áit éigin ann, ar a mbeidh ar gach éinne freastal gan aon scrúdú ag an deireadh. Cad is fiú cúrsa riachtanach a bhunú, muna mbeidh ar na daoine a freastalóidh ar an gcúrsa aon rud a dhéanamh? Beidh siad in ann dul a chodladh ar chúl an ranga. Ní bheidh siad ar a thástáil sa chúrsa úd. Ní gá dóibh siúd a mbeidh i mbun staidéir ó thaobh céime abhcóide no dlí de freastal ar an gcúrsa teagaisc i dtéarmaíocht dlíthiúil. Ní fiú an córas atá luaite sa Bhille seo muna bhfuil riachtanas den shórt sin ann.
Measaim gur chóir dúinn déanamh cinnte de go rachfaimid ar a mhalairt de threo. Tá an ceart ag mórán de na Teachtaí a labhair romhaim. Ní raibh mé anseo mar go raibh mé i gcruinnithe don chuid is mó den am. Aontaím nach bhfuil ag éirí leis an gcóras atá ann faoi láthair. Ní éiróidh leis an gcóras nua, áfach, muna bhfuil riachtanas ann. B'fhéidir go gcuirfí duine nó dhó atá báúil don teanga ar an liosta gach bliain. Tá seans ann go ndéanfaidh daoine áirithe cinneadh gur féidir leo slí beatha a dhéanamh trí díriú isteach ar píosa beag éigin den dlí agus a ghnó a dhéanamh sa chaoi sin. Ba cuma sa tsioc leis an gcuid is mó de na dlíodóirí eile. In ionad fáil réidh leis an riachtanas, ba chóir dúinn an córas atá ann faoi láthair a feabhsú ionas gur féidir leis na mic léinn dlí, in Óstaí an Rí agus sa Dlí-Chumann, tairbhe níos fearr a bhaint amach. Ba cheart go mbeadh orthu cúrsa a dhéanamh, bunaithe ar an méid atá sa Bhille seo, chun a léiriú go bhfuil líofacht éigin acu maidir le téarmaí dlíthiúil Ghaeilge, go dtuigeann siad an córas agus go n-athníonn siad an seasamh ceart atá ag an teanga oifigiúil sa Stáit. Ba chóir go mbeadh sé soiléir go dtuigeann siad cúrsaí dlí i nGaeilge.
Os rud é go bhfuil sé sin i gceist agam, cuirfidh mé leasuithe chun cinn ar Chéim an Choiste chun a dhéanamh cinnte de go mbeidh níos mó tairbhe agus cumhacht ag baint leis an chóras atá ann faoi láthair. Ba cheart dúinn mion-athruithe a dhéanamh ar an scrúdú atá ann. Mar shampla, bheadh sé níos fearr an scrúdú a eagrú ag deireadh an cúrsa dlí ná ag an dtosach. Ba chóir go mbeadh mac léinn in ann an scrúdú a ath-shuí arís agus arís eile — ní bheidh sé ina dlíodóir idir an dá linn. B'fhéidir go gcuireadh an riachtanas seo leis an méid ama a chaitheann daoine ar an gcúrsa dlí. Tá sé tábhachtach go mbeidh stádas éigin, maidir le líofacht na Gaeilge agus tuiscint úsáid na teanga sa chóras dlí, sroichte acu. Chomh maith le sin, smaoineamh maith é go mbeadh caighdeán agus líofacht ar leith bainte amach ag dream den chóras dlí agus go mbeadh an caighdeán sin ar an leibhéal atá leagtha amach sa Bhille seo. Ba chóir go mbeadh an ceart acusan an Bille a chur chun cinn agus go mbeadh siad gafa le cúrsaí agus cásanna dlí trí Ghaeilge timpeall na tíre. Bheadh aitheantas sa mhéid sin don fhás ar an mhéid cásanna a thógtar trí Ghaeilge le blianta beaga anuas. Sa slí sin, bheadh muid in ann aitheantas cuí a thabhairt don Ghaeilge. Ní do thairbhe an Ghaeilge an Bille seo, mar níl aon rud ann a léiríonn dúinn conas a cuirfear chun cinn an Ghaeilge nó conas a bheidh níos mó Gaeilge sna cúirteanna agus sna tribunals amach anseo. Ní léir dom go mbeidh níos mó Gaeilge iontu. Dá mb'fhéidir le duine sin a thuiscint ón mBille, bheadh muid in ann a rá gur do thairbhe na Gaeilge an Bille.
Is trua go bhfuil an creimeadh seo ag tarlú arís. Diaidh ar ndiaidh, tá an Stát ag ligint don riachtanas i leith na Gaeilge imeacht ó ghach áit ina raibh sé. Tá an ceart ag daoine a deireann nach fiú riachtanas a bheith ann. Ní fiú tráithnín é an riachtanas sin. An fáth a raibh an riachtanas ann sa gcéad dul síos ná go raibh fís acu siúd a bhunaigh an Stát agus acusan a bhí ann roimhe sin. Chomh maith le sin, shíl siad go mbeadh an Ghaeilge curtha chun cinn chomh mór sin nach mbeadh gá ann a thuilleadh riachtanas a bheith againn. Is de bharr sin atá an riachtanas ann. Is dóigh liomsa go bhfuil gá fós leis, mar níl leibhéal labhartha na teanga againn ná leibhéal flúirse teanga sroichte againn. Is a mhalairt de threo atá muid imithe. Tá muid ag dul sa treo mícheart, agus sin an teachtaireacht a scaipfear leis na moltaí sa Bhille seo. An teachtaireacht a gheobhaidh daoine ná gur cuma sa tsioc leis an Stát faoi stadás na teanga.
Caithfimid cuimhne a bheith againn gur Stát dhátheangach muid. Tá, ar ndoigh, níos mó teangacha sa Stát ná mar a bhí riamh. Ó thaobh an Bhunreachta de, is ag an Ghaeilge agus an leagan Gaeilge de reachtaíocht atá tús áite, in ainneoin gur i mBéarla a scríobhadh an reachtaíocht sa chéad dul síos cuid mhór den am. Tiocfaidh mé ar ais chuige sin ar ball, mar is trua go mbíonn muid de gnáth ag déileáil le reachtaíocht i mBéarla. Inniu, áfach, tá reachtaíocht dhátheangach ós ár gcomhair. Is maith an rud é sin.
An cuspóir atá ag an Stát — tá seo luaite sa Bhille — ná go mbeidh aitheantas sa reachtaíocht do pholasaí dhátheangach an Stáit. Cad is brí leis an bhfocal "aitheantas"? Is féidir linn ar fad "aitheantas" a bheith againn do polasaí an Stáit, ach ní chiallaíonn sin gur gá don Stát aon rud a dhéanamh. Níl aon airgead breise curtha ar fáil le haghaidh breis oibre ar son na Gaeilge. Dá bhrí sin, ní fiú tráithnín í an abairt sin a bheith sa reachtaíocht. Conas is féidir linn an stadás bunreachtúil a chosaint muna bhfuil breithimh, abhcóidí agus dlíodoirí againn a bhfuil ar a gcumas déileáil leis an mBunreacht trí Ghaeilge agus muna bhfuil tuiscint ceart acu do chéard atá ann agus sa reachtaíocht agus cibé áit eile dá shórt?
Níl mé míréasúnta sa mhéid atá á lorg agam. Tá mé sásta bogadh agus bím i gcónaí sásta sin a dhéanamh. Is gá infheistíocht níos mó a dhéanamh i gcúrsaí teanga, ionas gur féidir linn áiseanna cuí a chur ar fáil dóibh siúd atá ag gabháil leis an dlí sa chaoi go mbeidh líofacht nach beag acu. Ba chóir go mbeadh an meon céanna againn maidir leis an chóras Stáit ina iomlán. Bheadh sin ag luí leis an méid lena raibh muid ag tnúth de bharr Acht na dTeangacha Oifigiúla.
De réir an Bhunreachta, tá dualgas ar an Stát Achtanna an Oireachtais a fhoilsiú sa dhá theangacha oifigiúla. Freisin, i ndiaidh achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 foilsítear reachtaíocht go comhuaineach sa teanga oifigiúl. Mar sin féin, is ag deireadh an phróisis a tharlaíonn sin seachas tús an phróisis, mar a dúirt mé cheana. Dá bhrí sin, d'fhéadfá leas a bhaint as leagan Gaeilge d'Acht, mar a tharlaíonn anois is arís sna cúirteanna. Is féidir sin a dhéanamh fiú i gcás ina bhfuil gach páirtí ag feidhmiú go huile agus go hiomlán trí mheán an Bhéarla, mar go bhfuil seasamh níos airde ag an leagan Gaeilge. Is gnáth cleachtas é sin in aon áit ina bhfuil reachtaíocht nó cáipéisí dlíthiúil dhátheangach ar fáil. Ní gá ach féachaint ar Ceanada nó an Aontas Eorpach le tuiscint conas mar a tharlaíonn a leithéid iontusan.
De thoradh gur ainmníodh Rialachán CE 920 2005 an Ghaeilge mar theanga oifigiúl oibre de chuid an Aontas Eorpach ar 1 Eanáir 2007, tá níos mó reachtaíocht Eorpach á fhoilsiú i nGaeilge faoi láthair. Dá bhrí sin, beidh gá níos géire go mbeidh níos mó daoine i measc siúd atá ag gabháil leis an chóras dlí in ann iad sin a thuiscint agus an Ghaeilge a úsáid.
Le blianta beaga anuas tá fás suntasach i líon na gcásanna dlí a dhéantar trí Ghaeilge sna cúirteanna. Is maith an rud é sin. Tharla sin agus an riachtanas againn. Tá athrú ag tarlú. B'fhéidir gur cóir dúinn fanacht go ceann cúpla blian eile, féachaint an bhfuil an athrú sin ag dul i méid agus go bhfuil níos mó spéise á léiriu ag abhcóidí, dlíodóirí agus an pobal i gcoitinne cásanna a thógaint trí Ghaeilge agus a cearta teanga a bheith acu sula n-athraíonn muid an riachtanas tríd an Bille seo.
De bharr an athrú agus an éileamh seo, bhunaigh Conradh na Gaeilge agus FLAC ionaid saora a thugann comhairle dlí i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh chun déileáil leis na cásanna seo. Ba chóir go mbeadh dlíodóirí anseo in ann téarmaí dlí ar nós ráiteas éilimh, fógra iarratais, mionscríbhinn, gearánaí, achomharc agus araile a thuiscint. Tá seo luaite sa Bille os ár gcomhair. Is cóir go mbeadh muid cinnte de go dtuigeann gach dlíodóir agus abhcóide na téarmaí seo agus nach gceapódh muid breitheamh amach anseo nach mbeadh tuiscint ar bith aige nó aici ar na téarmaí sin ná ar conas a reachtaítear cásanna dlí trí Ghaeilge.
Tarlaíonn sé cheana féin go gceaptar breithimh don Chúirt Dúiche sna ceantracha Gaeltachta nach bhfuil Gaeilge acu. Is scannal mór é sin. In áit a bheith ag déileáil leis an Bhille seo, ba chóir go mbeadh muid ag déíléail leis an fhadhb sin, is é sin, nach bhfuil cearta Gaeilge acu siúd a bhfuil cónaí orthu i gceantracha Gaeltachta, mar shampla, i dTír Chonaill. Bíonn an breitheamh ansin ag braith ar aistritheoir. Ní leor sin, mar i gcásanna mar seo ní oibríonn seirbhís aistriúcháin chomh maith agus is féidir. B'fhearr i bfhad dá mbeadh duine líofa ann le déileáil le cásanna mar seo. Maidir le héisteacht a bhaineann le rún idirbhreitheach, mar shampla rún le haghaidh breithiúnas i réamhshocrú cosanta, ar cheart go mbeadh ar an Stát íoc as aistritheoir chun a bheith ag cosaint ré i gceann seachtaine os comhair bhreithimh ar a chás dlí? Anuraidh, mar shampla, rinne dlíodóir Stáit gearán le breitheamh Cúirt Dúiche toisc gur labhair abhcóide le lucht na cúirte as Gaeilge. An gcreidfeá sin, go mbeadh dlíodóir Stáit ag gearán faoi dlíodóir eile ag úsáid Gaeilge? Ach thug an chúirt le fios go tapaidh go raibh ceart ag an dlíodóir an Ghaeilge a úsáid. Is trua gur tharla sin. Léiríonn an cás sin aineolas an dlíodóra Stáit, duine a chuaigh tríd an chóras. Is léir mar sin go bhfuil ag teip ar an chóras fé láthair. Tá gá le athrú, ach ní sa tslí atá á moladh ag an mBille seo.
Uair eile, bhagair breitheamh an príosún ar dlíodóir de bharr gur labhair sé leis an bhreitheamh i nGaeilge agus gur dhiúltaigh sé Béarla a labhairt sa chúirt. Níor réitíodh an fhadhb sin go dtí gur tháinig an dlíodóir ar ais le abhcóide sinsearach agus gur cuireadh an cás ar athló le ligint don breitheamh tarraingt siar mar nach raibh sé in ann déileáil trí Ghaeilge. Tá cás spéisiúl eile ar siúl faoi láthair agus súil againn le breithiúnas air ón Chúirt Uachtarach i mí Eanáir. Baineann an cás sin le duine a dúirt nach raibh an córas aistriúcháin sásúil agus go raibh sé ag lorg aistriúchán comhuaineach. Táim ag tnúth le toradh spéisiúl ar an chinneadh sin. Bhí tuairisc i Foinse na seachtaine seo caite ar an chás sin agus beidh impleachtaí amach anseo uaidh.
Sa chúrsa agus scrúdú Gaeilge atá faoi láthair in Ostaí an Rí, foghlaimíonn mic léinn téarmaí dlí nach raibh ar eolas acu cheana agus féachann siad ar cháipéisí áirithe don chéad uair, mar shampla, Billí sibhialta nó mionscríbhinní. Cuireann an scrúdu in iúl nach córas aonteangach é dlí-chóras na hÉireann. Tá sé i gceist go mbeidh scrúdú le caighdeán níos airde ann anois, ach rachaidh na mic léinn faoi scrúdú ar bhonn deonach. Ní aontaím le sin. Ní cóir go mbeadh rogha ann, seachas rogha scrúdú ard-chaighdeánach dóibh siúd atá sé i gceist acu amach anseo gabháil le dlí go huile agus go hiomlán trí Ghaeilge.
Má thógann muid san áireamh daoine atá cáilithe le tamall anuas, feiceann muid nach as Éirinn amháin dóibh. D'éirigh le duine ó Malaysia, duine ón Mheán-Oirthear, duine ó Shasana agus le roinnt daoine ó na Stáit Aontaithe sa scrúdú agus tá cuid acu ag obair trí Ghaeilge sa chóras dlí. Is léir uathu san gur féidir le daoine tabhairt faoi an choinníol atá ann fé láthair, ach an deis a thabhairt dóibh. Más gá, ba chóir infheistíocht breise a dhéanamh ann. Táim i gcoinne an Bhille seo agus iarraim ar Theachtaí eile tacú liom. A mhalairt de threo ba chóir go mbeadh muid ag dul.
Ba chóir go dtapódh muid an deis cúirteanna sa Ghaeltacht a reachtú go huile agus go hiomlán trí Ghaeilge. Táthar ag tarraingt siar fé láthair ar theorainneacha na Cúirte Dúiche, ach ba chóir go mbeadh na cúirteanna sin eagraithe trí Ghaeilge. Daoine atá ag lorg cúirte le Béarla, ba cheart dóibh dul go dtí an Gaillimh, Trá Lí nó áit éigin eile. Is ceart go mbeadh an Chúirt Dúiche i gceantracha Gaeltachta in ann feidhmniú go hiomlán trí Ghaeilge. Tá an deis ag an Aire é sin a chur i bhfeidhm agus é a phlé leis an reachtaíocht seo.
No comments