Dáil debates

Thursday, 8 November 2007

1:00 pm

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)

Ba mhaith liom labhairt go háirithe mar gheall ar an Ghaeilge agus an Ghaeltacht i mo dháilcheantar fhéin. Measaim go bhfuil an Ghaeilge láidir go leor sa Mhí Thoir. Tá ceantar Gaeltachta againn i mBaile Ghib. Nuair a bhreathnaímid ar an dtuarascáil, is léir gur Ghaeltacht sa ghrád C is ea Baile Ghib — tá an dealramh ar an scéal gur Ghaeltacht lag atá i gceist. Tá sé sin fíor go pointe áirithe. Nuair a bhí mé ag canbhasáil san áit sin — fuair mé an-tacaíocht ó muintir na Gaeltachta — d'fhoglaim go bhfuil a lán Ghaeilge á labhairt sna tithe agus sna scoileanna, go háirithe — i gcúrsaí oideachais, mar shampla. Tá nascanna sóisialta láidre i Gaeltacht na Mí. Bíonn oícheanta Ghaeilge acu. Nuair a bhí mé ag léamh an nuachtán áitiúil an tseachtain seo caite, dúirt an ceannlíne go bhfuil amhras mór faoi Ghaeltacht Bhaile Ghib. Tar éis dom an tuairisc a léamh, measaim nach bhfuil aon amhras faoi stádas na gaeltachta ar chor ar bith. Má tá an pobal áitiúil ar iarraidh an stádas sin a choinneáil agus an Ghaeilge a labhairt, ní bheidh aon fadhb acu. Tabharfaidh mé gach uile tacaíocht dóibh. Aontaím leis an Teachta McGinley go gcaithfidh gach pháirtí obair le chéile ar an ábhar tábhachtach seo, a bhaineann le stair agus cultúr na tíre.

Níl na moltaí sa tuarascáil a bhaineann le gráid A, B agus C ró-shoiléir. Deirtear gur chóir dúinn stratéis forbartha eacnamaíochta a chuir ar fáil dos na Gaeltachtaí. Dá mbeadh straitéis ghearr-théarmach ann le haghaidh eacnamaíocht Bhaile Ghib, measaim go dtiocfadh a lán fiontar as. Is í an fhadhb is mó i mBaile Ghib ná go bhfuil na tithe go léir scaipthe go fairsing — tá an séipéil in áit amháin agus tá an siopa in áit eile. Tagann daoine le chéile sa scoil. Measaim nach mbíonn an aifreann trí Ghaeilge gach Domhnach. Tá a lán fadhbanna pleanála san áit freisin. Tháinig daoine go dtí mo chlinic cúpla seachtain ó shin chun caint liom mar gheall ar an dtalamh atá zónáilte i mBaile Ghib. Tá sé scríobhta go dearfa i phlean forbartha na chontae go bhfuil cuid den dúiche zónáilte. Tarlaíonn sé go minic nach mbíonn an talamh úd le díol, áfach. Ní féidir é a cheannach. Tá bac á chuir ar daoine le Gaeilge nach bhfuil ón cheantair atá ag iarraidh bogadh isteach sa Ghaeltacht agus páirt a ghlacadh i pobal na háite. Tá sé molta go mbeadh Baile Átha Buí mar baile seirbhíse Gaeltachta. Measaim go mbeadh Cheannanas Mór níos fearr mar baile seirbhíse Gaeltachta mar go bhfuil sé idir an dá Ghaeltacht. Bheadh Baile Átha Buí an-oiriúnach do Rath Chairn — tá a fhios againn go bhfuil an Ghaeilge i bhfad níos láidre i Rath Chairn ná mar atá i mBaile Ghib. Tá sé an-tábhachtach go bhfuil oifig an chomhairle chontae agus rudaí eile i gCeannanas Mór.

Iarradh orm inné litir a scríobh chuig an Roinn Oideachais agus Eolaíochta mar gheall ar choláiste dara-leibhéal lán-Ghaeilge atá á phleanáil i gContae na Mí, gar le Droichead Átha. Tá an-éileamh ann do scoil den shórt sin. Bhí baint agam le gaelscoil a bhunaíodh i mí Meán Fómhair seo caite. Bhí an iomarca daoine ag iarraidh a gcuid páistí a chlárú sa scoil sin. Measaim go bhfuil todhchaí na Ghaeilge geal go maith taobh amuigh de na Gaeltachtaí. Mar a dúirt an Teachta McGinley, tá na gaelscoileanna ag déanamh an-iarracht agus tá dea-tairbhe le feiceáil de bharr sin. Caithfimid leanúint ar aghaidh le sin taobh amuigh den ghaeltacht. Má tá oideachas dara-leibhéal ar fáil i gaelcholáiste d'iad siúd atá á lorg, cuireann sé sin go mór leis an Ghaeilge. Tabharfaidh mé an-tacaíocht don meánscoil nua lán-Ghaeilge taobh amuigh de Droichead Átha. Cuirim fáilte roimh an tuarascáil seo. Má tá an pobal ag iarraidh go mairfidh na Gaeltachtaí, mairfidh siad le cabhair ó gach éinne agus ón Stáit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.