Dáil debates
Thursday, 8 November 2007
Irish Language: Statements
1:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Críochnóidh mé tar éis dom a luadh go bhfuil moladh curtha agam chuig an Príomh Aoire maidir le lá Ghaeilge a eagrú sa Teach. Léireodh ócáid den shórt sin gur féidir linn gach rud sa Teach — na coistí ina measc — a dhéanamh trí Ghaeilge. D'fhéadfamis déileáil le ceist na Gaeilge, ar a laghad. Tá súil agam go bhfuil an Aire agus na hurlabhraí sásta cuidiú liom an suí sin a eagrú mar chuid de Seachtain na Gaeilge 2008. Ba cheart dúinn sampla a thabhairt gur féidir linn ár gnó a dhéanamh go hiomlán trí Ghaeilge don chuid eile den am. B'fhéidir go n-úsáidfear níos mó Ghaeilge sa Teach as sin amach agus go mbeimid in ann gníomhú de réir an tuairisc seo. Éiríonn a lán eile ón dtuairisc sin, ar nós ceisteanna oideachais. Measaim go mbeidh orainn teacht ar ais chuige. Tá súil agam go mbeidh an choiste ag déileáil leis.
No comments