Dáil debates

Thursday, 8 November 2007

12:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Fáiltím roimh an deis seo staid na Gaeilge, go speisialta na moltaí a rinne Coimisiún na Gaeltachta cúig bhlian ó shoin, a phlé. Ó tháinig tuairisc Choimisiún na Gaeltachta amach, tá cuid mhaith de na moltaí ann curtha i bhfeidhm. Mar shampla, tá an Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre san Eoraip. Tá an Bille Teanga achtaithe de réir dlí chomh maith. Dul chun cinn de chineál é sin, dar ndóigh. Freisin, eisíodh preasráiteas ag deireadh na bliana seo caite i Farmleigh, an áit ar cuireadh straitéis ar mhaithe le chur chun cinn na Gaeilge chun tosach. Ba mhaith liomsa cúpla cheist a chur ar an Aire faoi cad a tharla ó shin.

Tá Fóram na Gaeilge ceaptha le comhairle agus treoir a thabhairt don Aire. Cé chomh minic agus a thagann an fóram sin le chéile? Cén uair a raibh an cruinniú deireannach acu agus cén uair a bheidh an chéad cruinniú eile acu? Is é ceann de na freagraíochtaí a bhí ar Fhóram na Gaeilge ná moltaí a chur ar fáil don Aire agus don Roinn. Cén moltaí a chuirfí i bhfeidhm nó cén moltaí atá ann don straitéis Gaeilge a bhí le cur ar fáil ar fud na tíre? Ceann de na moltaí a bhí ann, ná go raibh státseirbhíseach le ceapadh ar a mbeadh sé de dhualgas iomlán air amharc i ndiadh an phlean straitéiseach. An bhfuil an státseirbhíseach sin ceaptha nó an bhfuil a fhios againn cé hé nó cé hí?

Bhí saineolaithe le ceapadh a mbeadh a gcuid tuairimí le fáil maidir leis an plean straitéiseach do chur chun cinn na Gaeilge ar fud na tíre. An bhfuil na saineolaithe sin ceaptha? An bhfuil siad in ann a gcuid tuairimí a chur i bhfeidhm agus an mbeidh na tuairimí sin sa phlean straitéiseach? Dúradh ag an phreasagallamh i mí na Nollag anuraidh, go raibh an plean straitéiseach le bheith i bhfeidhm taobh istigh de dhá bhliain. Tá bliain imithe agus tá sé le bheith i bhfeidhm i 2008. An gciallaíonn sin an lá deireannach de 2008 nó an chéad lá?

Cuireadh airgead ar fáil sa cháinfhaisnéis, €300,000, fá choinne an taighde uilig. Céard a rinneadh leis an airgead sin? Ar cuireadh ar fáil é, cé mhéad de atá caite agus an bhfuil cuid de fágtha go fóill? Chomh maith le sin, dúradh go dtabharfar tacaíocht speisialta do thuismitheoirí a bhfuil fonn orthu a gcuid páistí a thógaint le Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Ní faoin Ghaeltacht atáim ag caint go fóill, tiocfaidh mé chuici sin, ach faoin chuid eile den tír. Tugadh an gheallúint sin do thuismitheoirí a raibh fonn orthu páistí a thógaint le Ghaeilge agus oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil dóibh sna gaelscoileanna. Caithfidh mé admháil go bhfuil sár-obair á dhéanamh ag na gaelscoileanna. Cibé a tharlós don Ghaeilge sa Ghaeltacht fhéin, tá comharthaí dóchais go mairfidh an Ghaeilge mar theanga de thairbhe na hoibre atá á dhéanamh ag na gaelscoileanna.

Tá deacrachtaí á gcruthú do na gaelscoileanna, áfach, i láthair na huaire. Tá deacrachtaí cinnte á gcruthú do na gaelscoileanna ag comhghleacaí an Aire, déanaim tagairt go speisialta don Aire Oideachais agus Eolaíochta. Is í an fhealsúnacht a bhí ag na gaelscoileanna go dtí seo ná go mbeadh gach ábhar á dhéanamh trí Ghaeilge ag na daltaí a rachadh isteach ag ceithre bhliana d'aois — an tumoideachas. Anois tá an Aire i ndiaidh teacht trasna ar sin agus a rá go gcaithfidh na gaelscoileanna an Béarla a theagasc mar ábhar oifigiúl gach lá sna gaelscoileanna. Tá conspóid mhór le sin. Tá sé cruthaithe ag na gaelscoileanna, le leathchéad bliain anuas, go n-éiríonn leis an tumoideachas, agus níl easnamh Béarla ar aon dalta iontu ach an oiread. Ba mhaith liom tuairimí an Aire a fháil. Cad a shíleann sé den riail úr maidir leis an tumoideachas? An gcaithfimid an Béarla a theagasc sa chéad dhá bhliain? Tá sé sin iontach tábhachtach chomh maith. Tá comharthaí dóchais ar fud na tíre. Cathain a dtiocfaidh an straitéis i bhfeidhm? An bhfuil an Státseirbhís réidh chun é seo a chuir i bhfeidhm le tacaíocht an Aire?

Mhol Coimisiún na Gaeltachta gur cheart dúinn tuaraiscí, ar nós an tuairisc a d'fhoilsigh an Dr. Harris maidir le caighdeán na Gaeilge sa chóras bunoideachais, a chuir ar fáil. Is cúis imní dúinn iad na conclúidí a bhain an Dr. Harris amach maidir leis an íslú tubaisteach atá tagtha ar theagasc agus caighdeán na Gaeilge i measc na ndaltaí sna gnáth-bhunscoileanna — níl mé ag caint faoi na gaelscoileanna. Ní theastaíonn uainn go mbeadh Gaeilge sna gaelscoileanna agus gan Gaeilge ar bith sna scoileanna eile. Caithfimid díriú isteach ar an cheist mór sin. B'fhéidir go gcaithfimid rud éigin a dhéanamh faoi oiliúnt múinteoirí. B'fhéidir gur chóir go mbeadh coláiste speisialta ann chun múinteoirí a oiliúnt trí Ghaeilge. Bheadh éileamh ar na múinteoirí sin sna gaelscoileanna agus sna Ghaeltacht chomh maith. Deirtear liomsa go bhfuil deacrachtaí móra ag gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta múinteoirí a fháil a bhfuil an caighdeán oiriúnach acu chun múineadh i gaelscoileanna nó scoileanna Gaeltachta.

Ba mhaith liom labhairt mar gheall ar an staidéar teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, ar a dhein an Aire lainseáil coicís ó shin ag Oireachtas na Gaeilge. D'eascair sé sin ó Choimisiún na Gaeltachta. Tháinig na saineolaithe le chéile chun obair iontach a dhéanamh. Cé go bhfuil an tuairisc ar fáil, ní fhaca mé ach achoimre de go fóill. Sílim go bhfuil nach mór 600 leathanach sa tuairisc ar fad — d'fhéadfá a rá go bhfuil sé chomh mór leis an Encyclopaedia Britannica. Tá achoimre de 60 nó 70 leathanach déanta air. Mar duine a rugadh sa Ghaeltacht — tá an chuid is mó de mo shaol caite sa Ghaeltacht agam — caithfidh mé a rá go ndearbhaíonn tuairimí agus conclúidí an tuaraisc sin na rudaí a fheicimid ag tarlú sna ceantair Gaeltachta. Is millteanach agus uafásach an scéal é nach í an Ghaeilge teanga baile beagnach 50% de na daltaí a théann ar scoil don chéad uair sna ceantair is láidre Gaeltachta. Is ceist iontach é sin. Níl freagra na ceiste sin agam. B'fhéidir gur féidir linn naíscoileanna a chur ar fáil ar fud na nGaeltachtaí, ionas go mbeidh deis ag daltaí an Ghaeilge an fhoglaim sa naíonra sula dtéann siad go dtí an bhunscoil. B'fhéidir gur chóir dúinn dhá chineál scoileanna a fhorbairt sa Ghaeltacht — scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar an teanga teagaisc agus labhartha, agus scoileanna eile dos na tuismitheoirí atá ag iarraidh a gcuid páistí a theagasc trí Béarla.

Ar ndóigh, tháinig an cheist sin chun cinn go mór le cúpla seachtain anuas i gCorca Dhuibhne. Tá conspóid mór sa Daingean mar go bhfuil cuid de na tuismitheoirí ann ag iarraidh a gcuid páistí a theagasc trí Bhéarla agus tá cuid eile acu sásta leis an Ghaeilge. Ní shílim go bhfuil sé sin réitithe go fóill. Cé gurb é an Béarla an teanga fá choinne an chuid is mó de na hábhair a theagasc i Gairmscoil Mhic Diarmada ar Árainn Mhór i mo dháilcheantair fhéin, tá áthas orm a rá go bhfuil malairt tuairime ag teacht ar muintir na háite anois. Tá pobailbhreith le chur ar siúl ar an oileán, i measc tuismitheoirí an lá inniu agus an lá amárach, chun a fháil amach cé acu teanga ab fhearr leo. Fanfaimid go dtí go gheobhaimid amach cinneadh na hoileánaigh.

Tá an-chuid moltaí sa staidéar teangeolaíoch. Cé go raibh an choimisiún ag déanamh taighde le cúig bliana anuas, bhí orainn fanacht beagnach bliain go dtí gur gcuireadh an tuairisc ar fáil. Bhí an Aire agus an Roinn ag suí ar an staidéar le bliain anuas, ach tá sé curtha ar fáil anois. Tá an dealramh ar go bhfuil fochoiste den chomhaireacht chun breathnú air ar feadh bliain nó dhó eile. Dúirt an Aire nach mbeidh ann ach bliain — féachfaimid más mar sin é. De réir an tuairisc, muna ndéantar rud éigin taobh istigh de achar ghearr — caithfimid na moltaí a chur i bhfeidhm, mar shampla — b'fhéidir go mbeidh na ceantair is láidre Ghaeilge i láthair na huaire ar an chaighdeán chéanna leis na ceantair is laige taobh istigh de 20 bliain. Tá sé cinnte go bhfuil brú uafásach ar an Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta. Tá na staitisticí ann. Chuir an choimisiún an obair agus an saothar isteach ann. Ní féidir linn é a bhréagnú.

Is féidir leis an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúla na tíre seo, is féidir linn Acht na dTeangacha Oifigiúla a bheith againn agus is féidir linn an Ghaeilge a dhearbhú mar theanga oifigiúla ag leibhéal na hEorpa, ach muna féidir linn dul i bhfeidhm leis na ghnáthdaoine atá ina gcónaí sna Gaeltachtaí agus an taoide seo a stopadh agus a chasadh ar ais, is cinnte go mbeidh muid i bponc. Is glaoch géibhinne, nó distress call, í an tuairisc seo. Caithfimid rud éigin a dhéanamh go práinneach. Tá straitéis náisiúnta againn maidir leis an Ghaeilge a chur chun cinn go náisiúnta. Tá moltaí an staidéar teangeolaíoch againn chomh maith. Ba mhaith liom a fháil amach an bhfuilimid ag dul i mbun comhoibriú. An bhfuil na grúpaí éagsúla chun teacht le chéile? An mbeidh siad ag teacht salach ar a chéile?

Ag deireadh na scéala, sílim go bhfuil an tuairisc faoin Ghaeltacht chun ualach uafásach a chuir ar an chóras oideachais. Ní shílim go bhfuil na hachmhainní ag an chóras sin chun an scéal seo a réiteach. Tá múinteoirí oilte ag obair i scoileanna Gaeltachta ina bhfuil an Bhéarla mar teanga teaglaigh ag leath na ndaltaí. Mar nach bhfuil ábhair agus áiseanna eile ar fáil, caithfaimid díriú isteach agus rud éigin a dhéanamh ar son chúrsaí oideachais. Is iar-mhúinteoir mé féin. Nuair a bhí mé ag caint le múinteoirí aréir, dúirt siad liom gurb í an dátheangachas an deacracht is mó atá acu sna scoileanna Gaeltachta. Tá na teaghlaigh beagnach dátheangach de thairbhe. Caithfimid dul i bhfeidhm ar na teaghlaigh. Is é ceann de moltaí an staidéar teangeolaíoch ná gur cheart dúinn deontais a thabhairt do theaghlaigh sa Ghaeltacht. Níl mé ag caint faoi scéim labhartha na Ghaeilge. Áitítear gur cheart deontas fiúntach de €5,000 a chuir ar fáil chun a dhéanamh cinnte gurb í an Ghaeilge an teanga teaghlaigh. Is moladh úr agus réabhlóideach é sin. Bhí comhartha ceiste agam i gcónaí mar gheall ar daoine a íoc as teanga a labhairt. B'fhéidir go gcaithfimid smaoineamh ar a leithéad de phlean. Tá sé molta go ndéanfaí cigireacht ar an scéim. Cén dearcadh ata ag an Aire faoi sin?

Tuigim ó tuairiscí a tháinig amach seachtain ó shin go bhfuil an t-Aire sásta €3,000 sa bhliain a thabhairt d'fheirmeoirí a ligeann do dhaoine siúl ar a gcuid talamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.