Dáil debates

Thursday, 8 November 2007

Irish Language: Statements

 

12:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Níl aon amhras ach gurb é an rud is tabhachtaí atá tarlaithe ó thaobh na Gaeilge de le bliain anuas ná seoladh ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge ag ócáid i dTeach bhFarmleigh mí na Nollag seo caite. Ba é seo an chead ráiteas dá leithead a cuireadh amach le beagnach 40 bliain.

Ar ndóigh, ba é an príomh cinneadh a fógraíodh mar chuid den ráiteas ná go n-ullmhófar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Is léir go bhfuil an-spéis ag daoine i ráiteasaí faoin nGaeilge. Muna bhfuil spéis an an bhFreasúra ann is dócha gur fearr an rud a chur ar athló. Is minic a bhíodh sé le cloisint roimhe seo nach raibh aon straitéis no plean fadtéarmach náisiúnta ann don Ghaeilge agus nach raibh aon fhís ag an Rialtas maidir le forbairt na Gaeilge don ghlúin atá amach romhainn. Is chun dul i ngleic leis an ndúshlán sin gur chinn an Rialtas gur ceart straitéis 20 bliain a fhorbairt. Tá súil agam go mbeidh an straitéis nó an plean 20 Bliain seo ullmhaithe faoi cheann bliana.

Má bhaineann an straitéis 20 bliain don Ghaeilge leis an aimsir atá amach romhainn, baineann go leor eile de thionscnaimh an Rialtais i leith na Gaeilge leis an aimsir láithreach. Ar ceann de na cinn is tabhachtaí ar fad daoibh sin tá an Acht Teanga atá ar an saol anois go maith os cionn ceithre bliana.

Tá sé i gcéist go mbainfí amach spriocanna an Achta go príomha trí scéimeanna teanga a aontaítear idir mise mar Aire agus comhlachtaí poiblí aonair. Is creat pleanála a bhfuil stádas reachtúil aige é scéim teanga go mbíonn tréimhse trí bliana aige agus a bhíonn le hathnuachan nuair a bhíonn an tréimhse trí bliana sin istigh. Go dáta, tá 69 scéim teanga a chlúdaíonn 124 comhlacht poiblí, mo Roinn féin ina measc, daingnithe agam agus foilsithe. Chomh maith le sin, tá 59 scéim teanga eile á bplé ag mo Roinn leis na comhlachtaí poiblí atá i gceist le súil go mbeidh siad daingnithe agus foilsithe a luaithe agus is féidir. Ní fada anois go mbeidh tréimhsí na gcéad scéimeanna teanga a d'aontaíodh istigh agus tá mo Roinn ag díriú anois ar an gcur chuige cur ceart a bheith againn agus an dara babhta de scéimeanna a athnuachan againn leis na comhlachtaí poiblí lena mbaineann siad.

Leagtar síos in alt 9(1) den Acht gur féidir liom mar Aire rialacháin a dhéanamh maidir le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla i bhfógairtí béil, ar stáiseanóireachta, ar chomharthaíocht nó ar fhógráin. Anuraidh leag mé os comhair gach Teach den Oireachtas dréacht-rialacháin a bhain le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla ag comhlachtaí poiblí i bhfógairt béil réamh-thaifeadta, ar stáiseanóireacht agus ar chomharthaíocht. Ghlac an Dáil agus an Seanad ar aon leis na dréacht-rialacháin seo ar 14 Nollaig 2006. Ina dhiaidh sin, agus ar mholadh ó bhall den choiste, an Seanadóir O'Toole, scríobh mó Roinn chuig gach comhlacht poiblí atá clúdaithe ag an Acht chun deis eile a thabhairt dóibh a gcuid tuairimí a nochtadh faoina dréacht-rialacháin sular shínigh mé iad. Tá an próiseas comhairliúcháin sin críochnaithe anois agus tá mé ag súil go mbeidh mé in ann na rialacháin a dhéanamh go han-luath tar éis tuilleadh plé leis an gcoiste cuí. Níl mé ag rá go bhfuil moill ann ach sin an fáth nach bhfuil siad daingnithe agam. Shíl mé go mb'fhearr dul ar ais chuig an coiste agus cur i láthair a dhéanamh faoina haighneachtaí a fuair mé agus ansin a rá deis a thabhairt don choiste a thuairimí a nochtadh faoina gníomhaíochtaí atá i gceist a thógáil de thoradh na n-aighneachtaí seo.

I mí Iúil 2003, síníodh an tAcht ina dhlí agus tá gach cuid de i bhfeidhm ó mhí Iúil anuraidh. Is fiú dúinn breathnú siar ar an phointe seo agus féachaint cén tionchar a bhí ag an Acht go dtí seo, go mór-mhór ó thaobh mar atá sé imithe i bhfeidhm ar chomhlachtaí poiblí. Díol spéise ar leith a bhí ann domsa a fheiceáil le déanaí gur fhógair an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí go raibh painéal ar leith le bunú ag an tseirbhís de dhaoine le líofacht sa Ghaeilge i bpríomh-ghráid earcaíochta na Státseirbhíse — i. oifigeach cléireachais agus oifigeach feidhmiúcháin. Is cinnte gur dul chun cinn suntasach é seo a léiríonn go bhfuil an tAcht ag dul i bhfeidhm i gceart ar chomhlachtaí poiblí. Tuigeann comhlachtaí poiblí anois gur ann do phobal na Gaeilge, gur mian leo leas a bhaint as seirbhísí Gaeilge ach iad a bheith ar fáil, agus mar sin, gur gá do na comhlachtaí féin dóthain bhall foirne le Gaeilge a bheith acu chun freastal a dhéanamh ar an éileamh sin. Tréaslaím leis An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí as na comórtais seo a reachtáil. Tá sé tábhachtach anois a chinntiú go mbeidh líon mór iarrthóirí istigh ar na comórtais mar tá na poist ann.

Ag féachaint romhainn is fiú dúinn a bheith ag smaoineamh anois ar sciar nó céatadán áirithe do phoist nó folúntais de chuid na seirbhíse poiblí a bheith líonta le daoine cáilithe a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu, chomh maith le Béarla, bíodh siad laistigh no lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá léargas tugtha agam sa Teach seo go minic faoi na nithe atá curtha i gcrích agus mar sin níl i gceist agam iad a liostáil anseo arís. Ó tharla áfach go bhfuil an cheist ardaithe sna meáin arís le cúpla lá anuas, agus go deimhin go bhfuil ceist Dála faoi ón Teachta O'Shea inniu, ba mhaith liom tagairt ar leith a dhéanamh uair amháin eile don chostas a bhaineann le haistriúcháin.

Ba mhaith liom a mhíniú arís eile gurb é an t-aon dualgas reachtúil atá ar chomhlachtaí poiblí faoi láthair maidir le haistriú cáipéisí go Gaeilge ná an dualgas a thiteann orthu faoi alt 10 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Faoi alt 10, tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí cionroinnt an-teoranta d'eochair-cáipéisí a aistriú, mar shampla, tuarascálacha bliantúla agus cáipéisí a leagann amach tograí beartais phoiblí ar nós páipéir uaine no bán. Is eochair-cáipéisí iad seo ina bhfuil comhlachtaí poiblí freagrach don gnáth-phobal, dá gcustaiméirí, agus dúinne mar Bhaill den Oireachtas maidir le comhlíonadh a ndualgas poiblí.

Tá dhá theanga oifigiúil sa tír seo agus feictear domsa — go deimhin, bhí gach éinne sa Teach seo ar aon intinn faoi seo nuair a bhí an tAcht seo á phlé againn mar Bhille — go bhfuil an ceart ag an saoránach cáipéisí don chineál seo a bheith ar fáil sa dá theanga oifigiúil. Comhionannas i soláthar seirbhís phoiblí atá ann. Go deimhin, ní mór dom a rá chomh maith gur iarradh orm, le linn na díospóireachta ar an mBille, glacadh le leasúcháin a chiallódh go mbeadh sé de dhualgas ar chomhlachtaí réimse níos leithne de dhoiciméid a fhoilsiú go dátheangach agus go comhuaineach, ach nár ghlacas leis na leasaithe a moladh.

Gan amhras, níl sa chostas aistriúcháin ach céatadán beag den chostas iomlán a bhaineann le doiciméid den chineál seo a chur ar fáil agus go deimhin is costas suarach agus fánach é i gcomhthéacs buiséad riaracháin formhór na gcomhlachtaí poiblí. Is amhlaidh, áfach, go dtarraingíonn costais aistriúcháin aird ar leith mar gur cosúil nach mbíonn sé de acmhainn ag go leor comhlachtaí seirbhís aistriúcháin a sholáthar iad féin agus gur gá dóibh mar sin leas a bhaint as saineolas ón dtaobh amuigh. Tá bealaí éifeachtacha ann chun costais a laghdú, go háirithe má chuirtear na cáipéisí ar fáil ar an Idirlíon le híoslódáil seachas an iomarca cóipeanna a chur i gcló.

Tarraingíodh aird ar an ábhar seo níos luaithe an tseachtain seo i gcás Comhairle Contae Chorcaigh agus tá sé suntasach go bhfuil tuairisc sa nuachtán laethúil Gaeilge inniu ag tuairisciú go ndearna 3,667 duine leagan Gaeilge de na pleananna áitiúla i gContae Chorcaigh a íoslódáil, saor in aisce ó shuíomh Idirlín na comhairle. Cén fáth a mbacfadh éinne leis an chóip chrua a fháil nuair tá sé in ann dul isteach agus an píosa atá uaidh a íoslódáil? Faighim go leor de na tuarascálacha seo sa phost agus dá mbeinn chun iad uilig a léamh, bheadh an oifig lán. Má bhíonn an tuarascáil de dhíth orm arís, téim ar líne agus faighim an chuid den tuarascáil atá uaim. Tá laghdú mór ar na cáipéisí atá ag dul amach i gcóip-chrua ag Airí agus is rud maith sin. Tá chóir a bheith gach tuarascáil bhliantúil ar fáil ar an Idirlíon anois.

Anuas ar sin, ba mhaith liom a rá, mar atá a fhios ag na Teachtaí go rí-mhaith, go bhfuil méadú ar na meáin Ghaeilge le blianta beaga anuas, gan trácht ar mic léinn, srl., a bhaineann agus a bhainfidh úsáid rialta as na cáipéisí seo. Ní fíor a rá agus ní ghlacaim leis gur beag an tairbhe don Ghaeilge agus do lucht labhartha agus úsáide na teanga cáipéisí dá leithead a bheith ar fáil i nGaeilge. Is a mhalairt ar fad de thuairim a bheadh agam mar go dtugann siad deis don teanga téarmaíocht nua a chruthú agus cruthaíonn sé freisin gur féidir leis an teanga maireachtáil mar theanga bheo san saol teicneolaíochta, cumarsáide seo.

I mí Mheitheamh na bliana 2005, chinn Comhairle na nAirí an Aontais Eorpaigh go mbeadh stádas mar theanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais ag an nGaeilge ón gcéad lá d'Eanáir 2007. Ar ndóigh, tháinig an chinneadh seo i bhfeidhm ag tús na bliana seo. Baineadh amach an stádas seo don Ghaeilge tar éis feachtais láidir ón Rialtas a raibh tacaíocht aige ó na páirtithe uilig i nDáil Éireann agus ó eagraíochtaí Gaeilge mar Chonradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Stádas.

Roimhe seo, bhí conarthaí agus cáipéisí áirithe á n-aistriú go Gaeilge, ach as seo amach beidh i bhfad níos mó doiciméad i nGaeilge á gcur ar fáil. Tá sé anois de cheart ag comhaltaí na hÉireann an Ghaeilge a labhairt sa Pharlaimint sna tosca ceanna ina labhraítear an 20 teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais. Beidh iarrthóirí ar phoist de chuid an Aontais in ann an Ghaeilge a chur san áireamh chun riachtanais teanga a chomhlíonadh ar an mbonn céanna le haon teanga oifigiúil eile.

Tá an Rialtas ag obair le Coimisiúin na hEorpa chun a chinntiú go mbeidh na hacmhainn ar fáil chun freastal ar an stádas atá ag an nGaeilge. Tá ciste ar leith bunaithe ag mo Roinn chun maoiniú a chur ar fáil le haghaidh sainchúrsaí tríú leibhéal sa Ghaeilge. Cinnteoidh na sainchúrsaí seo go mbeidh leordhóthain ateangairí, aistritheoirí agus dlíodóirí-teangairí ar fáil chun freastal a dhéanamh ar riachtanais an Aontais Eorpaigh ó thaobh na Gaeilge de.

Chomh maith le sin, tá córas creidiúnaithe d'aistritheoirí forbartha ag Foras na Gaeilge ar iarratas uaimse. Chomh maith le bheith ina áis thar a bheith tábhachtach ó thaobh chúrsaí aistriúcháin sa mbaile, beidh an córas seo ina chúnamh tábhachtach ó thaobh soláthar aistritheoirí Gaeilge don AE. Tá dhá sheimineár reáchtáilte ag Foras na Gaeilge go dáta, i gcomhar le Coimisiún na hEorpa, chun aistritheoirí a chur ar an eolas faoi folúntais d'aistritheoirí Gaeilge sa Choimisiún. Cheana féin, tá an caighdeán cuí faoin gcóras bainte amach ag 97 iarrthóir.

Bhí go leor moltaí ag Coimisiún na Gaeltachta, ceann acu ná go dtabharfar stádas oifigiúl oibre don Ghaeilge, agus baineadh sin amach. Bhí tuairim agus 20 moltaí i dtuarascáil Coimisiún na Gaeltachta agus tá formhór na moltaí sin curtha i bhfeidhm, nó gníomhachtaí sonracha tógtha orthu. Maidir leis an staidéar teangeolaíochta, d'eascair sé sin as tuarascáil Coimisiún na Gaeltachta. Tá dianstaidéar déanta againn air agus ar na moltaí atá ann. Tá cuid acu inchurtha i bhfeidhm agus cuid eile a mbeidh deacair a chur i bhfeidhm. Tá deis gníomhú ar an cheist anois agus tá coiste comh-aireachta le bunú. As seo go ceann bliana, beidh plean gníomhaíochta á réitiú.

Tá plé mór le déanamh. Tá dhá thaobh sa mheá. Tá daoine ann a chreideann nach fiú ach díriú ar an bhfíor Ghaeltacht, mar a thugtar air, is é sin, na ceantair ina bhfuil ós cionn 67% den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Ceaptar go mba ceart an iarracht ar fad a dhíriú ar na ceantair sin agus beag beann a dhéanamh de na cheantair eile. Is teoiric spéisiúil í, ach is ceann teangeolaíoch í a bhfuil laige ag baint léi. Tá sé thar a bheith spéísiúil nach maireann aon cheantar taobh amuigh den Ghaeltacht ina bhfuil aon rian de chainteoirí laethúla Ghaeilge a bheadh thar an meán, mar shampla, iarthar an Chláir, Béara nó sna ceantair ina raibh Gaeilge fairsing go maith nuair a bunaíodh an Stát, áiteanna a baineadh amach agus a cuireadh taobh amuigh de theorann na Gaeltachta. Tá sin le feiceáil má thógann muid ceantair ina bhfuil, mar shampla, 40% den phobal ag labhairt na Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Sin an t-uafás daoine le hais nó taobh amuigh den Ghaeltacht. Má bhaintear an dream sin as an Ghaeltacht, tá cruthúnas láidir ann go n-ísleoidh siad iad féin an-tapaidh go dtí an leibhéal atá ar fáil taobh amuigh den Ghaeltacht. Ní dócha gur sin a theastaíonn ó dhuine ar bith.

Glacaim leis go gcaithfidh na pleananna díriú ar na ceantair Gaeltachta ar bhealaí éagsúla. Ní chreidim, áfach, gur tairbhe na Gaeilge ná na Gaeltachta í ceantair ina bhfuil an Ghaeilge fós i bhfad níos láidre ná mar atá sí taobh amuigh dóibh a bheith bainte amach as an nGaeltacht. Tá ceantair áfach, mar shampla Béal an Mhuiread, agus is féidir a rá chomh fada siar le 1966 gur beag an cás a bhí acu, fiú ag an am sin, iad a chur isteach sa Ghaeltacht. Go deimhin, is beag an difríocht atá idir iad agus na ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá cuid acu siúd i mo dháilceantar féin, thart ar chathair na Gaillimhe. Tá ceist mhór le freagairt faoi na cheantair sin agus tá próiseas leagtha amach sa tuarascáil teangeolaíochta faoi cén chaoi is ceart díriú ar na ceantair sin. Creidim go bhfuil fiúntas leis na moltaí sin, is é sin, go gcaithfidh na pobail sin rogha a dhéanamh, go gcaithfear plean a leagan amach agus deis a bheith acu an plean a chur i bhfeidhm. Mura gcuirtear i bhfeidhm ansin é, is cóir go mbeidh siad taobh amuigh. Má thograíonn siad gan plean a réiteach agus gan a bheith páirteach sa Ghaeltacht, caithfear cinneadh sciopaidh a dhéanamh.

Creidim go bhfuil an-bhunús leis an chur chuige sa staidéar teangeolaíochta, ach do na ceantair a mbeidh sásta plean a réiteach agus a chur i bhfeidhm. Caithfimid an oiread oibre a chur sna ceantair sin agus a cuirtear sna ceantair láidre Gaeltachta, ach é a dhéanamh ar bhealach éagsúil. Sin an léamh atá agam as an staidéar teangeolaíochta. Is cosúil, áfach, go bhfuil léamh eile ag daoine eile a chreideann nach ceart mórán a dhéanamh taobh amuigh de na ceantair láidre Gaeltachta. Ní ghlacaim gur sin a bhí i gceist ag údar na tuarascála, ná gur leas na Gaeilge an cur chuige sin. Creidim go bhfuil staidéar fíor-láidir ann gurb é a tharlódh sa chás sin ná go dtiocfadh meath an-sciopaidh ar na sciatha cosanta atá ag na bhforbartha, ó thaobh na Gaeltachta de, agus go lagfadh ansin an croí iontu, go mór mar nach mbeadh na ceantair idir eatharthu ann níos mó.

Bhí sé thar a bheith spéisiúil dul thart ag Oireachtas na Gaeilge. Bhí trí aicme duine ann, iad ar fad ag labhairt Gaeilge, an dream as an bhfíor-Ghaeltacht, go leor as na Gaeltachtaí nach bhfuil chomh láidir ach atá dílis don Ghaeilge, agus an-chuid daoine ó thaobh amuigh den Ghaeltacht. Bhí siad ar fad go sona sásta lena chéile ag labhairt na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.