Dáil debates
Thursday, 1 November 2007
Community Development.
3:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Tá sé suntasach go bhfuil an dá cheantar atá luaite agam, Cloch Cheannfhaola agus an Ghaeltacht Láir, luaite freisin sa tuairisc a chur an Aire ar fáil i gCathair na Mart aréir, mar cheanntair i nGaeltacht Dhún na nGall ina bhfuil an Ghaeilge láidir. Tá siad i rann "A" ó thaobh labhairt na Gaeilge, 66% nó níos mó. Ina measc tá na ceanntair thart ar Ghort an Choirce, an Fhálcarrach agus Gleann Fhinne. An aontaíonn an Aire liom go gcaithfimid tosaíocht a thabhairt do cheantair mar sin ina bhfuil an Ghaeilge níos láidre ná an meán? Dá bhrí sin, an gcuirfidh sé in iúl do na húdaráis gur cóir dóibh gach iarracht a dhéanamh sna háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge láidir tacaíocht eacnamaíochta agus fostaíocht a thabhairt chuig na ceantair sin sa dóigh go mairfidh an cás mar atá agus nach rachfaidh sé ar cúl mar a tharla i gceantair "B" agus "C"? Ar an droch uair, tá níos mó díobh sin sna Gaeltachtaí ná mar atá sna ceantair atá i ngrúpa "A".
No comments