Dáil debates
Thursday, 1 November 2007
Community Development.
3:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh. 41 ar 24 Aibreán 2007.
Mar is eol don Teachta, tá iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh ag Údarás na Gaeltachta chun fostaíocht a ghiniúint sna ceantair Ghaeltachta, Cloich Chionnaola agus an Ghaeltacht Láir ina measc.
Déantar é seo trí thacaíocht d'fhiontraithe áitiúla agus trí infheisteoirí sheachtracha a mhealladh isteach iontu. Tuigtear dom go bhfuil athscrúdú á dhéanamh ag an Údarás ar an gcur chuige maidir le forbairt agus cruthú fostaíochta sna ceantair thearcfhorbartha i gcoitinne agus go mbeidh beartas fócasaithe ina leith sin á chur os comhair Bhord an Údaráis go luath.
No comments