Dáil debates

Thursday, 30 March 2006

12:00 pm

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Fáiltím roimh an deis roinnt smaointe a nochtadh mar gheall ar cheist na teanga Ghaelach. Is annamh a bhíonn seans agam tacaíocht a thabhairt don mhéid a bhí le rá ag an Teachta Joe Higgins mar gheall ar an Bhlascaod Mór. Is áit stairiúil, iargúlta, ársa, spioradálta é an t-oileán sin, agus ba cheart go mbeadh sé i seilbh an phobail. Má tá seans ag an Aire luí ar a chomhghleacaithe sa Rialtas é sin a dhéanamh, chuirfinn fáilte roimhe.

Bhí alt ag Pól Ó Muirí in eagrán The Irish Times inné mar gheall ar an mhéid a bhí le rá ag David McWilliams ag Tóstal na Gaeilge i nGaillimh tamall ó shin. Dúirt sé roinnt rudaí atá suimiúil, agus ceapaim go bhfuil siad tábhachtach. Labhair McWilliams don chuid is mó do mheánaicme Bhaile Átha Cliath agus ar an athrú meoin atá tagtha anois i dtaobh na teanga de. Tá siad toilteanach cluas éisteachta a thabhairt don soiscéal Gaelach. Bhí sé dóchasach go raibh deis anois ann iad a mhealladh i dtreo na teanga agus go labhróidís í anois agus arís. Thuigfeá as caint McWilliams go raibh earra na teanga faiseanta faoi láthair. Is é an cheist a chuirfeá ort féin faoina léargas na cén fhad a mhairfidh an faisean agus, ar bhonn fealsúnachta, an féidir le lucht na teanga caidreamh a bhunú le meánaicme an Bhéarla a mhairfeadh agus a bheadh éifeachtach?

Éilíonn teanga umhlaíocht ar chainteoir, is é sin, ní féidir le duine ar bith teanga a cheannach. Ní féidir le cainteoir seilbh a bheith aige uirthi mar a bhíonn aige ar teach saoire sa Phortaingéil nó ar bhallraíocht den K Club.

Is dócha gurb é an deá-scéal ná conas na sléibhte a bhaint amach, conas ceann a chur ar an turas agus an chéad ghlúin eile a chur ar bhealach a leasa agus a labhartha. In ainneoin phríomhaíocht bhunreachtúil na Gaeilge mar an phríomhtheanga oifigiúil, mar is eol do Theachtaí, tá staid agus todhchaí na Gaeilge mar theanga labhartha faoi fíor-bhagairt, fiú amháin sna ceantair Ghaeltachta. Roimh achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla, ní raibh aon reachtaíocht ann chun a chinntiú go gcuirfí seirbhísí ar fáil sa Ghaeilge. Mar thoradh ar an easpa reachtaíochta sin, bhí sé deacair a chur ina luí ar chomhlachtaí Stáit go raibh cearta ag saoránaigh i dtaca le soláthar seirbhísí trí Gaeilge. Seachas cothrom na féinne a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge, más ón nGaeltacht nó lasmuigh dóibh, bhí meon ann go forleathan gur leor seirbhísí a chur ar fail i mBéarla amháin.

D'ullmhaigh Bord na Gaeilge, mar a bhí ag an am sin, treoirlínte i 1993 maidir le seirbhísí Stáit a chur ar fáil i nGaeilge, ach níl aon dabht nár tugadh mórán aird orthu sin go forleathan ar aon chuma. Bhí sé soiléir nach n-éireodh go maith le tionscnamh deonach ar bith, is cuma cé chomh deá-rúnach is a bhí sé, gan creat pleanála ar leith a bheith ag gabhail leis a bhí bunaithe ar riachtanais theangeolaíochta éagsúla.

Is é an tAcht seo an chéad reachtaíocht ina leagtar síos próiseas pleanála reachtúil chun a chinntiú go gcuirfidh comhlachtaí poiblí níos mó seirbhísí ar fail i nGaeilge agus ar chaighdeán níos airde. An cur chuige atá roghnaithe san Acht ná meicníocht a chur i bhfeidhm chun go mbainfear amach an cuspóir seo ar bhealach réasúnach agus ar bhonn céimnithe, comhpháirtíochta. Is ar chomhaontú a bhaint amach atá an bhéim, bunaithe ar mhodh pragmatach, atá deartha chun fíor-fheabhsuithe a bhaint amach go gearrthéarmach, agus chun tógáil ar an gclár oibre ionas go gcinnteofar tuilleadh feabhsuithe de réir a chéile i rith na meán-tréimhse agus na fad-tréimhse. Go bunúsach, is é atá i gceist san Acht ná modh pleanáilte agus straitéiseach lena gcuirfear, ar thaobh amháin, na h-acmhainní comhlachta maidir le scileanna Ghaeilge agus go dtabhairfear aitheantas, ar an dtaobh eile, do riachtanais daoine a dteastaíonn uathu an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an comhlacht sin.

Mar is eol dúinn go léir, bainfear bun-chuspóir an Achta amach go príomha trí na scéimeanna teanga atá le hullmhú ag comhlachtaí poiblí, ar iarratas ón Aire agus atá le daingniú aige chomh maith. Trí ná scéimeanna comhaontaithe seo, tá sé i gceist go mbeidh seirbhísí poiblí ar chaighdeán níos airde ar fáil do chainteoirí Gaeilge. Tá imní orm mar gheall ar sin agus ní dóigh liom go bhfuil an plean sin ag dul i gcrích tapaidh go leor. Táthar ag feidhmiú na seirbhísí seo de réir a chéile ar bhealach comhleanúnach, pleanáilte agus aontaithe.

Feidhmíonn Acht na dTeangacha Oifigiúla ar dhá bhealach. I dtaca leis na scéimeanna de, ní miste a lua go bhfuil os cionn 20 scéim daingnithe go dáta agus go léiríonn na scéimeanna teanga sin go bhfuil cur chuige réadúil agus praiticiúil glactha ag comhlachtaí poiblí maidir le soláthar níos fearr de sheirbhísí trí Ghaeilge a sheachadadh, ag tógáil san áireamh cumas na n-eagras sin ó thaobh na n-acmhainní daonna agus airgeadais atá ar fáil dóibh. Leagtar béim ar leith sna scéimeanna ar a thábhachtaí is atá sé cumas Gaeilge na mball foirne a fheabhsú trí oiliúint agus sainchúrsaí cuí a chur ar fáil dóibh.

Sá chomhthéacs seo, tá Roinn na Gaeltachta ag obair go dlúth le Foras na Gaeilge, Gaeleagras na seirbhíse poiblí, an Foras Riaracháin agus institiúidí tríú leibhéal chun a chinntiú go gcuirfear leis an soláthar sainchúrsaí atá dírithe ar riachtanais na hearnála poiblí i ndáil le cur i bhfeidhm an Achta, ar a n-airítear córas dearbhúchain do cháilíochtaí i seirbhísí aistriúcháin, córas creidiúnaithe d'oiliúint Ghaeilge, sainchúrsaí oiliúna Gaeilge agus bunachar sonraí leictreonach de chomharthaí caighdeánacha. An bhfuil fhois ag an Aire cathain a bheidh an post i bhForas na Gaeilge líonta? Ba cheart go líonfar é go luath agus tá seo riachtanach Tá fhois agam go mbeidh an tUasal Mac Donnacha sa phost sin ar feadh cúpla mí eile.

Ag tabhairt airde ar a h-áit mar an chéad teanga oifigiúil, is é an sprioc ná a chinntiú go bhféachtar ar sheirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil mar ghnáth-rud atá riachtanach chun cloí le híos-chaighdeáin seirbhísí chustaiméara agus rialú corparáideach agus nach díreach seirbhís roghnach sa bhreis atá ann. An méid sin ráite, is gnó do na comhlachtaí poiblí féin, ar ndóigh, a chinntiú go gcomhlíonfar na dualgais a thiteann orthu faoin Acht sa chaoi chéanna agus a chomhlíontar dualgais faoi aon reachtaíocht eile, is cuma cé Béarla nó Gaeilge é.

Tá daoine ann a deireann gur airgead amú caiteachas an Stáit ar an Acht seo agus gur fearr go mór an caiteachas sin a dhíriú, mar shampla, ar théacsanna Gaeilge a chur ar fáil don córas oideachais. Chuala mé an Aire ag rá go minic, de réir Bunreacht na hÉireann, is í an Ghaeilge céad teanga oifigiúil an Stáit. Ní féidir aon athrú a dhéanamh ar an stádas seo ach amháin trí chinneadh ag muintir na hÉireann i reifreann. Tá sé de dhualgas ag an Stát mar sin tacú leis an Ghaeilge a fhad is go bhfuil an stádas bhunreachtúil seo aige. Tá súil agam go leanfaidh an stádas sin le fada an lá.

Déanadh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a dhréachtadh de réir chomhairle an Ard-Aighne le feidhm a thabhairt do stádas bunreachtúil na teanga. I 2004, bhí feachtas láidir ann ag cuardach stádas oifigiúil agus oibre don teanga Ghaeilge san Aontas Eorpach, feachtas a fuair tacaíocht ó gach aon páirtí ins an dTeach seo. Tá stádas oifigiúil teanga agus oibre faighte ag an nGaeilge san Aontas Eorpach a thiocfaidh i bhfeidhm i 2007. Nach ait go bhfuil eadarsan ann a thacaigh leis an bhfeachtas maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach in aghaidh caiteachais ar an teanga sa bhaile anseo? D'fhéadfaí a rá go bhfuileadar seo féin-bhréagnaitheach. Bheadh sé aisteach tar éis stádas oifigiúil teanga a chuardach muna mbeadh polasaithe cuimsitheacha ag an Stát in Éirinn a thacódh leis an teanga mar chéad teanga oifigiúil an Stáit seo de réir soláthair bunreachtúil na Gaeilge agus de réir an bhreith maidir leis an stádas sin a thug an Cúirt Uachtarach i gcás Uí Bheoláin.

Leagann an Acht teanga amach go sonrach na cearta atá ag lucht labhartha na Gaeilge agus acu san gur mian leo Gaeilge a labhairt, ach leagann sé amach chomh maith socruithe praiticiúla leis an éileamh ar sheirbhísí i nGaeilge a shásamh ar bhonn phraiticiúil. Sin an méid. Leagfaidh gach scéim a shocraítear le chomhlacht phoiblí amach go cruinn sonraithe na cearta atá ag saoránaigh maidir le seirbhísí trí Ghaeilge a bheith á chomhlíonadh ag an gcomhlacht sin i rith tréimhse trí bliana ar leith.

Cuirim fáilte roimh an deis atá againn anseo. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, bheadh sé níos fearr dá bhféadfaimis úsáid a bhaint as an Ghaeilge níos minice agus gnáth-rudaí a phlé as Gaeilge. B'fhéidir go dtarlóidh sé sin amach anseo. Tá súil agam go mbeimid go léir anseo chun é sin a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.