Dáil debates

Thursday, 30 March 2006

12:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Ar aon chaoi, tá ceist eile maidir le hÚdarás na Gaeltachta. Bhí toghchán againn, agus bhí daoine sna bothanna toghcháin nach raibh Gaeilge líofa acu. Tá sé sin scannalach má táimid ag déileáil le ceist chomh mór sin. Is maith an rud é a chloisint ón Teachta O'Dowd de chuid Fhine Gael go raibh siad ag lorg go mbeadh gníomhairí teanga agus iad siúd atá báúil don Ghaeilge sásta teacht amach ar na sráideanna. Tá súil agam go mbeidh an pobal sásta teacht ar na sráideanna chun caiteachas ceart ar an Ghaeilge lasmuigh den chóras oideachais a lorg. Tá céimeanna chun tosaigh glactha, ach níl go leor á chaitheamh ar an dteanga. Tá níos móá chaitheamh ar na capaill agus na cúnna ná ar an Ghaeilge lasmuigh den chóras oideachais.

Ba mhaith liom pointe gairid eile a dhéanamh. Impím ar an Aire iarraidh ar an Taoiseach ceist Acht teanga don Ghaeilge sna Sé Chontae a bhrú ar Tony Blair agus iad ag bualadh le chéile an tseachtain seo chugainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.