Dáil debates

Thursday, 30 March 2006

11:00 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ba mhaith liom an pointe seo a chríochnú. Beidh mé ag éisteacht go cúramach lena mbeidh le rá ag na Teachtaí eile. Is dóigh liom go bhfuil cearta ag saoránach seirbhísí a fháil i dteanga oifigiúil an Stáit de réir an Achta. Má chuireann sé sin dua ar an Státchóras agus a bhfuil ag obair ann na cearta sin a chomhlíonadh, sin mar atá sé. Nuair a théimid ag obair sa tseirbhís phoiblí, agus nuair a thógann an Stát dualgas air féin, ní mór dúinn an dualgas sin a chomhlíonadh, is cuma cén dua a gcaithfimis a chur orainn féin.

Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle as ucht an deis cainte a fháil. Beidh mé ag éisteacht go cúramach lena mbeidh le rá ag mo chomhghleacaithe. Tá súil agam gur díospóireacht oscailte a bheas ann agus go nochtfar tuairimí go fírinneach, go hiomlán agus go hoscailte. Éistfimid leis, agus tá súil agam go mbeidh deis agam ag an deireadh díriú ar na ceisteanna agus freagraí a thabhairt orthu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.