Dáil debates

Wednesday, 15 February 2006

Official Languages Act 2003: Motion.

 

1:00 pm

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party)

Maidir leis an gceist ghinearálta faoin Ghaeilge agus cearta úsáide na Gaeilge sa tír, thóg an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, óráid shuimiúil ag Údarás na Gaeltachta míó shin. Chuir sé inár láthair go cruinn na fadhbanna a bhaineann le húsáid agus todhchaí na Gaeilge agus go bhfuil comharthaí dóchais ann fosta. Dúirt sé go bhfuilimid ar thairseach cinn de na tréimhsí is cinniúnaí i saol na teanga. Is eol dúinn go bhfuil difríochtaí móra idir stádas agus aitheantas oifigiúil ar lámh amháin agus an fhírinne phraiticiúil ar an lámh eile. I ndáiríre is anseo atá an fhadhb. Léiríonn an coimisinéir na buanna agus na deiseanna oifigiúla atá ag an Ghaeilge. Tá an-chuid ann, fiú amháin aitheantas bainte amach san Aontas Eorpach. Chomh maith leis sin, tá gaelscoileanna ag fás, rud dearfach atá ag titim amach.

Ach, nuair a thug sé le fios cad iad na fadhbanna, chuir sé iontas orm féin go dúirt Comhairle Oideachais Gaeltachta agus Gaelscoile go bhfuil fadhbanna anois i ndá thrian d'iarbhunscoileanna Gaeltachta múinteoirí a fháil agus go minic nach mbíonn de rogha ag scoileanna Gaeltachta ach múinteoir gan Ghaeilge a fhostú nó bheith gan mhúinteoir. Is fadhb mhór é sin agus is ceart go ndéarfadh an Rialtas cad é a dhéanfaidh sé faoin gceist úd.

Ó thaobh acmhainní de, aontaím go mór gur cheart níos mó airgid a chur isteach ar an leibhéal sin. Tá mé i bhabhar, ar ndóigh, gur cheart go mbeadh an cheart ag gach saoránach a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le haon Roinn agus go mbeadh cáipéisí ar fáil. Ó thaobh aisteoireachta de agus cá dtéann na hacmhainní, is ceisteanna tromchúiseacha iad seo.

Labhair mé sa Teach seo faoin gcontúirt atá roimh theangacha cosúil leis an Ghaeilge go bhfuil teangacha á gcailliúint ar fud an domhain agus dúirt an coimisinéir an rud céanna. Dá mbeadh plandaí, éanlaithe nó ainmhithe ar tí bheith caillte go deo, bheadh díomá mhór orainn agus dhéanfaí rírá faoi. Bheadh an-rírá faoi, ach is rud an-tábhachtach é saibhreas teanga d'aon náisiún nó d'aon phobal. Tá comharthaí dóchais ann. Bhíos mar aoi-chathaoirleach i ndíospóireacht a reachtáil Gael Linn i bPort Laoise an mhí seo caite le meánscoileanna a bhí ag déanamh díospóireachta. Ceann de na téamaí a bhí faoi chaibidil ná go bhfuilimid ag tógaint ár dtithe ar ghaineamh, téama teibí agus deacair. Chuir sé áthas an-mhór orm, áfach, caighdeán na díospóireachta a chloisint agus an smacht ar an Ghaolainn a bhí ag na daltaí meánscoile a bhí ag freastal ar an díospóireacht úd. Tréaslaím le Coláiste Rís, Dún Dealgan agus Coláiste na Coiribe i nGaillimh, a bhain amach bua sna díospóireachtaíúd.

Tá grúpa anois ar a nglaotar "iMeasc", grúpa inimirceach le Gaolainn líofa a bhfuil sé mar bhunsprioc acu inimircigh a spreagadh an Ghaolainn a fhoghlaim agus a úsáid má theastaíonn uathu é sin a dhéanamh. Tá súil agam go mbeidh cuid acu ag teacht ós ár gcomhair roimh i bhfad ag an choiste atá freagrach as gnóthaí pobail, tuaithe agus Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.