Dáil debates

Thursday, 9 February 2006

University College Galway (Amendment) Bill 2005 [Seanad]: Second Stage.

 

2:00 pm

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)

Tááthas orm deis a fháil labhairt ar Bhille an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú) 2005. Tríd is tríd, mar a dúirt urlabhraí an Chomhaontais Ghlais ar chúrsaí oideachais agus eolaíochta, an Teachta Gogarty, táimid ar son mholadh údaráis Ollscoil na hÉireann, Gaillimh mar gheall ar feabhas a chur ar sholáthar chúrsaí Gaeilge agus chultúr Gaeilge do mhic léinn na hollscoile agus na tíre go ginearálta.

Gan amhras, má táimid ag aontú leis an reachtaíocht i bprionsabal, tá a fhios againn go léir sa Teach seo nach leor reachtaíocht go minic chun cúrsaí a athrú go bunúsach. Táim go láidir den tuairim gur maith agus tábhachtach an rud é an díospóireacht seo chun, b'fhéidir, iniúchadh beag a dhéanamh ar cad eile a bheidh ag teastáil seachas an reachtaíocht le go mbeidh tionchar suntasach againn ar chúrsaí. Mar a dúirt Foinse ar 29 Eanáir, le déanaí ní raibh tionchar ar bith ag riail na Gaeilge ag 95% de cheapacháin sa choláiste. Dúirt an nuachtán freisin go bhfuil riail na Gaeilge i gceist i gcás ollaimh amháin as 15 a ceapadh le trí bliana anuas. Ní mór, mar sin, féachaint go géar ar an scéal sin agus na leasuithe atá á dtabhairt isteach. Cuirim fáilte roimh leasú na hollscoile agus táimid ag súil go mbeidh ár leasú féin chomh héifeachtach agus is féidir.

Tá sé tábhachtach go bhfuilimid ag díriú ar na rudaí seo. Tá réimse cúrsaí do mhic léinn le Gaeilge i gceist ar leibhéal amháin, agus caithfimid bheith cinnte de go bhfuil sé sin ann leis an bhorradh atá tar éis teacht ar an ghaelscolaíocht sa tír agus an tsuim atá ag go leor daoine freastal ar choláiste tríú leibhéil chun cúrsa a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Ní mór na cúrsaí sin a chur ar fáil. Chomh maith leis sin, áfach, tá suim mhór agam go pearsanta sa chuid sin den leasú a bhfuil tagairt ann do chultúr dátheangach cumarsáide. Tá suim mhór agam sa chuid sin den leasú mar dhuine atá ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta go deonach gach Aoine. Tá aithne agam ar go leor daoine nach raibh Gaeilge acu nó nach raibh suim acu sa Ghaeilge nuair a bhí siad óg. Anois tá siad ag freastal ar an teanga agus ag iarraidh go mbeadh an cultúr cumarsáide dátheangach sin ar fáil, ní amháin i gColáiste na hOllscoile ach níos leithne ná sin ar fud na tíre. Tá deis anseo ag an ollscoil an tosaíocht a thabhairt don tír ar fad ar conas is féidir cultúr cumarsáide dátheangach a chur ar fáil a bheadh éifeachtach agus a rachadh i bhfeidhm ar an bpobal. Níl a leithéid ann go dtí seo. Tá sé ar fáil i gCeanada agus i dtíortha eile a bhfuil cothrom na féinne iontu do na teangacha oifigiúla sa stát i gceist.

In Éirinn, áfach, tugtar faoi deara go bhfuil an Ghaeilge le feiceáil anseo agus ansiúd ach ní ar bhonn dátheangach. Agus mé ag dul go Trá Lí, thug mé faoi deara sa stáisiúin iarnróid go bhfuil an Ghaeilge agus an Béarla ann ó thaobh logainmneacha de ach bhí an Ghaeilge scríofa i ndúch oráiste agus an Béarla i ndúch dubh. Nuair a bhíonn sé dorcha tá an dath oráiste dofheicthe agus níl aon chuma go bhfuil muid i ndáiríre faoin Ghaeilge nuair a dhéantar sin. Sin sampla amháin den easpa dáiríreachta a bhíonn ann, cé go bhfuil cultúr cumarsáide dátheangach in ainm is a bheith ann.

Sa Teach seo agus i gcúrsaí Rialtais, cé go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla ann, arís, ó thaobh cultúr cumarsáide dátheangach, mar atá luaite sa leasú, níl sé ann go praiticiúil. Tá an clár Rialtais idir Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach agam agus ní luaitear go bhfuil leagan Gaeilge ar fáil. Tá an Ghaeilge ann mar an t-ábhar deireanach sa chlár. Bheinn ag súil má tá dátheangachas i gceist go mbeadh ar a laghad tagairt ann do leagan Gaeilge. Tá an clár caipitil don Roinn Airgeadais mar an gcéanna.

Tá feabhas tagtha le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Tá tionchar an Achta le feiceáil sa tuarascáil bhliantúil ón Gharda Síochána. Ní d'fhoghlaimeoir teanga é seo, áfach, tá sé ann ar mhaithe leis an Acht agus le riachtanais oifigiúla ach lena léamh as Gaeilge, caithfidh duine an leagan Béarla a chur bun os cionn agus tosú arís ag an chéad leathanach. Ó thaobh téarmaíochta, suim sa teanga agus an fhoghlaimeora, níl seans dá laghad go mbeadh an foghlaimeoir teanga ag caitheamh ama leis an Ghaeilge atá ann mar bheadh an téarmaíocht an-chasta. Ní bhíonn sé i rithim na cainte ag an chuid is mó daoine "robberies and aggravated burglaries where firearms were used in financial institutions". B'fhéidir go dtuigeann go leor daoine an Ghaeilge air sin ach leis an téarmaíocht Gaeilge a fháil, caithfear an tuarascáil a thiontú bun os cionn agus dul ar lorg an leathanaigh chéanna as Gaeilge. Tá ról tábhachtach ag Coláiste na hOllscoile Gaillimh féachaint nach dtarlaíonn an sórt sin raiméise, an cur amú airgid a tharraingíonn droch-chlú ar na hiarrachtaí díograiseacha atá ar siúl ag neart daoine úsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Tá a leithéid de chultúr forbartha i gCeanada agus bíonn Fraincís agus Béarla taobh le taobh ar leathanach amháin.

Tá sin níos leithne ná an leasú seo ach tá sé mar chuid den díospóireacht mar tá muid ag rá go bhfuil dualgas ar an choláiste cultúr cumarsáide dátheangach a chruthú agus a chur chun cinn ach má tá sé ag déanamh aithrise ar thosaíocht atá ag teacht ón Rialtas, teipfidh orthu. Tá eagla orm go dtarlóidh sin muna ndéanfar dianmhachnamh ar cad is cultúr cumarsáide dátheangach. Beimid ag súil leis an díospóireacht sin ach le cúnamh Dé beidh an reachtaíocht ann ar dtús báire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.