Dáil debates

Thursday, 9 February 2006

University College Galway (Amendment) Bill 2005 [Seanad]: Second Stage.

 

2:00 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)

Ó thaobh polaitíochta de, an dtabharfadh sí a tacaíocht don leasú? Táimid an-bháúil don teanga agus an rud atá á dhéanamh ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá an éigeantacht bainte den Gharda Síochána Gaeilge a bheith ag duine ar mhaith leis dul isteach sna gardaí i gcuid de na cásanna. Tá liúntais speisialta ar fáil ag na gardaí a oibríonn i nGaillimh agus i gCiarraí. Níl a leithéid ar fáil dóibh siúd a oibríonn sna Gaeltachtaí i gContae Chorcaí, Mhaigh Eo, nó Dhún na nGall. Tuige sin? Mar chinneadh polaitiúil a rinneadh na blianta fada ó shin. D'ainneoin go bhfuil sé ar a gcumas acu Gaeilge a labhairt agus a gcuid oibre a dhéanamh as Gaeilge an t-am ar fad agus iad ag obair sna Gaeltachtaí, ag éirí as an gcinneadh polaitiúil sin, ní raibh an liúntas sin ar fáil i nDún na nGall, i Maigh Eo, i mBaile Bhúirne nó san áit ar a raibh an Teachta McGinley ag caint.

An féidir leis an Aire, agus í ag tabhairt freagra ar an díospóireacht seo, cur isteach sa chlár anseo go mbeidh dualgas ar cibé uachtarán agus údaráis ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a bheidh ann an Ghaeilge a chur isteach sna pleananna straitéise a bheidh acu? Rachadh sé sin chun leas na teanga agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Taobh amuigh de sin, fáiltím roimh an am a mbeimis in ann díospóireacht iomlán mhacánta a bheith againn sa Teach seo i leith na Gaeilge, mhúinteoireacht na teanga, agus TG4, a thug an tAire cáiliúil, an Teachta Michael D. Higgins, isteach agus atá ag seasamh an fhóid go láidir sa lá atá inniu ann. Tá súil agam go mbeidh sé níos láidre as seo amach as ucht na hoibre atá á déanamh acu siúd i leith na teanga labhartha agus mar sin de.

Ós rud é gur tháinig uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh anseo inniu, fáiltím roimhe agus deirim leis go n-aontaím leis an aidhm atá aige agus ag na húdaráis i leith an leasaithe seo. Éistfidh mé leis an Aire á rá go cinnte dearfach go mbeidh an dualgas sin ann as seo amach go meidh an Ghaeilge sáite isteach sa phlean straitéise sa treo is nach mbeidh díomá nó míthuiscint ar dhuine ar bith ó thaobh na háite a bhfuil an Ghaeilge mar theanga de, atá chomh fíorthábhachtach dúinn go léir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.