Dáil debates

Thursday, 9 February 2006

10:30 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Cosúil leis na Teachtaí eile, tá mé ag cur i gcoinne an guillotine ar an mBille seo, toisc nach bhfuil go leor ama á thabhairt, fiú don chuid a raibh muid ag déileáil leis mar gheall ar Ollscoil na Gaillimhe. Tá sé scannalach nach mbeidh ach 30 nóiméad againn chun déileáil le breis is 39 leasú ar an cheist seo atá os comhair na Dála. Tá sé scannalach a lú ama is atá ann chun déileáil leis an cheist mhór seo ó thaobh athruithe suntasacha i stádas na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe de.

Chomh maith leis sin, tá an tAire tar éis an chuid nua seo a chur isteach sa Bhille. Tá buíochas á ghabháil le hobair rúnaí an Aire, mar ghlaoigh sé ar ár n-oifig, agus labhair sé lenárn-urlabhraí oideachais. Ní gá go n-aontaímid gur chóir go mbeadh sé seo anseo. Ba chóir go mbeadh Bille beag difriúil os comhair na Dála ag déileáil leis an cheist seo maidir le hAcht choiste na múinteoireachta. Tá sé ag sleamhnú isteach anseo, agus ní bheidh am againn chun déileáil leis i gceart, fiú san dá uair atá againn. Ba chóir dúinn an guillotine a ardú agus déileáil leis seo i gcaitheamh cúpla lá. Tá mé ag cur i gcoinne an mholta atá os ár gcomhair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.