Dáil debates

Wednesday, 7 December 2005

10:30 am

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)

Tá Alt 7 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla ag teacht i bhfeidhm i mí Iúil. Deir sé, a luaithe agus is féidir tar éis aon Acht den Oireachtas a achtú, déanfar an téacs a chló agus a fhoilsiú comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla. Beidh Achtanna nua ar fáil as Béarla agus as Gaeilge. Cad iad na socruithe atá déanta ag a Roinn le cur i bhfeidhm ansin? An bhfuil sé sásta go mbeidh an obair sin i dTithe an Oireachtais? Tá an t-airgead curtha ar fáil ag an Roinn Airgeadais lena dhéanamh ach tá leisce i measc roinnt daoine an t-airgead sin a thabhairt don Oireachtas. Tá daoine taobh amuigh de na Tithe ar lorg an airgid sin. An aontaíonn an Taoiseach gur cheart, nuair atá Bille ar fáil, obair a thosú ar an aistriúchán go mbeidh sé ar fáil nuair a bheidh an tAcht i bhfeidhm? Déanfar é sin níos fearr má dhéanfar san Oireachtas é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.