Dáil debates

Wednesday, 2 November 2005

7:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Ag casadh ar an méid atá le rá agam mar gheall ar dhualgais an Rialtais, tá freagracht áirithe acu maidir le sraith a trí de Chomhaontú Aoine an Chéasta a chomhlíonadh, is é sin "cinntiú go mbeidh ar a laghad léibhéal cosanta ar chomhchéim" ó thaobh cearta daonna agus forálacha cothromais sna 26 Chontae is atá sna Sé Chontae.

Creidim dá réir go bhfuil dualgas ar an Rialtas treorú don Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, an Teachta McDowell, múnla Patten i dtaobh póilínteachta a ghlacadh don Gharda Síochána, Fear an Phobail nó Ombudsman an Gharda ina measc.

Theip ar an Stát arís teist an chomhchéimeacha's a ghlanadh nuair a deineadh Coinbhinsiún na hEorpa um Chearta Daonna a chorprú anuraidh. Ba chéim chun tosaigh bunú Choimisiún Chearta Daonna na hÉireann, ach má tá sé chun an teist atá luaite agam a chomhlíonadh agus a ghlanadh is gá déileál leis an easpa maoine a choscann é ó bheith ag obair agus ag gníomhú gan stró. Is gá chomh maith a rá leis an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí gur gá dó éisteacht agus aird a thabhairt ar mholtaí a thagann ón choimisiún sin. Arís agus arís eile, tá tar éis teip ar an Rialtas ó thaobh an Chomhaontaithe de sa chás seo. Feictear é sin ar an tslí a bhfuil sé ag caitheamh leis an lucht siúil, na dídeanaithe agus imircigh, agus an dá leibhéal de shaoránacht a bhunaigh sé anuraidh. Féach ar an phraiseach a dhein sé maidir leis an Acht míchumais níos luaithe i mbliana. Nuair a chaith daoine vóta ar son an Chomhaontaithe i 1998, bhí siad ag tnúth go mbeidh tairbhe le baint acu as an chosaint ar chearta a bhuaigh poblachtánaigh san idirbheartaíocht roimhe sin. Ach níl le feiscint acu ó shin ach go bhfuil an chosaint sin á laghdú de réir chlár polaitiúl na heite deise.

Ar cheist na slándála bhí an méid seo le rá ins an Chomhaontú: "gur féidir agus gur chóir gurb ionann forbairt timpeallachta síochána ar bhonn an Chomhaontaithe seo agus gnáthshocruithe agus gnáthchleachtais slándála a thabhairt isteach". Bhí sé i gceist, dar ndóigh, go scarfaí leis na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit 1939-85 mar a ligeann na coinníollacha síos. De thairbhe na forála seo, thuaraiscigh Binse Morris, mar shampla, moltaí Hederman, agus go háirithe conclúidí an Choiste um Chearta Daonna sna Náisiúin Aontaithe, a dúirt go lom díreach "Nach gcreideann siad go bhfuil aon bhonn cirt leis — An Chúirt Speisialta — bheith ann san lá inniú". Tá tionchar creimneach ag reachtaíocht éigeandála ar nós na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit agus na Cúirte Speisialta agus níl aon áit in aon stát lena leithéid de reachtaíocht.

Tá fís ag Sinn Féin i leith Éireann ann aontaithe lonnaithe i bhForógra 1916 agus i gClár Daonlathach na Chéad Dála. Tá sé sin ár mbun luachanna agus ár mbun prionsabal.

D'fháiltigh mé an tseachtain seo caite nuair a d'fógair an Taoiseach go raibh sé chun comóradh Stáit a dhéanamh athuair ar Éirí Amach 1916, ach impím air machnamh dáirire a dhéanamh ar luachanna agus spriocanna na sínitheoirí agus cé chomh difriúil is atá sé ó thaifead Rialtas eile thar na blianta ins an Stát seo. Sin an aidhm agus féachaint amach anseo chun tosaigh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.