Dáil debates

Wednesday, 2 November 2005

7:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Ar dtús báire ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun fáiltiú arís roimh an chéim chróga a ghlac Óglaigh na hÉireann i mí Mheán Fómhair, ag léiriú arís go bhfuil siad dáiríre faoi Éire a athaontú go síochánta. In aineoinn nár sínitheoirí Chomhaontú Aoine an Chéasta iad, táid tar éis na dualgaisí a bhí curtha orthu a chomhlíonadh, rud nach bhfuil fíor maidir le sínitheoirí na cáipéise úd, Rialtas an Stáit seo ina measc.

Chonaic mé leasú an Rialtas níos luaithe inniu agus tá sé tragóideach. Meatacháin atá iontu. Nach bhfuil aon chnámh droma acu? Nach bhfuil siad sásta seasamh leis an idéal a bhí ag bunaitheoirí a bpáirtí agus obair chun Éire a aontú, seachas an tseafóid seo atá acu, "ná cuir as do na hAontachtóirí"? Cad faoi na náisiúntóirí? Cad faoi na poblachtánaigh? Nár fhógair Bertie féin le déanaí gur phoblachtánach é? Níl aon ról ag aon phoblachtánach suí ar an chlaí ag fanacht le Éire í féin a athaontu.

Tá sé de dhánacht ag an Rialtas a rá linne ina leasú go bhfuil dualgais fós le comhlíonadh ag poblachtánaigh. B'fhiú dóibh féachaint ina stábla féin ar dtús, más ag lorg teist an chomhaontaithe a theip ortáid. B'fhiú dóibh féachaint air sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.