Dáil debates
Wednesday, 26 October 2005
Irish Language.
1:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Bunaithe ar líon nan-institiúidí tríú leibhéil atá ag múineadh na Gaeilge, tá chuile sheans go mbeidh an t-éileamh níos mó ná an ciste agus sin an fáth go gcaithfidh critéir a bheith ann faoi cad iad na tionscnaimh a roghnóimid. Ar ndóigh, tá buntáiste ag baint leis sin, mar tuigfidh na hinstitiúidí seo go mbeidh iomaíocht ann agus cuirfidh sé sin feabhas mór ar na hiarratais a thiocfas, mar beidh an-dúil ag daoine teacht ar an airgead seo ach beidh orthu iarratas thar a bheith foirfe a chur ar fáil leis an gciste a fháil. Tá spriocdháta den 8 Nollaig le hiarratais a chur isteach agus ansin déanfaimid cinneadh go luath sa mbliain 2006.
Níl a fhios agam an bhfuil aon iarratas faighte fós, ach táimid tar éis é seo a phoibliú go forleathan, go mór-mhór ag úsáid nan-ambasáidí éagsúla. Chomh maith leis sin, rinne muid féin taighde ar na hollscoileanna atá ag múineadh na Gaeilge ar fud an domhain. Tá a fhios againn fúthu. Tá cinn nua ag teacht chun tosaigh an t-am ar fad, agus is rud maith é sin. D'fhéadfadh sé tarlú go mbeadh institiúidí nua ag teacht chun tosaigh — agus ba bhreá linn é sin — mar gheall ar an tionscnamh seo.
I ngach uile thír eile ar domhan, caithfear airgead ag cur cultúr na tíre sin chun cinn — smaoiním go mór-mhór ar an airgead a chaitheann muintir na Fraince ag cur na Fraincise chun cinn mar theanga. Is rud an-mhaith é go gcaithfidh muidne cúpla pingin ag cur oidhreachta agus teanga na hÉireann chun cinn ar fud an domhain agus tá tábhacht aige.
Is ceist eile ar fad í, nach bhfuil baint mhaith, olc nó dhona leis seo, an fhadhb i mbunscoileanna agus meánscoileanna na Gaeltachta. Mar a dúirt mé, is ceist polasaí níos mó ná airgid í sin. Is ceist do thuismitheoirí í, cosúil le go leor ceisteanna eile. Beidh mé féin agus an tAire Oideachais agus Eolaíochta, an Teachta Hanafin, ag déileáil léi agus beidh an ciste atá bunaithe le haghaidh na Gaelscolaíochta agus an oideachais trí Ghaeilge á dhéanamh sin freisin. Ní fheicim baint dá laghad aige, áfach, le hábhar na ceiste seo, ach mar a dúirt mé, b'fhéidir gurb é polasaí Pháirtí an Lucht Oibre go gcuirfeadh sé é seo ar ceal dá mbeadh sé i gcumhacht.
No comments