Dáil debates
Wednesday, 26 October 2005
Irish Language.
1:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Is scéim úr é seo, agus is é an rud is tábhachtaí ná gur comhartha aitheantais é do na hinstitiúidí sna tíortha a luaigh an tAire a bhfuil Gaeilge á teagasc agus á labhairt acu. Is cuimhin liom nuair a bhí mé in Harvard. Bhí ranganna Gaeilge ar siúl ansin agus bhí cailín amháin ansin as Honolulu nach raibh in Éirinn ariamh agus bhí Gaeilge le blás chúige Mumhan aici.
Ní easaontaím leis an mhéid a bhí le rá ag an Teachta O'Shea maidir le teagasc na Gaeilge sna scoileannna Gaeltachta. An bhfuil mórán iarratas istigh ar an scéim seo go dtí seo agus an mbeidh an tAire ábalta freastal ar na hiarratais go léir atá istigh?
No comments