Dáil debates

Wednesday, 29 June 2005

1:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)

Nach bhfuil an cheist i bhfad níos práinní ná mar a tháinig amach as an méid a bhí le rá ag an Aire? Nach bhfuil an Ghaeltacht féin i mbaol? Nach bhfuil sé i bhfad níos tábhachtaí airgead a chaitheamh ar an scolaíocht sa nGaeltacht seachas ar an Acht Teanga nó, fiú amháin, ar an stádas oifigiúil atá bainte amach ag an nGaeilge san Eoraip? De réir na tuarascála, bíonn 10% de na daltaí a thagann amach as na bunscoileanna agus na hiarbhunscoileanna sa nGaeltacht ar bheagán Gaeilge. Fágann 25% de na daltaí an bhunscoil gan ach leibhéal réasúnta Gaeilge acu. Tagann 8% acu amach as na hiarbhunscoileanna gan ach leibhéal réasúnta Gaeilge acu. Nach n-aontódh an tAire liom? Más rud é go bhfuil an Ghaeltacht i mbaol — agus is é sin an rud atá á rá agam anois — má theipeann ar an nGaeltacht, teipfidh ar gach rud. Nár cheart don Rialtas tabhairt faoin scéal seo go práinneach agus rud éigin substaintiúil a dhéanamh? Tá an t-am ag druidim orainn anois. Tá an meath ann le fada, agus is ag dul in olc a bheas an scéal. Tá an Rialtas ag déileáil le rudaí atá teibí— cáipéisí nach léann éinne a aistriú go Gaoluinn. Ar an láimh eile, áfach, tá an Ghaeltacht i mbaol. Tá Gaeilge na ndaltaí atá ag freastal ar na scoileanna ag dul i laige. Tá an scéal ina phrácás ar fad.

Ní dóigh liom go bhfuil an tAire ag tabhairt faoin cheist seo chomh práinneach agus ba cheart. Caithfidh sé dul go dtí an Rialtas agus cur ina luí ar an Taoiseach agus an Aire Oideachais agus Eolaíochta go bhfuil an fhadhb seo ann agus gur cheart tabhairt faoi blianta ó shin. Tá an scéal mar atá sé anois, áfach, agus caithfear tabhairt faoin scéal sin go práinneach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.