Dáil debates

Wednesday, 29 June 2005

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Bheadh sé fíordhona muna ngníomhófaí ar an tuarascáil sin anois, agus thiocfainn leis an Teachta go hiomlán. Tá idir deascéalta agus drochscéalta ann. Aontaím go bhfuil dúshlán dochreidte ann. Ar an taobh eile den scéal, chuala mé daoine ag labhairt ar líon na scoileanna atá ag múineadh trí Bhéarla, ach caithfear cuimhneamh, mar shampla, go gclúdaíonn sé sin scoileanna in áiteanna ar nós Bhaile an Chláir, Tír an Oileáin agus mar sin de. Is é an Ghaeltacht mar atá sainorduithe tugtha di a bhí i gceist, agus tuigimid le fada an lá nach bhfuil an Ghaeilge in uachtar i measc an phobail i gcuid de na ceantair sin.

Tá bunsraith mhaith sa tuarascáil seo ar féidir bheith ag obair uirthi. Tá moltaí soiléire ann, agus is é an rud atá le déanamh ná an rud céanna a rinne muid le tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta — feidhmiú ar na moltaí. Tá comhchainteanna agus plé leanúnach idir mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta le féachaint cén chaoi ar féidir linn déileáil leis na dúshláin atá ann ó thaobh chúrsaí oideachais sa nGaeltachtde. Is fiú nótáil, ag éirí as tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, go raibh mo Roinn i dteagmháil leis an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ar son an choiste comhairligh Gaeltachta chomh fada siar le Bealtaine 2003. Ba é ansin a tháinig an tuarascáil seo chun cinn, mar bhi an t-eolas ag teastáil uainn, agus anois tá sí á feidhmiú. Beidh sé tábhachtach go bhfeidhmeofar í. Thiocfainn go hiomlán leis an Teachta. Má fhagfaimid ar leataobh é, is tubaiste a bheas ann ó thaobh mhúineadh Gaeilge sa nGaeltacht. Tá an ceart ag an Teachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.