Dáil debates

Wednesday, 23 March 2005

6:00 pm

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party)

Tá sé tábhachtach go mbeadh focail le rá ag daoine faoin ábhar tábhachtach seo. Dá mbeadh níos mó ama agam le smoaineamh níos mó ar an scéal atá faoi chaibidil inniu ach tá an-chuid rudaí ag tarlú sa saol polaitíochta agus caithfidh Teachtaí Dála gnóthacha coimeád suas leo.

Níl aon dabht ach go bhfuil an Ghaeilge mar teanga faoi dian-bhrú i láthair na huaire. Is todhchaí na teangan atá i gceist againn. Sí an cheist bunúsach ná an mairfidh an teanga. An mbeidh daoine sa tír seo ag labhairt na Gaeilge i gceann 100 bliana? Níl dabht i m'aigne ná go mbeadh sé mar thragóid uafásach dá gcaillfí an teanga dúchas. Tá mionteangacha ag fáil báis mórthimpeall an domhain. Nuair a deirimid mionteangacha ní chiallaímid nach dteangacha tábhachtacha iad ach go bhfuil mionlach á labhairt. Is tragóid do dhaonra an domhain uile nuair a tharlaíonn sin.

Tá deireadh a chur le nithe tábhachtacha sa nádúr inár bpláinéad i láthair na huaire. Tá plandaí sna foraoisí, míolra agus ainmhithe ag fáil báis mar gheall ar athrú atmaisféir nó na foraoisí a bheith gearrtha. Ón gcomhthéacs ina tháinig chun tosaigh sa domhan, tá athraithe chomh mór sin nach féidir leo a mhaireachtáil. Tá siad imithe go deo agus de thoradh air sin tá nithe ag imeacht a bhí beo a thóg na milliún blianta d'éabhlóid chun teacht i gcrích agus ansin tá siad imithe go deo. Is tragóid sin dár bpláinéad agus don chine daonna.

Is ceist cosúil leis seo í ceist na teanga. Tá teanga agus cumas labhartha a fhorbairt le 2 mhilliún bliain, de réir saineolaithe, agus tá a fhios acu go bhfuil daoine in inmhe caint le 100,000 bliain. Téann ár dteanga siar chomh fada sin. Is rud an-saibhir é seo gur cheart dúinn a chaomhnú. Tá stair na treibhe, na tíre agus an daonra gur leo an teanga in achan teanga. Tá traidisiún ag baint leis an teanga. Tá rian na staire sa teanga, agus tá sé deacair i ndáiríre ár stair a thuiscint i gceart gan aitheantas éigin a thabhairt do — nó eolas éigin a bheith ag duine ar — theanga na Gaoluinne. Tá sé níos fusa, dá bhrí sin, tuiscint a bheith againn ar cad as a dtángamar, cén saghas daoine muid, agus cad as a bhfuil muintir na tíre seo déanta suas le heolas ar an teanga.

Nuair atá eolaithe ag déanamh staidéir ar staid fhisiciúil an domhain, féachann siad ar sheanchnámhacha, seanfhothrach, seanchaisleáin agus mar sin de, agus foghlaimíonn siad uathu. Sa chuma chéanna, is féidir linn an-chuid a fhoghlaim faoinár staid agus daoine féin trí eolas a bheith againn ar an nGaoluinn agus trí staidéar na Gaoluinne sna meánscoileanna agus a leithéid. Ní theastaíonn uaimse go mbeadh an teanga mar iarsma marbh cosúil le seanfhothrach nó a leithéid ach go mbeadh sí beo agus ag dul ó ghlúin go glúin.

Tógaimis sampla an-simplí ar fad: logainmneacha na tíre. Tagann formhór logainmneacha na tíre seo ón Ghaoluinn, agus tá sé sin fíor ó cheartlár Bhéal Feirste siar go Dún Chaoin. I mo thuairim, tá sé i bhfad níos simplí stair agus traidisiún na háite a thuiscint le tuiscint éigin ar an Ghaoluinn, fiú amháin muna bhfuil líofacht ag duine ach amháin eolas éigin. Bíonn sé in aigne daoine go mór. Teastaíonn uathu go mbeadh an t-eolas seo acu — buneolas ar a laghad — ar an dteanga. B'fhéidir nach mbeidís líofa go leor chun í a labhairt, ach d'fhéadfaidís tuiscint a bheith acu ar stair, logainmneacha agus a leithéid. Cinnte, tá sé soiléir le 20 bliain anuas anois leis an mborradh a tháinig ar an chóras scolaíochta trí Ghaoluinn — bunscolaíocht agus ansin meánscolaíocht lán-Ghaoluinne — go bhfuil an-éileamh ó thuismitheoirí agus leanaí go mbeidís ábalta dul go dtí a leithéid de scoil agus an teanga a bheith acu ina dhiaidh sin.

Deir an Coimisinéir Teanga go bhfuil infheistíocht an-mhór — b'fhéidir €500 milliún in aghaidh na bliana —á cur isteach sa teanga. Deir sé go mb'fhéidir go gcaitheann scoláirí 1,500 uair trí 13 bliana ag foghlaim na teanga ar scoil gan líofacht bhunúsach a bheith acu i ndiaidh na hinfheistíochta agus an ama úd. Caithfimid iniúchadh a dhéanamh ar an scéal seo, mar tá an toil ann i measc an-chuid daoine an teanga a fhoghlaim. Caithfimid iniúchadh a dhéanamh ar na modhanna a ndéantar scolaíocht agus a múintear an Ghaoluinn tríothu. Le hinfheistíocht, acmhainní agus am den sórt sin, ba cheart go mbeadh eolas i bhfad ní ba leithne agus ní ba dhaingne ag leanaí ag teacht amach as na scoileanna. Tá sé tábhachtach go ndéanfaíé sin.

Cabhraíonn sé seo an-chuid le daoine. Tá mé féin i bhfabhar an rogha a thabhairt do dhaoine agus leanaí chomh maith cé acu an dteastaíonn uathu an Ghaoluinn a fhoghlaim nó nach dteastaíonn uathu. Tá sé mar chabhair an-mhór do leanaí agus daoine óga go bhfuil an Ghaoluinn á foghlaim acu ón am ó bhíodar an-óg le go mbeidís dátheangach. Tá aithne phearsanta agam féin air seo go gcabhraíonn an dátheangachas le duine nuair a tá sé ag iarraidh an tríú agus an ceathrú teanga a fhoghlaim. Má tá dátheangachas ag leanaí inár mbunscoileanna, nuair a thagann siad chun Fraincis, Gearmáinis nó Spáinnis a labhairt, beidh sé i bhfad níos fusa dóibh na teangacha sin a labhairt, mar go mbeidh solúbthacht teanga agus aigne acu.

Is tír dhátheangach í atá againne anseo — Béarla agus Gaoluinn — agus tá sé tábhachtach a rá nach bhfuil daoine a labhraíonn Béarla amháin níos lú in aon slí ná iadsan atá dátheangach. Bhí daoine áirithe a bheadh ag labhairt Gaoluinne le fada a bhfuil meon acu go bhfuil daoine nach bhfuil líofa sa Ghaoluinn saghas leath-Ghaelach in ionad a bheith lán-Ghaelach. Déanann sé sin an-damáiste don teanga féin, agus ba cheart go gcuirfí deireadh lena leithéid de smaoineamh agus, uaireanta, a leithéid de chaint.

Molaim na meáin chumarsáide i nGaoluinn. Dhein Raidió na Gaeltachta éacht leis na blianta fada maidir leis an Ghaoluinn. Rinne foireann Raidió na Gaeltachta éacht leis na modhanna a úsáidtear chun nuacht áitiúil a chur os ár gcomhair amach le go mbeadh fonn orainn — déanaim féin gach láé, más féidir liom —éisteacht isteach ar an stáisiún le haghaidh nuachta, nuacht áitiúil san áireamh, cé acu ó Bhaile Átha Cliath nó ó Chorca Dhuibhne. Tá TG4 mar an gcéanna.

Níl ach cúpla nóiméad fágtha agam. Tá díospóireacht ann anois agus an-chonspóid faoi riail áirithe a thabhairt isteach i gcuid de na Gaeltachtaí go gcuirfí iachall ar dhaoine atá ag ceannach tithe sna Gaeltachtaí eolas a bheith acu ar an Ghaoluinn. Tá an-fhearg ar dhaoine áirithe agus go mórmhór ar na boic mhóra agus an lucht tógála faoi seo. Táim an-bháúil leis an riail sin. Ba mhaith liom ní ba mhó smaoinimh agus díospóireachta, ach measaim, más rud é go dtógfar an-chuid tithe sa Ghaeltacht agus go gceannófar na tithe sin le daoine nach bhfuil focal Gaoluinne acu, go ndéanann sé sin an-damáiste don chultúr agus do labhairt na Gaoluinne sna ceantair úd. Díreach faoi mar a thagann an t-impiriúlachas stairiúil isteach i dtír agus go loiteann sé an teanga, tá an oiread sin brú anois ar an Ghaoluinn go bhfuil an dainséar ann go gcaillfear an teanga, agus measaim go bhfuil sé ceart an Ghaoluinn a chaomhnú trí mhodhanna den saghas seo. Ba bhreá liom ní ba mhó díospóireachta faoi sin, mar ní theastaíonn uaim bheith ag caitheamh anuas ar dhaoine nach bhfuil an Ghaoluinn acu. Mar sin féin, measaim go bhfuil pointe anseo atá an-tábhachtach, agus caithfimid níos mó díospóireachta a bheith againn faoi conas an Ghaoluinn a choimeád sa Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.