Dáil debates

Wednesday, 23 March 2005

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá lúcháir orm an deis seo a bheith agam cúpla focal a rá maidir leis an mhéid a bhí le rá ag an Aire agus mo thuairimí féin. Is dócha gur ócáid bhliantúil é seo anois nuair a thagann an tAire agus Teachtaí cosúil liom féin isteach anseo sa Dáil agus go mbíonn deis againn dearcadh siar ar cad a tharla maidir le ceist na Gaeilge agus na Gaeltachtaí le bliain anuas, agus ag breathnú ar aghaidh amach romhainn sa bhliain atá le teacht. Is rud maith é.

B'fhéidir, ar an lámh eile, go léiríonn sé an pointe a bhí á dhéanamh ag an Aire nach labhraítear an Ghaeilge sa Dáil nó san Oireachtas ach 1% den am. B'shin an pointe a rinne an Coimisinéir Teanga ina thuairisc — an chéad cheann dár cuireadh ar fáil — an tseachtain seo caite. B'fhéidir go mbeadh úsáid na Gaeilge ní ba leithne, nuair a bhíonn muid ag plé le Roinn an Aire nó ar lá mar seo, dá bhféadfaí í a úsáid ar ócáidí eile.

Chuir sé gliondar orm cúpla seachtain ó shin nuair a bhí mé anseo sa Chathaoir ar feadh tamaill. Thug an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, an Teachta McDowell, Bille isteach agus thug sé a óráid uilig ar an Dara Céim ó thús go deireadh as Gaeilge. Níl a fhios agam ar tugadh aon fhógraíocht dó sin ar an teilifís nó sna meáin chumarsáide eile, ach ar a laghad, tháinig an tAire isteach agus rinne sé óráid fhíorthábhachtach agus shuimiúil sa Ghaeilge. Ba chóir do níos mó Airí an rud céanna a dhéanamh. Tá fhios agam go raibh na daoine ar an taobh seo a raibh orthu freagraí a thabhairt ar an Aire an lá sin ag cuartú treorach agus comhairle maidir leis an Ghaeilge. Tá a fhios agam go ndéanann an tAire é féin a dhícheall i gcónaí. Tá a fhios agam go bhfuil cumas ag go leor de na hAirí eile an Ghaeilge a labhairt agus dá dtabharfadh siad sampla dúinn tríd an teanga a úsáid sa Teach chomh maith le daoine cosúil liom féin, bheadh treoir ansin agus caighdeán leagtha síos.

Is dócha an lá inniu, agus lá na Gaeilge sa Dáil, gur chóir tagairt a dhéanamh do Bhall den Oireachtas atá imithe uainn agus a cuireadh i ndáilcheantar an Aire féin inniu, is é sin, an t-iar-Sheanadóir agus Ball den Oireachtas, Pól Ó Foighil. Níor rugadh nó tógadh sa Ghaeltacht é, cosúil leis an Aire, ach chuaigh sé siar 40 bliain ó shin agus d'éirigh sé níos Gaelaí ná muintir na Gaeltachta iad féin. Níl sé ach ceart go bhfuileamar in ann cuimhneamh air inniu agus an obair iontach a rinne sé i measc na bpobal thiar ansin ó Bhearna amach go dtí na hoileáin. Tá a fhios agam le cúpla lá gur chuir an pobal thiar ansin an meas a bhí acu ar Phól Ó Foighil in iúl. Bheimis féin thíos ansin inniu ach amháin gur thit an díospóireacht seo ar lá a shochraide.

Nuair a bhí Pól Ó Foighil sa Teach eile, thug sé sampla chomh fada agus a bhain sé leis an Ghaeilge san Oireachtas. Sílim gur dhiúltaigh sé focal Béarla a labhairt ansin agus go ndearna sé a chuid cainteanna agus óráidí go léir i nGaeilge. Chuir sé brú ar na húdaráis i bhfeighil an Tí— agus d'éirigh leis — an córas aistriúchán comhuaineach atá sa Dáil leis na blianta a thabhairt isteach sa Teach eile chomh maith. Ar a laghad, beidh sé sin mar leac cuimhneacháin air anseo san Oireachtas — go ndéana Dia trócaire ar a anam — agus ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl dá bhean chéile, Chrissie, agus dá theaghlach uilig. Is boichte muid dá imeacht.

Rinne an tAire tagairt eile. Agus mé ag éisteacht leis, shíl mé go raibh comharthaí dóchais agus éadóchais ann chomh fada agus a bhaineann sé le staid na Gaeilge i láthair na huaire. Ina óráid, thagair an tAire do na rudaí atá déanta le cúpla bliain anuas, mar shampla, an tAcht teanga. Is cinnte gur chéim mhór ar aghaidh é sin, agus thugamar go léir tacaíocht don Bhille sin nuair a bhí sé ag dul tríd an Dáil. Tá an tAcht ar na leabhair anois mar dhlí na tíre, agus is dócha gurb é an dualgas agus an fhreagracht atá orainn ag an bpointe seo ná déanamh cinnte de go gcuirfear na moltaí agus na coinníollacha san Acht sin i bhfeidhm. Tá sé iontach tábhachtach. Is rud amháin é an tAcht a bheith againn ach is rud eile é an tAcht sin a chur i bhfeidhm. Tá an cúram sin ar an Aire agus a Roinn.

Tá comharthaí le feiceáil cheana féin. Nuair a chuirtear tuairiscí amach ó na Ranna agus na comhlachtaí Stáit, bíonn siad dátheangach, agus is céim mhór ar aghaidh é sin. Tá an chomharthaíocht á feabhsú ar fud na tíre agus ar fud na Gaeltachta, agus níl sé ach cúpla seachtain ó bhí an tAire thuas linn féin. Tá siad ag cur na leaganacha cruinn ceart i bhfeidhm. Sin iad na leaganacha oifigiúla a bheas le feiceáil againn as seo amach.

Is dul chun cinn é Acht na dTeangacha Oifigiúla. Bhí an feachtas ag dul ar aghaidh le bliain nó dhó stádas oifigiúil a bhaint amach don teanga san Eoraip. Tá lúcháir orm sa deireadh thiar thall go bhfuil an Rialtas ag glacadh cúram an fheachtais sin air agus ag dul ar aghaidh ag leibhéal na hEorpa. Má éiríonn an stádas a bhaint amach don teanga, is rud ceart é agus níl sé mínadúrtha go bhfuil sin le fáil don chéad teanga oifigiúil atá againn. Mar a dúirt an tAire, áfach, is cuma caidé an stádas a bhainfeas amach don teanga san Eoraip nó in áit ar bith eile, tá sé ag brath orainn féin sa bhaile caidé tá i ndán don Ghaeilge. Tá sé ag brath ar mhuintir na hÉireann, ag brath orainne istigh anseo sampla a thabhairt agus ag brath ar an aos óg atá ag teacht chun cinn.

Dúirt mé roimhe agus déarfaidh mé arís é gur comhartha dóchais mór iad na Gaelscoltacha ar fud na tíre. Tá fás agus forbairt ag teacht orthu bliain i ndiaidh bliana. Is dócha gurb í an fhadhb is mó atá ag tuismitheoirí agus muintir na tíre anois ná áit a fháil dá gcuid páistí sna scoltacha sin. Tá go leor Baill den Oireachtas go bhfuil a gclann ag freastal ag coláistí mar sin. Nuair a rachaidh siad fríd an chóras bhunscolaíochta, is cinnte go mbeidh an Ghaeilge foghlamtha acu i ngannfhios acu agus go mbeidh sí ar a dtoil acu ar fud a saol.

Tá deacrachtaí ann, áfach, sa Ghaeltacht fiú. Nuair a bhí mé i mbunscoil ansin, ba é an gnáththeanga ag na daltaí uilig, istigh agus amuigh, an Ghaeilge. Má tá duine as an cheantar Gaeltachta anois, go minic bíonn an Béarla le cloisteáil i gclos na scoile. Níl locht ar na múinteoirí nó ar na daltaí, tá an locht ar an chóras. Tá na meáin agus an teilifís ag teacht isteach agus go bhfuil brú an Bhéarla ag teacht isteach. Na pleananna atá ag an Aire le tabhairt faoi seo agus béim a chur ar na daoine óga agus an teanga, sin an dóigh len é a dhéanamh. Bím ag caint go rialta le múinteoirí na Gaeltachta agus tá deacrachtaí acu go fóill. Thagair an tAire go bhfuil deacrachtaí maidir le foilsitheoireacht. Tá deacrachtaí le téacsleabhair — níl ach téacs amháin le hábhair a dhéanamh trí Ghaeilge ach tá réimse de théacsleabhair sa Bhéarla. Níl sé inghlactha ag an am seo go mbeadh ar mhúinteoirí suigh síos roimh an scoil agus aistriúcháin a dhéanamh do na daltaí. Ní obair an mhúinteora í sin, tá an dualgas sin ar an Roinn nó ar an Ghúm nó foilsitheoirí éigin. Ba cheart go mbeadh téacsleabhair den chaighdeán agus éagsúlacht céanna le fáil sa chóras oideachas Gaelach agus atá ar fáil sa chóras trí Bhéarla.

Cúpla bliain ó shin, bhí sin ar intinn ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta féin acadamh a oscailt i ndáilcheantar an Theachta Uí Mhuineacháin i mBaile Bhuirne agus go mbeadh cúram air foilsitheoireacht agus dlúthdhiosca agus ábhair a chur ar fáil a chuideodh go mór le hoideachas trí Ghaeilge. Níl a fhios agam caidé atá ag dul ar aghaidh nó an bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas dhul ar aghaidh leis. Déanaim tagairt ar sin mar gur chaith mé féin tréimhse ansin mar mhac léinn agus tá foirgneamh breá ann i gceantar Gaeltachta stairiúil agus tá an Ghaeilge bríomhar beo ansin. Thabharfadh sé tacaíochta agus seasamh don teanga dá mbeadh an t-institiúid ag feidhmiú ansin mar a bhí beartaithe cúpla bliain ó shin.

Is rud nádúrtha é go mbeadh sé i gceantar Gaeltachta. I gceantar s'againne cúpla seachtain ó shin, bhí an tAire thuas agus anois tá siad ag obair ar An Charraig ar an tionscnamh Gaeilge seo. Beidh seacht bpost ansin in áras nua agus beidh daoine ag obair tré mheán na Gaeilge ar rudaí a bhaineann leis an teanga. Nuair a fheicfidh daoine eile go bhfuil fostaíocht mar sin ar fáil, beidh sé mar spriocadh dóibh dhul ar aghaidh leis.

Rinne an tAire tagairt do na meáin cumarsáide agus Raidió na Gaeltachta. Tá obair mhór déanta aige, tá sé ag craoladh 24 uair sa lá. Is dócha go bhfuil malairt tuairimíochta ag daoine éagsúla fána liricí Béarla. Ní fheicim go bhfuil rud ar bith contráilte leis. Tá muid ag déanamh an comhcheangal tré Ghaeilge agus má bhíonn na liricí i mBéarla, caithfimid glacadh leis — sin an ceol an t-aos óg ag iarraidh éisteacht leis agus má cothaíonn sé lucht éisteachta i measc an aosa óig ó 9 p.m. san oíche go dtí 1 a.m., is rud maith é sin. Bhí mé féin mar bhall na blianta ó shin de chomhairle Raidió na Gaeltachta agus tháinig an cheist sin aníos. Cé go raibh intinn oscailte agam féin san am, bhí an comhairle ag an am sin go huile agus go hiomlán in a éadan. Tá an saol ag athrú, áfach, agus ba mhaith liom rath a ghuí ar an tseirbhís úr. Tá súil agam go n-éireoidh go maith leis agus go meallfaidh sé lucht éisteachta i measc an aosa óig agus iad ag éisteacht lena a chuid achainí ag teacht amach i nGaeilge, má tá na liricí i mBéarla, tá sin páirt dár saol.

Faoin teilifís, léim an rud a bhíonn le rá ag na léirmheastóirí sna nuachtáin gach deireadh seachtaine. Cuireann sé lúcháir orm go bpioctar amach go han-mhinic cláracha TG4 agus moladh a thabhairt dó. Léiríonn sé an tsamhlaíocht atá ag na daoine óga i mbun an stáisiúin sin. Tá níos mó déanta acu ardán a thabhairt don Ghaeilge ná cuid mhór a tharla le fada anuas.

Aontaím leis an Aire, áfach, go mbeadh sé go maith dá mbeadh clár air a thabharfadh léargas ar cad a bhíonn ag dul ar aghaidh istigh anseo san Oireachtas ó thaobh na Gaeilge de. Dá mbeadh clár den sort sin, ba leor ceathrú uaire, ní bheadh sé i bhfad go dtí go mbeadh níos mó ná 1% den méid a deirtear istigh anseo trí Gaeilge. Cuireann sé iontas orm na daoine a bhíonn ag amharc ar TG4, daoine a shílfinn nach mbeadh focal Gaeilge acu. Castar daoine orm taobh amuigh den Ghaeltacht ag rá gur chonaic siad ar teilifís mé agus a leithéid. Rud ar bith a bhaineann le polaitíocht nó leis an saol poiblí, tá tarraingt na ndaoine air a bhfuil suim acu ansin. B'fhiú TG4 breathnú air sin agus ní bheadh sé ag iarraidh barraíocht uaidh dá mbeadh sé sásta ceathrú uaire sa tseachtain a chur ar fáil imeachtaí an Oireachtais le béim ar an méid atá ráite trí Ghaeilge. Spreagfadh sin sinn uilig labhairt sa teanga níos minice.

Nuair a bhí mé óg, bhí an t-uafás go deo acu le léamh ar nós Reics Carlo san Eigipt le Cathal Ó Sandair.

Bhí comórtas uair amháin sa choláiste agus iarradh orainn scéal a scríobh cosúil le sraith Reics Carlo. Bhí muid uilig ag scríobh agus b'iontach an obair a chuir sin ar fáil. Léitheoireacht iontach simplí a bhí sna leabhair, rúndiamhair agus bleachtaireacht, agus bhí sé chomh maith agus chomh suimiúil le rud ar bith a bhí le fáil i dteanga ar bith eile. Bhí comórtas ann nuair a tháinig an leabhar is déanaí Rex Carlo amach cé an chéad duine a bhí an leabhar sin léite aige nó aici. Tharla sin cúpla scór bliain ó shin ach níl a fhios agam caidé a tharla do na leabhair sin agus níl a fhios agam an mbeadh suim ag aos óg an lae inniu iontu. Ní raibh an teilifís ag an am sin ach is cinnte gur chuir sé léitheoireacht ar fáil do ghlúin iomlán daoine óga san am sin.

Thagair an tAire d'Fhoras na Gaeilge. Tá deacrachtaí ansin i láthair na huaire. Níl a fhios agam an mbaineann sin le deacrachtaí polaitíochta ó Thuaidh. Bhí sé sna meáin ansin agus tá súil agam go n-éireodh leis an fhoras na deacrachtaí sin a reiteach agus go rachaidh sé ar aghaidh ag comhoibiriú leis na heagraíochtaí deonacha a bhfuil an oiread sin déanta acu, cosúil le Conradh na Gaeilge agus Gael Linn. Cuireann sé lúcháir orm go bhfuil Gael Linn ag cur amach na seanamhráin agus ceirníní a rinne sé agus go bhfuil deis againn iad a fháil ar dioscaí anois. Cuireann sin uilig — an ceol, an léitheoireacht, an teilifís, an raidió — le stádas na Gaeilge.

Tá dul chun cinn áirithe déanta ach tá deacrachtaí go fóill, go speisialta mar a léirigh an coimisinéir. Sa chéad tuarascáil a chuir sé amach, bhí sé sásta na deacrachtaí a chíonn sé a léiriú agus aird a thabhairt orthu agus ár n-aigne a dhíriú orthu. Dúirt sé go bhfuil géar-ghá le hathbreithniú cuimsitheach fuarchúiseach ar gach gné d'fhoghlaim agus de mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais. Idir seo agus an bhliain seo chugainn, má thugaimid aghaidh ar an phointe sin agus ar na deacrachtaí sa chóras oideachais a réiteach, cé acu cáilíochta na múinteoirí nó a gcumas i nGaeilge, nó téacsleabhair, beidh sár-obair déanta againn. Níl sé inghlactha go bhfuil daltaíábalta 12 bliain a chaitheamh ag dul fríd an chóras oideachais agus nach féidir leo comhrá a dhéanamh i ndiaidh an ama sin. Caithfidh an tAire a admháil go bhfuil lúb ar lár éigin sa scéal. Tá saineolaithe agus modhanna nua teangeolaíochta ag rá go bhfuil iomarca béim ar scríobh nó ar léamh agus go bhfoghlaimíonn an páiste an teanga a labhairt sula bhfoghlaimíonn sé a scríobh nó léamh.

Sin an pointe tábhachtach a rinne an coimisinéir agus idir anois agus an bliain seo chugainn, caithfimid teacht ar réiteach air. Nuair a bheas daltaí in ann an teanga a labhairt go measartha líofa i ndiaidh a chuid ama sa chóras oideachais, beidh éirithe linn. Níl sin ag tarlú anois agus is dochar é don teanga agus do ghluaiseacht na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.