Dáil debates

Wednesday, 23 March 2005

Irish Language: Statements.

 

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá áthas orm páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo agus ba mhaith liom an deis seo a thapú chun achoimre a thabhairt don Teach ar an obair atá ar siúl ag an Rialtas ar son na Gaeilge, na nithe atá bainte amach againn go dtí seo agus na spriocanna a bhfuil mé fhéin ag iarraidh díriú isteach orthu sna blianta amach romhainn.

Agus muid ag caint ar na nithe atá bainte amach againn chun leas na Gaeilge, is dócha go gcaithfear tosnú leis an Acht na dTeangacha Oifigiúla. Cé go bhfuil cáineadh déanta ar an Acht ag roinnt iriseoirí agus polaiteoirí ón lucht Freasúra, is léir nach bhfuileadar ag éisteacht le lucht labhartha na Gaeilge, a déarfadh leo gurb é an tAcht seo an rud is tábhachtaí a tharla ó thaobh chur chun cinn agus chaomhnú na Gaeilge le fada an lá. Is aisteach an rud é go raibh an bhéim ar fad ag na polaiteoirí uilig ar na heasnaimh san Acht agus é ag dul tríd an Dáil agus an Seanad. Bhí daoine á rá ag an am nach ndeachaigh se sách fada. Ar ndóigh, nuair a thosaigh na gearáin, thosaigh daoine a rá go ndeachaigh sé ró-fhada agus go raibh an-iomarca ann. Ach is dócha gur sin an saol, agus sin an chaoi a mbíonn rudaí. Is drochrud é go mbíonn an cáineadh ann. Muna mbeadh cáineadh ann, shílfeá nach raibh tionchar ar bith ag an Acht. Sílim go bhfuil sé tábhachtach achoimre a thabhairt ar an méid atá déanta go dtí seo faoin Acht.

Mar is eol don Teach, achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla ar 14 Iúil 2003. I mí Feabhra 2004, ceapadh Seán Ó Cuirreáin mar Choimisinéir Teanga. Cuireadh acmhainní ar fáil don Roinn agus d'Oifig an Choimisinéara. Le gairid, foilsíodh chéad tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara le Seán Ó Cuirreáin. Tá plean gnímh na Roinne maidir le cur i bhfeidhm an Achta réitithe agus á chur i bhfeidhm. Tá scéim na Roinne foilsithe agus á feidhmiú. Tá treoirlínte chun cuidiú le comhlachtaí poiblí scéimeanna a ullmhú á bhfoilsiú ó Mheán Fómhair 2004. D'iarr mé ar an gcéad 25 comhlacht — comhlachtaí tábhachtacha poiblí— scéimeanna a ullmhú i gcomhréir leis na treoirlínte i Meán Fómhair 2004, agus tá súil agam go mbeidh na scéimeanna sin curtha faoi bhráid na Roinne faoi dheireadh na míosa seo; ba é sprioc sé mhí a bhí i gceist. Tá naoi n-ordú logainmneacha déanta, ag cur san áireamh logainmneacha i gceantair Ghaeltachta, a thiocfaidh i bhfeidhm ar 28 Márta 2005.

Chomh maith leis an Acht teanga, i 2000 tugadh aitheantas don Ghaeilge den chéad uair i gcúrsaí pleanála fisiciúil, agus tugadh aitheantas faoi leith don Ghaeilge san Acht Oideachais. Bunaíodh an grúpa Gaelscolaíochta agus scoileanna Gaeilge. Freisin, i gComhaontú Aoine an Chéasta, tá áit faoi leith i saol an oileáin ag an Ghaeilge.

Tabharfaidh me cur síos ar ball ar na nithe — agus tá siad líonmhar — atá bainte amach againn go dtí seo, ach ba mhaith liom ar dtús na ceithre rud atá tábhachtach ó thaobh na Gaeltachta de a lua. Beidh siad mar phríomhthosaíochtaí do 2005-06, agus aontaíodh iad ag cruinniú de choiste comhairleach na Gaeltachta an Luain seo caite. Is dóigh liom go bhfuil an obair déanta ag coiste comhairleach na Gaeltachta. Nuair a bhreathnaíonn muid ar thuarascáil an Choimisiúin, feiceann muid go bhfuil go leor de na moltaí á gcur i bhfeidhm nó curtha i bhfeidhm.

Ba é an chéad tosaíocht a aontaíodh ná cúrsaí oideachais sa nGaeltacht. Aontaíodh go gcaithfear dul i gcomhairle leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta maidir le céimeanna a ghlacadh mar thosaíochtaí chun torthaí níos fearr don Ghaeilge a fháil ón gcóras oideachais scoile. Tá sé luaite agam go minic cheana féin an ról lárnach atá ag an gcóras oideachais sa nGaeltacht ó thaobh fhorbairt na Gaeilge de. D'ardaigh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, an cheist seo, ní amháin i gcomhthéacs na Gaeltachta ach i gcomhthéacs náisiúnta. I measc na bhfadhbanna a luaitear tá an curaclam, caighdeán Gaeilge na múinteoirí a thagann amach as na coláistí oiliúna, an t-idirdhealú idir Gaeilge sna scoileanna Gaeltachta agus áiteanna eile, agus téacsleabhair.

Aon uair dá luaitear fadhb sa tír seo, ceanglaítear milleán leis an gceist sin. Ba mhaith linn lua cé ar a bhfuil an milleán faoi rud a bheith mar seo nó mar sin. Go minic, bíonn sé sin mar bhac ar réiteach fadhbanna. B'fhearr liom fadhbanna a aithint agus rud a dhéanamh fúthu. Nárbh fhearr é sin a dhéanamh ná fáil amach cé a bhí freagrach as cibé rud nár tharla san am atá caite? Caithfimid bheith cinnte amach anseo go bhfuil scoileanna Gaeilge ag muintir na Gaeltachta, go bhfuil na háiseanna teagaisc ar fáil dóibh, agus go mbeidh ar a gcumas seirbhís Ghaeilge den scoth a chur ar fáil. Tagann sé seo muid go dtí tosaíocht eile atá thar a bheith tábhachtach. Ní féidir ualach na Gaeilge sa nGaeltacht a fhágáil ar na scoileanna agus na múinteoirí. Rinneadh é sin le ró-fhada, agus b'fhéidir go mbrisfeadh ar fhoighid na múinteoirí dá gceapfaidís gurbh é orthu siúd a thitfeadh an dualgas ar fad. Mar is eol do na Teachtaí anseo, táim ag cur béime le fada ar an tábhacht a bhaineann le Gaeilge ón gcliabhán agus an Ghaeilge a shealbhú nuair a bhíonn na gasúir an-óg. Is dá bharr sin an dara tosaíocht atá ann, ná naíolanna agus crèches, chomh maith le naíoscolaíocht Gaeilge, a chur chun cinn do thuismitheoirí a bhíonn ag labhairt Gaeilge sa mbaile, más rud é go gcaitheann an gasúr sé, seacht nó ocht n-uaire i gcrèche ina labhraítear Béarla amháin.

Ar an dtaobh eile den scéal, cad iad na féidearthachtaí atá ann do thuismitheoirí nach bhfuil Gaeilge acu féin ach atá báúil don Ghaeilge, más rud é go bhfuil an gasúr agfreastal ar naíolann lán-Ghaeilge? Tá sé aontaithe idir mo Roinn agus Údarás na Gaeltachta go gcuirfimid grúpa oibre beag le chéile le ceisteanna naíolanna Gaeltachta agus Gaeilge a chur chun cinn. Sílim gur rud an-tábhachtach é sin.

Maidir le gníomhaíochtaí eile a bhaineann leis an óige, tá an t-airgead ar fáil don naíoscolaíocht dúbailte. Tá scéim nua gcampaí samhraidh curtha ar bun. D'éirigh thar cinn ar fad leis anuraidh, agus beidh sé ar bun arís i mbliana. Tá tús curtha le scéim píolótach cuairteoirí baile. Is é an smaoineamh atá ann seo ná tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí atá ag tógáil a gclann le Gaeilge. Tá struchtúr nua cúram leanaí bunaithe, mar a dúirt mé. Tá forbairtí idir lámha i láthair na huaire maidir le scéim labhairt na Gaeilge, agus tá súil agam go mbeidh éifeacht ag an scéim nua a bheas á fógairt i bhfad níos luaithe i saol an pháiste. Tá struchtúr óige Gaeltachta beartaithe ag Údarás na Gaeltachta, agus tá sé ag dul chun cinn leis sin.

Tá an-obair á déanamh ag na cúntóirí teanga. Bhí sé sin ar bun ar bhonn píolótach ar fad i gCorca Dhuibhne sular ceapadh mar Aire mé, ach tá an scéim sin leathnaithe amach agam mar scéim náisiúnta. Mar a deir siad i mBéarla, tá "mainstreaming" déanta uirthi. Is dóigh liom go bhfuil obair iontach mór déanta leis na coláistí Gaeilge ó thaobh an chaighdeáin de agus an fhaoiseamh cánach a frítheadh anuraidh.

Chomh maith leis sin, cuireadh ardú mór ar an deontas. Tá ceangal anois idir an íocaíocht ón Stát agus an íocaíocht ó na coláistí. Beidh ar na coláistí €1.20 a íoc do chuile euro a íocann an Stát. Beidh an Roinn ag íoc €9 in aghaidh an lae i mbliana, agus dá bharr sin, beidh na coláistí Gaeilge ag íoc íosmhéid de €10.80. Déanann sé sin beagnach scór euro — beidh sé 20 cent gearr de. I go leor cásanna, tá an t-airgead os cionn dúbailte le roinnt bheag blianta anuas.

Bunaíodh Acadamh na hOllscoile agus, ar ndóigh, tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag feidhmiú i nGaoth Dóbhair anois chomh maith leis an Cheathrú Rua agus Carna i gConamara. Luaigh mé an Chomhairle um Oideachas Gaelscolaíochta agus Scoileanna Gaeltachta cheana féin. An triú sprioc ná go leanfaimid orainn ag obair ar ábhair ar nós an Feachtas Feasachta Teanga, seirbhís raidió don aos óg, cur i bhfeidhm an Acht Teanga agus eile. Tá an sprioc seo dírithe arís ar an aos óig sa mhéid is go bhfuil muid ag brú ar aghaidh leis an obair thábhachtach a mbeidh tionchar dhíreach aige ar dhaoine óga ar nós an seirbhís raidió don aos óig. Foilseoidh suirbhé raidió le gairid agus tá go leor eolas ansin nach mbaineann go díreach le cúrsaí raidió ach atá thar a bheith úsáideach. Taispeánann sé bá an phobail don Ghaeilge i gcoitinne. Tréaslaím saothar le BCI, a rinne coimisiúnú ar sin, agus a bhí comhmhaoinithe ag Foras na Gaeilge agus agam féin. Bhí áthas orm a chloisteáil go bhfuil cinneadh déanta ag Raidió na Gaeltachta seirbhís faoi leith don óige a chur ar bun, le liricí Béarla, idir 9 p.m. agus 1 a.m. Is céim sa treo ceart é seo agus tréaslaím an nualacht le Raidió na Gaeltachta agus RTÉ.

Ní dhéanfaidh seo dochar ar bith do Raidió na Gaeltachta mar tá margaidh éagsúla ann anois ach an oiread le pobal ar bith eile agus caithfimid freastal ar na margaidh sin. Ní mar an gcéanna an rud a bheinn ag éirí a éisteacht leis agus a bheadh lucht an lae inniu ag éisteacht leis, go speisialta i gcúrsaí ceoil.

Baineann an ceathrú sprioc le pleanáil sa Ghaeltacht. Ceist achrannach í ach ní féidir seasamh siar ag ligint orainn féin nach bhfuil sí ann. Ba mhaith liom na himreoirí a thabhairt le chéile go dtiocfaimis ar thuairim coitianta. Tá mo Roinn féin agus an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ag obair ar an gceist seo agus tá grúpa oibre, NASC, bunaithe ar a bhfuil Údarás na Gaeltachta, na comhairlí condae Gaeltachta agus Coláiste na hOllscoile i nGaillimh páirteach ann. Tá dréacht-threoirlínte pleanála réitithe ag NASC do na Gaeltachtaí ar fad. Tá sin feicthe agam — tá iarracht maith déanta ach tá roinnt mhaith le plé. Tuigim ón údarás go mbeidh sé ag reáchtáil seimineáir faoi chúram NASC chun iad seo a phlé. Beidh mé féin agus mo Roinn ag glacadh páirt dearfach san obair seo le go dtiocfaimis ar threoirlínte ag a mbeidh ceannach isteach ag feidhmeannaigh na gcomhairlí condae agus, níos tábhachtaí, ag na comhairlí tofa ag pobal na Gaeltachta.

Labhair mé faoin mBille teanga agus faoi Choimisiún na Gaeltachta. Is cinnte go bhfuil muid ag leanúint ag cur moltaí an choimisiúin i bhfeidhm. Ceann de na moltaí i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta ná stádas oifigiúil don Ghaeilge san Eoraip a lorg. An t-am seo anuraidh, ní raibh mórán dóchas ag daoine go ndéanfadh mórán dul chun cinn leis an gceist seo. Ghlac an Rialtas cinneadh luath i mí Iúil seo caite go lorgófaí stádas oifigiúil oibre don Gaeilge. Tá na comhráití fós ar bun ach is féidir a rá go bhfuil obair iontach déanta ó shin leis an chás seo a chur chun cinn. Tá sé tábhachtach go leanfar leis an obair le go mbainfear an sprioc sin amach. Tá sé freisin tábhachtach a thuiscint má bhainfear amach é nach féidir linn a bheith ag breathnú ar an Eoraip ag tabhairt stádas oifigiúil oibre don Ghaeilge mura a bhfuil sinn sásta an oiread céanna agus níos mó a dhéanamh sa bhaile.

Moltar i dtuarascáil an choimisiúin polasaí Stáit a bheachtú le hathréimniú na Gaeilge mar theanga náisiúnta a dhearbhú. D'fhógair mé ar 1 Márta anuraidh go mbunófaí Fóram na Gaeilge chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna éagsúla: inmholtacht plean straitéiseach soiléir sa Stát don Ghaeilge le spriocanna réalaíocha ann, go mbeadh na tosaíochtaí straitéise gearrthéarmacha soiléir, go mbeadh na tosaíochtaí maidir le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla soiléir, go mbeadh na bealaí is fearr agus is praiticiúla ann chun dul chun cinn a bhaint amach.

Bhí roinnt chruinnithe againn den fhóram agus tá cruinniú eile le bheith ann ar an chéad mhí eile agus tá obair ar bun. De bharr an méid rudaí eile atá ar bun sa Roinn, tá an obair ag dul ar aghaidh. B'fhéidir nach bhfuil sé ag tarlú chomh scioptha agus ar mhaith liom, ach an fhadhb atá ann ná acmhainn foirne agus ama. Is soiléir ón méid atá ráite go dtí seo agus an méid atá ar bun go bhfuil muid ag éirí go leor leor a bhrú ar aghaidh ag an am céanna.

Rud eile atá déanta ná tionscnamh maidir le pleanáil teanga gur fiú €1.56 milliún. Tá seo bunaithe ar an nGaeltacht agus pleanáil teanga pobail atá i gceist. Tá sé le cur i bhfeidhm i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, a chaith suas atá €110,000 in aghaidh na bliana ag tabhairt airgid do ghrúpaí pobail éagsúla go réiteoidís agus go bhfeidhmeoidís pleananna ceart pobal teanga.

D'fhógair mé i mí Aibreáin 2003 go mbeidh 20% de bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta a infheistiú i dtionscail ina bhfuil se soiléir go bhfuil úsáid agus leathadh na Gaeilge mar phríomhmheán cumarsáide sa Ghaeltacht lárnach. Seoladh scéim fiontraíocht Ghaeilge sa Ghaeltacht i mí Meithimh 2003.

I láthair na huaire, tá mé ag déanamh athbhreithniú cuimsitheach ar chumhachtaí agus fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Mar thoradh ar an athbhreithniú seo, d'iarr an Roinn aighneachtaí an phobail agus tá suas le 70 aighneacht faighte. Scrúdófar go mionn iad sa Roinn ach ní fheicfidh mise iad go dtí tar éis an toghcháin. Tá sé tábhachtach go mbreathnóimid ar an údarás i gcomhthéacs na riachtanas atá ann i láthair na huaire.

Tá staidéar teangeolaíochta tosaithe sa nGaeltacht agus tá gá go mbeidh critéir soiléir ann cad é Gaeltacht agus go bhfágfaidh an rogha le pobal na Gaeltachta féin an dteastaíonn uatha bheith taobh istigh nó amuigh. Níl mórán glacadh agam leis, is cuma cad a deir polaiteoirí. Gaeltacht ina bhfuil daoine míshásta go mbeidh na hainmneacha i nGaeilge nó rianaibh éigin den nGaeilge ann, agus ag an am céanna nach bhfuil ag éirí stádas Gaeltachta a chailleadh, níl aon chiall lena leithéid a bheith mar Ghaeltacht agus caithfimid critéir a leagan síos a rá má theastaíonn stádas Gaeilge ó cheantar, caithfidh sé cloígh leis na critéir sin.

Ba mhaith liom díriú sa bhliain atá romhainn ná ceist foilsitheoireachta sa Ghaeilge. Níl aon amhras ach go bhfuil líon agus caighdeán na leabhar atáá bhfoilsiú ag feabhsú le blianta. Níl nós léitheoireachta na Gaeilge, áfach, chomh tréan agus ar mhaith liom. Tá bord nua Bord na Leabhar Gaeilge ceaptha agam agus tréaslaím saothar an tseanbhoird. Tá dream nua ann anois i mbun a chúram. Chas mé leis agus rinne mé soiléir gur theastaigh uaim ná go n-éireodh sé gnáthléitheoireacht a chur ar fáil a bheadh tarraingteach don phobal agus go ndéanfaimis iarracht mhór margaíocht a dhéanamh ar léitheoireacht na Gaeilge. Ba bhreá an rud é dá dtiocfadh duine ag an aerfort ar chúpla leabhar éadroma Gaeilge ar nós leabhair Béarla, nach rud don chúlsheomra de na siopaí speisialtóireachta iad agus go bhfeicfí leabhair as Gaeilge agus spéis sa phobal iontu.

Tá Foras na Gaeilge ag treabhadh leis. Tá a lán cúisigh áirithe ann de bharr na teipe ar an bhFeidhmeannas ó Thuaidh ach taobh istigh de na cúinsí atá ann, tá obair mhór ar bun ag an bhforas. Tá pianta fáis ann ar ndóigh ach feicfear go bhfuil cur chuige maith ag an bhforas agus ma bheimid beagáinín foighideach, feicfimid go dtiocfar ar réiteach ar na fadhbanna atá ann le cúpla mí anuas. Tá a fhios agam go bhfuil caidreamh nua-bhunaithe idir an foras agus na heagraíochtaí Gaeilge, agus is tuar dóchais don am atá le teacht é sin.

An rud deiridh ar mhaith liom a lua ná ceist na Gaeilge sa Teach seo. Luaigh an Coimisinéir nach mbíonn ach 1% den díospóireacht sa Teach seo as Gaeilge, agus glacaim leis gur fadhb é sin. Má tá muid macánta faoin cheist seo, tá cúiseanna ann gur mar sin atá sé. Tá sé scannalach agus is ceann de na fáthanna é nach bhfuil daoine sásta Gaeilge a úsáid sa Teach seo ná go bhfuil a fhios acu nach ndéanfar tuairisciú ar rud ar bith a deirtear i nGaeilge sa Teach seo sna mórmheáin Bhéarla, fiú má bhíonn aistriúchán ar fáil.

Nuair a bhí an tAcht Teangacha Oifigiúla ag dul tríd an Dáil, ó A go Z, ní raibh focal ariamh ar "Today in the Oireachtas" faoi. Choinnigh me súil air, agus fiú go rabhamar anseo gan mórán eile ar bun i dTithe an Oireachtais sna laethanta céanna, níorbh fhiú do na heagarthóirí a bhaineann leis an gclár sin oiread agus focal amháin den díospóireacht bhríomhar a bhí ar an Acht a chraoladh. Má chuirtear ceist cén fáth nach n-úsáideann daoine Gaeilge sa Teach seo, cuirimse síos gur sin é. Ní maith le polaiteoirí seasamh suas muna bhfuil éinne ag éisteacht leo. Níl mé á rá nach bhfuil sí tábhachtach, nó an comhghleacaí ar mo chúl, ach táimid ag iarraidh labhairt leis an bpobal. Táimid ag brath ar lucht na nuachta cothrom na féinne a thabhairt dóibh siúd a labhraíonn an Ghaeilge chomh maith le dóibh siúd a labhraíonn an Béarla, agus tá córas aistriúcháin ar fáil.

Mhol mé cheana féin agus molaim arís go smaoineodh TG4 ar chlár Gaeilge leath-uaire a dhéanamh a chraolfaí uair sa tseachtain. Thabharfaí tús áite d'óráidí i nGaeilge, ach d'fhéadfaí é a líonadh isteach le hóráidí as Béarla. Thabharfaí blas den méid a bhí le rá. Táimse cinnte dá mbeadh a leithéid de chlár ann uair sa tseachtain ar an teilifís, agus dá mba rud é go raibh óráidí i nGaeilge ag fáil tús áite ar óráidí i mBéarla ar a leithéid de chlár mar a fhaigheann na hóráidí i mBéarla tús áite ar na hóráidí i nGaeilge i láthair na huaire ar "Today in the Oireachtas", thiocfadh méadú as cuimse ar úsáid na Gaeilge sa Teach seo. Tar éis na Féile Pádraig, molaim é sin mar ghníomh don bhliain seo. Ní hé an chéad uair dá bhfuilim á mholadh sin, ach dá ndéanfaí an rud beag sin amháin, thiocfadh muid ar ais anseo ar a laghad ag caint 5% nó 10% as Gaeilge i dTithe an Oireachtais, agus b'fhéidir, ní ba mhó. Nach iontach an dul chun cinn dúinne sa Teach dá mbeadh a leithéid d'fheabhas ann in imeacht bliana?

Gabhaim buíochas leis an Cheann Comhairle as ucht an deis cainte agus tá súil agam go mbeimid in ann tuairisciú ag an am seo arís go bhfuil an oiread céanna dul chun cinn déanta agus a rinneadh le cúpla bliain anuas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.