Dáil debates

Tuesday, 5 October 2004

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

B'fhéidir go bhfuil an Teachta ag breith ar seo ón taobh mícheart. Ma bhreathnaíon sé ar phlean mo Roinne féin, is é atá ann go soiléir ná go mbeidh duine i ngach uile rannóg a bheidh in ann seirbhís a thabhairt do chustaiméir trí mheán na Gaeilge. Ní hamhlaidh atá i láthair na huaire. Ar ndóigh, mar atá ráite go minic, déanann rannóg na Gaeilge, rannóg na n-oileán agus rannóg na Gaeltachta a ngnóithe trí Ghaeilge, ach ins na rannógaí eile ní hamhlaidh atá.

An rud atá i gceist a dhéanamh as seo go ceann trí bliana ná déanamh cinnte go mbeidh daoine ins na rannóga eile sa Roinn a bhéas in ann déileáil leis an bpobal trí Ghaeilge. Chuige sin, beidh orainn, idir tréanáil, earcaíocht agus folúntais inmheánacha, déanamh cinnte gur chuid den pholasaí earcaíochta é go mbeidh duine le Gaeilge i ngach uile rannóg. Ní shin le rá go mbeidh ar gach uile dhuine sa rannóg Gaeilge a bheith acu ach beidh orainn déanamh cinnte go bhfuil, ar a laghad, duine le Gaeilge i ngach rannóg. Beidh orainn é sin thógáil san áireamh i gcúrsaí earcaíochta, ardaithe céime agus mar sin de.

Tá sé tábhachtach go mbeadh sé seo ar fad bunaithe ar sheirbhís don phobal seachas ar rud inmheánach ar mhaithe leis féin nó seachas rud le buntáiste a thabhairt don Ghaeilge thar an mBéarla díreach ar mhaithe le post a fháil. Ní shin atá i gceist. Ar ndóigh, dá mbeadh post do thréidlia, chaithfí dul agus tréidlia a fháil. Má tá post ina bhfuil Gaeilge agus Béarla riachtanach, beidh orainn duine le Gaeilge agus Béarla a fháil. Beidh ceann de na postanna sin le líonadh i ngach uile rannóg i mo Roinn as seo go ceann trí bliana.

Beimid ag súil go n-úsáideann na rannóga Stáit agus na comhluchtaí poiblí eile plean Ranna s'againne seo mar eiseamláir de dhea-chleachtas agus go leanfar é thar an tseirbhís poiblí. Dá mbeadh duine amháin le Gaeilge i ngach uile rannóg Stáit agus i ngach uile rannóg des na heagraíochtaí Stát, bheadh orainn go leor daoine le Gaeilge a earcadh. Luíonn sin le réasún.

Is ar mhaithe le seirbhís don chustaiméir agus ard-chaighdeán seirbhíse a thabhairt do chustaiméirí atá seo á dhéanamh agus ní ar mhaithe le buntáiste a thabhairt don Ghaeilgeoir thar an duine nach bhfuil ach Béarla amháin aige. Ar ndóigh, ar nós aon cháilíocht a bheith ag duine, is buntáiste é an cháilíocht bhreise a bheith ag duine go bhfuil sé nó sí dátheangach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.