Dáil debates

Tuesday, 5 October 2004

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Mar is eol don Teachta, ní foláir, bhí sé de phribhléid agam scéim mo Roinne féin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a fhoilsiú ar an Déardaoin seo caite. Ar ndóigh, tá céatadán suntasach de rannáin mo Roinnese ag feidhmiú cheana féin trí Ghaeilge. I gcás gach ceann de na rannáin a sholáthraíonn seirbhísí ar bhonn dhuine-le-duine trí Bhéarla amháin faoi láthair, tá céimeanna sonracha luaite sa scéim a chinnteoidh go mbeidh ar chumas na rannán sin déileáil go héifeachtach trí mheán na Gaeilge le grúpaí seachtracha roimh dheireadh thréimhse na scéime. Tá i gceist go ndéanfaidh an t-aonad oiliúna measúnú ar sholáthar agus éileamh ó thaobh sheirbhísí Gaeilge de i ngach rannóg de chuid na Roinne mar chuid den phróiseas sin.

Ag tagairt don earnáil phoiblí go ginearálta, caithfear a thuiscint nach féidir gach rud a bhaint amach thar oíche agus, mar a dúirt mé ó thús, is í an aidhm atá agam ná go mbeidh feabhsúcháin á mbaint amach, thar thréimhse roinnt scéimeanna, ar leibhéal agus ar chaighdeán na seirbhísí poiblí a bhíonn á gcur ar fáil trí Ghaeilge, de réir éilimh.

Ní mór a thuiscint freisin gur ar an gcomhlacht poiblí, seachas ar an duine aonair, atá an dualgas a chinntiú go gcuirfí feabhas ar bhealach comhtháite, céimiúil agus aontaithe ar chaighdeán na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge agus go mbeidh na hacmhainní cuí chuige sin curtha ar fáil i gcomhréir leis na ngeallúintí a bheidh sonraithe i scéim. Ní mór dom a mhiniú freisin, ar eagla aon mhí-thuisceana, nach mbeidh úsáid na Gaeilge éigeantach d'aon státseirbhíseach nó seirbhíseach poiblí agus gur ar bhonn chomhpháirtochta a thabharfar feidhm don Acht, chomh maith le pé torthaí a n-eascraíonn as ceist na Gaeilge san AE, atá á plé leis na hinstitiúidí Eorpacha faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.