Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 September 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé (Atógáil)

2:00 am

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Má bhreathnaímid ar mo bhaile féin i Maigh Nuad mar shampla, feicfear an deacracht a bhíonn ag pobal labhartha na Gaeilge. Ní raibh Gaelscoil ann, ach in 1996, bhunaigh muintir na háite - mo thuistí ina measc - Gaelscoil Uí Fhiaich. Níor thug an Roinn Oideachais aitheantas don scoil sin ar feadh dhá bhliain agus bhí ar na tuistí íoc as na múinteoirí agus chuile shórt chomh maith. Má bhogaimid ar aghaidh go dtí an meánscoil, ní raibh Gaelcholáiste i Maigh Nuad. Tá dhá Ghaelscoil ann anois. Is é sin an méid béime atá ann. Ní raibh Gaelcholáiste i Maigh Nuad. Bhí mise ag déanamh iarracht Gaelcholáiste a bhunú an t-am ar fad agus an t-am uilig an rud a bhí á rá againn ná "béim, béim, béim". Tóg é agus tiocfaidh siad. Is é sin an rud is tábhachtaí, go háirithe leis an nGaelainn. Nuair atá sé ar fáil do mhuintir labhartha na Gaeilge, idir bunscoil, meánscoil agus, sa chás seo, institiúidí tríú leibhéil, rachaidh na daltaí chucu. Caithfear na cúrsaí sin a chur ar fáil do na daltaí. Bogfaidh mé ar aghaidh mar tá roinnt ceisteanna eile agam ach is pointe tábhachtach é sin do na finnéithe. Níl sé maith go leor gurb iad muintir labhartha na Gaeilge atá de shíor á ceistiú féin faoi bhéim.

Bogfaimid ar aghaidh ar aon nós. An príomhrud atá cloiste agam ó na finnéithe inniu ná an ról mór atá acu ó thaobh maoinithe. Tuigim sin. An bhfuil aon sórt ról acu ó thaobh polasaithe de nó an bhfuil siad ag fanacht ar an Rialtas an t-am ar fad na polasaithe sin a thabhairt dóibh?