Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 15 July 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Tuarascáil Bhliantúil 2024 agus Caighdeán na Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Oifig an Choimisinéara Teanga
2:00 am
Mr. Séamas Ó Concheanainn:
Tá dhá phíosa sa reachtaíocht atá in ann dul i ngleic leis sin. Is é an chéad cheann ná córas na gcaighdeán teanga, faoina leagann an tAire dualgas soiléir ar chomhlachtaí poiblí na córais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, na córais clarúcháin a bhfuil tagairt déanta ag an Seanadóir dóibh, a chur i bhfeidhm go dátheangach. I láthair, níl an dualgas sin ann in go leor áiteanna. Mar sin, forbraítear an córas i mBéarla agus, fiú go bhfuil dualgas tánaisteach ar chomhlachtaí poiblí córais ríomhaireachta a chur ar fáil tríd gealltanais scéime teanga, tosaítear ansin ag iarraidh an córas atá forbartha cheana féin i mBéarla a leigheas le réiteach a chur ar fáil i nGaeilge. Is toradh post factum atá sa réiteach i nGaeilge go minic. Trí chóras na gcaighdeán teanga, tá deis ann a leagan síos go soiléir gur gá na seirbhísí idirghníomhacha seo ar líne a chur ar fáil go dátheangach ón tús. Is é sin an chéad ghné.
Thagair mé don dara gné i bhfreagra eile ar ball. Tá dualgas reachtúil anois ar chomhlachtaí poiblí na córais atá acu a bheith in ann déileáil le d'ainm i nGaeilge, an síneadh fada san áireamh. Leis an dá fhoráil sin ag oibriú as lámh a chéile agus a bheith i bhfeidhm, táim dóchasach go mbeidh athrú ollmhór le feiceáil ar an gcás atá luaite ag an Seanadóir sna blianta amach romhainn. Deireann comhlachtaí poiblí go minic go bhfuil airgead ollmhór a chaitheamh acu le córais teicneolaíochta agus go bhfuil sé costasach iad a athrú ach, mar riachtanas reachtúil teanga, caithfidh an Ghaeilge a thabhairt isteach sa bpleanáil tionscadail ag an tús ach an oiread leis na hábhair eile a dtugtar isteach nuair atá pleanáil á dhéanamh do chlár nó córas atá a fhorbairt.