Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 15 July 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Tuarascáil Bhliantúil 2024 agus Caighdeán na Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Oifig an Choimisinéara Teanga
2:00 am
Mr. Séamas Ó Concheanainn:
Tagaim go hiomlán leis an méid atá ráite ansin. San aitheasc, leagaimid béim ar cé chomh tábhachtach atá sé comhordú a dhéanamh ag leibhéal náisiúnta ar earcú foirne a bhfuil Gaeilge mhaith acu. Má théann muid ar ais go dtí na bunfhigiúirí, tá 400,000 duine ag obair sa tseirbhís phoiblí. Tá 13,000 duine sa bhreis fostaithe chuile bhliain ar an mheán. Tá 500 comhlacht poiblí a thagann faoi scáth na reachtaíochta teanga. Tá 18 Ranna Rialtais againn agus 31 údarás áitiúla. Cén chaoi a ndéanfar comhordú nó cén chaoi a dtógfar droichead idir an plean náisiúnta agus an cur i bhfeidhm praiticiúil a theastódh leis an rud atá luaite ag an Seanadóir a bhaint amach? Táimid go láidir den tuairim go dteastaíonn aonad a aithint nó a bhunú a dhéanfaidh comhordú, tomhais agus tuarisciú ar bhonn leanúnach, go háirithe sna blianta tosaigh, ar an earcaíocht agus cárb as a bhfuil na hearcaigh ag teacht, is é sin, na réimsí a rinne an Seanadóir tagairt dóibh. Mura mbeadh sé sin ann, bheadh imní orm go bhféadfaimis a bheith i suíomh mar a bhí le córas na scéimeanna teanga, córas atá scaoilte agus a bhfuil easpa leanúnachais leis. Tá gá le struchtúr lena dhéanamh cinnte go bhfuil muid ag baint amach 5%, 10% agus ansin 15%.
Ó thaobh cúrsaí dreasachta, dar ndóigh, bhí an liúntas Gaeltachta ann, ar cuireadh deireadh leis roinnt blianta ó shin. Má tá cur chuige náisiúnta ann, má tá sé soiléir don tseirbhís phoiblí agus do chomhlachtaí poiblí go bhfuil an t-aitheantas cuí á thabhairt don Ghaeilge trí chur chuige córasach náisiúnta, má tá treoir a fháil ag comhlachtaí poiblí, áit a bhfuil ról criticiúil ag an gcoiste comhairleach, agus má tá sé soiléir gur tosaíocht náisiúnta é seo, feicfidh daoine aonair deiseanna dul chun cinn ó thaobh cúrsaí a dhéanamh i nGaeilge agus freastal ar an nGaeltacht. Tá samplaí an-mhaith ag ollscoileanna éagsúla. Caitear tréimhsí sa nGaeltacht, áit a bhfuil an tumadh teanga fite fuaite ann. Ba cheart breathnú air sin a leathnú amach. Ach, mura dtarlófar comhordú náisiúnta agus mura dtógfar droichead idir an plean náisiúnta agus an cur i bhfeidhm ó lá go lá, tá sé an-deacair dul chun cinn a fheiceáil sa gcúpla bliain amach romhainn.