Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 15 July 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Tuarascáil Bhliantúil 2024 agus Caighdeán na Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Oifig an Choimisinéara Teanga
2:00 am
Mr. Séamas Ó Concheanainn:
Is é an cnámh droma atá ag an rud uilig ná go ndeirtear san fhoráil sin go bhfuil sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag duine as cúigear a earcaítear isteach sa tseirbhís phoiblí. Is léir ó na figiúirí a ndearna muid staidéar orthu idir 2018 agus 2023 sa tseirbhís phoiblí ina iomlán - áit a bhfuil beagnach 400,000 duine ag obair - earcaítear 13,000 duine ar a mheán gach bliain. Sa bplean náisiúnta, dhírigh na taighdeoirí – cuid thábhachtach a bhí ann – ar cén leibhéal soláthar a bhí ann i láthair na huaire do chúrsaí i nGaeilge. Ansin, líon breis agus 4,000 ball foirne suirbhé i nGaeilge, agus is léargas a bhí ansin ann féin go bhfuil 4,000 duine taobh istigh den tseirbhís phoiblí faoi láthair atá compordach ag feidhmiú trí Ghaeilge. Luaigh 3,844 de na baill foirne sin go raibh leibhéal idir B2 agus C2 do Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha acu. Mar sin, tá bunús ansin. Luaigh mé ar ball earnáil na hollscolaíochta Gaeilge. Má tá fás as cuimse le teacht ar líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu gur féidir a fhostú isteach sa tseirbhís phoiblí, caithfear borradh agus cur go mór le líon na gcéimithe le Gaeilge atá ag teacht chun cinn. Má bhreathnaímid ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus na comórtais uilig a ritheann sé, tá sé go hard sna céadta - suas le 600 - in aon bhliain amháin do chomórtais earcaíochta i mBéarla. Tá sé, nó bhí sé, an-íseal i nGaeilge. Agus é sin mar phointe tagartha, an cheist ná an bhfuil acmhainneacht á fhorbairt sa gcóras le tuilleadh fostaithe le Gaeilge a fhostú. Chomh maith le hearnáil na hollscolaíochta Gaeilge, tá obair mhaith á dhéanamh ag áisíneachtaí eile cúrsaí feidhmiúla sa Ghaeilge labhartha agus i nGaeilge scríofa a chur ar fáil. Mar sin, beidh orainn teacht air ón dá thaobh: cúrsaí ollscoile agus cúrsaí praiticiúla. Is é sin an fáth go leagaim béim, mar atá san aguisín, ar earnáil na hollscolaíochta agus clár náisiúnta foghlaim an teanga mar chrann taca den phlean freisin.