Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 15 July 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Tuarascáil Bhliantúil 2024 agus Caighdeán na Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Oifig an Choimisinéara Teanga

2:00 am

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Mar atá sé leagtha amach sa reachtaíocht teanga ag dul siar go dtí Acht 2003, i measc na céimeanna atá an Coimisinéir Teanga in ann a thógáil ná imscrúdú, nó fiosrú foirmiúil a dhéanamh ar an ábhar. Sa chás seo, níor fhoilsigh Comhairle Contae Chill Dara an dréachtphlean forbartha go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla. Déantar fionnachtana agus moltaí agus ansin déanann Oifig an Choimisinéara Teanga monatóireacht air. Tá chumhacht eile ag Oifig an Choimisinéara Teanga a úsáidtear ó thráth go chéile, sé sin gur féidir linn tuairisc a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais sa gcás go bhfuil an oifig den tuairim nach bhfuil moltaí nó cuid de mholtaí atá déanta in imscrúdú foirmiúil curtha i bhfeidhm. Is cumhacht tábhachtach atá ansin. Mar atá sa reachtaíocht teanga faoi láthair, níl sé de chumhacht ag an gcoimisinéir fíneáil a ghearradh. Tá mé ag ceapadh gur chuid de phróiseas a bheadh ansin. Le teacht i bhfeidhm na reachtaíochta teanga nua i láthair na huaire, beidh tréimhse ann ina mbeidh an reachtaíocht sin ag fáil a cosa. Má tá sé soiléir go bhfuil feabhas ag teacht ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge, is dóigh liom go bhfuil na feidhmeanna nó na cumhachtaí atá agam faoi láthair dóthanach ag an bpointe seo ach is ábhar é go gcaithfear súil ghéar a choinneáil air.