Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 15 July 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Tuarascáil Bhliantúil 2024 agus Caighdeán na Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Oifig an Choimisinéara Teanga

2:00 am

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí uilig an choiste as an gcuireadh teacht ina láthair chun plé a dhéanamh ar phríomhthorthaí thuarascáil bhliantúil m’oifige do 2024. Fáiltím roimh an gcuireadh freisin trácht a dhéanamh ar dhá chrann taca atá tábhachtach d’fheidhmiú an phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge agus do láidriú cearta teanga sna blianta beaga amach romhainn. Is iad sin an fhoráil go mbeidh inniúlacht sa Ghaeilge ag 20% den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí agus córas na gcaighdeán teanga, trína leagfar dualgas ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí poiblí nua a sholáthar trí mheán na Gaeilge. I mo theannta anseo inniu tá Órla de Búrca, bainisteoir gearán na hoifige; Eibhlín de Paor, bainisteoir imscrúduithe; agus Maggie Ní Chadhain, bainisteoir oibríochtaí Oifig an Choimisinéara Teanga.

Mar is léir ó thuarascáil bhliantúil m’oifige, a foilsíodh le gairid, tá fianaise shoiléir sna 594 gearán a fuair m’oifig in 2024 gur driseacha cosáin le seirbhísí poiblí i nGaeilge a fheabhsú i láthair na huaire iad an easpa foirne le Gaeilge mhaith atá fostaithe sa tseirbhís phoiblí agus an easpa dualgas atá ar an Stát go fóill seirbhísí poiblí bunúsacha a sholáthar i nGaeilge. Bhain 37% de líon iomlán na ngearán a fuair m’oifig in 2024 le gealltanais i scéimeanna teanga. Tá sé ríthábhachtach bunaidhm chóras na scéimeanna teanga faoin Acht teanga bunaidh in 2003 a choinneáil i gcuimhne. Ba í an bhunaidhm sin ná gur trí chóras na scéimeanna teanga a chuirfí go leor de na seirbhísí poiblí bunúsacha i nGaeilge nár leagadh síos sa mbun-Acht féin in 2003 ar fáil, mar shampla, seirbhísí tacaíochta custaiméara ar an teileafón, ag deasca cabhrach agus fáiltithe. I bhfocail eile, bhíothas ag brath ar chóras na scéimeanna teanga don ghné chriticiúil sin den tseirbhís cumarsáide labhartha idir pobal na Gaeilge agus baill foirne na gcomhlachtaí poiblí a chuireann seirbhísí ar fáil don phobal.

Bhí sé ríshoiléir le blianta fada nach raibh córas na scéimeanna teanga oiriúnach don fheidhm a leagadh amach dó. Rinne an tAire Stáit sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, mar a bhí, aisghairm ar bhunú scéimeanna nua teanga i mí na Nollag seo caite, in 2024. Níor tugadh feidhm go fóill do chóras nua na gcaighdeán teanga atá le teacht ina áit chóras na scéimeanna teanga. Is é bunfheidhm chóras nua na gcaighdeán teanga dualgas soiléir agus leanúnach a leagan ar chomhlachtaí poiblí le seirbhísí poiblí nua a sholáthar agus an leibhéal inniúlachta a chaithfidh a bheith ag baill foirne na gcomhlachtaí poiblí sa nGaeilge a bheidh ag soláthar na seirbhísí a shainiú. Is den ghéar-riachtanas é go dtabharfar córas nua na gcaighdeán teanga i bhfeidhm gan mhoill le dul i ngleic leis an bhfolús reatha atá cruthaithe ag aisghairm ar dhaingniú scéimeanna teanga nua.

Cé go bhfuil go leor seirbhísí tacaíochta custaiméara de chuid an Stáit seo á gcur ar fáil ar líne anois, is gné lárnach de go leor seirbhísí poiblí i gcónaí an chumarsáid ó bhéal a tharlaíonn idir an pobal agus foireann na gcomhlachtaí poiblí. Faraor, léiríonn go leor de na gearáin a tháinig faoi scáth m’oifige in 2024 ní hamháin nach bhfuil dóthain foirne a bhfuil Gaeilge mhaith acu ar fáil le freastal ar éilimh phobal labhartha na Gaeilge, ach nach bhfuil go leor bunseirbhísí poiblí ó Ranna Rialtais agus ó údaráis áitiúla, mar shampla, ar fáil ar líne i nGaeilge i láthair na huaire. Cuir i gcás clárú, iarratas nó coinní a dhéanamh.

Tógaimis an tairseach náisiúnta MyGovID ina chás den chineál seo. Is tairseach í seo a bhfuil raon leathan seirbhísí poiblí bunúsacha ar fáil uirthi. Cuir i gcás iarratas a dhéanamh ar phas, ar chárta seirbhísí poiblí, ar cheadúnas nó ar thástáil tiomána. Nuair a scrúdaítear leibhéal an tsoláthair i nGaeilge ar an tairseach lárnach Rialtais seo i láthair na huaire, feictear go bhfuil éagothromaíocht ollmhór idir caighdeán agus cuimsitheacht na seirbhíse atá ar fáil i mBéarla agus an tseirbhís thearc agus bhearnach atá ar fáil i nGaeilge. Scáthán atá i riocht reatha na tairsí MyGovID ar an leatrom atá á dhéanamh i láthair na huaire ar fhíorú chearta teanga phobal na Gaeilge nuair nach bhfuil na seirbhísí poiblí is bunúsaí, atá an pobal trí chéile á lorg go tréan gach lá, ar fáil ar ardchaighdeán i nGaeilge. Faraor, is léiriú eile ar na bearnaí tromchúiseacha atá luaite agam an t-imscrúdú a rinne m’oifig in 2024 ar Oifig na bPasanna de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha, mar a bhí, maidir leis na baic atá ar phobal na Gaeilge i láthair na huaire seirbhís phoiblí chomh bunúsach le hiarratas a dhéanamh ar phas i nGaeilge gan bhac.

Ba chloch mhíle thábhachtach i bhfeidhmiú na reachtaíochta teanga nua é foilsiú an chéad phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge i stair an Stáit i mí Dheireadh Fómhair 2024. Rinne an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge, a bhunaigh Aire na Gaeltachta le réiteach an phlean a stiúradh, cinneadh stuama taighdeoirí ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, a fhostú ar chonradh soláthair le cabhrú le foireann na Roinne an plean a fhorbairt. Is é an plean náisiúnta an fheithicil a tharraingeoidh le chéile na sruthanna pleanála straitéisí éagsúla a chinnteoidh go dtiocfaidh feabhas as cuimse ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge ar scála náisiúnta. Tá na sé mhórthéamaí straitéiseacha sa phlean le moladh. Ní féidir bunchloch láidir a leagan faoin bplean náisiúnta, áfach, gan feidhm iomlán a thabhairt gan mhoill do dhá chrann taca a bhfuil feidhmiú éifeachtach an phlean náisiúnta ag brath go mór orthu; is iad sin feidhmiú chóras na gcaighdeán teanga agus feidhmiú na forála 20% d’earcaigh a bheith inniúil sa Ghaeilge idir Meitheamh 2022 agus Nollaig 2030.

Is creatlach straitéise náisiúnta an-luachmhar atá sa bplean náisiúnta faoi láthair d’fhonn aghaidh a thabhairt ar an mórsprioc seirbhísí poiblí i nGaeilge a fheabhsú. Dála aon straitéise, is é an cur i bhfeidhm an chuid is dúshlánaí d’fhíorú straitéise ag leibhéal Stáit nó eagraíochta fiú. Beidh na chéad chéimeanna eile d’fheidhmiú an phlean náisiúnta criticiúil chun bonn taca láidir a chur faoi dhul chun cinn leis an mórsprioc náisiúnta seirbhísí poiblí i nGaeilge a fheabhsú as cuimse. Gan an dá phríomhchrann taca den phlean a bheith faoi lánseol laistigh de mhórán ama, is iad sin lánfheidhm a bheith tugtha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta do chóras na gcaighdeán teanga agus earcú fórsa saothair a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu a bheith á fheidhmiú ar bhonn córasach laistigh de chomhlachtaí poiblí, is deacair dul chun cinn suntasach i bhfeabhsú soláthar seirbhísí poiblí i nGaeilge a shamhlú sa gcúpla bliain amach romhainn. Dá réir, tá tábhacht mhór ag baint leis an bplean gníomhaíochta a bhfuiltear ag súil lena fhoilsiú go luath ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta le feidhmiú chrainn taca an phlean agus táscairí feidhmíochta gaolmhara a leagan amach go soiléir.

Tá fianaise i leith an ghéarghá córas na gcaighdeán teanga a thabhairt i bhfeidhm sa bhfíric gur bhain 41% de líon iomlán na ngearán a rinneadh le m’oifig in 2024 le laigí chóras na scéimeanna teanga. Dhaingnigh Airí Gaeltachta éagsúla scéimeanna teanga le ballaíocht 140 comhlacht poiblí le 20 bliain anuas. Bhí cúis mhaith leis an daingniú sin. Roghnaíodh comhlachtaí poiblí a raibh seirbhísí poiblí forleathana agus criticiúla á soláthar acu don phobal. I measc an 140 comhlacht poiblí sin, tá Ranna agus áisíneachtaí Rialtais, údaráis áitiúla, institiúidí oideachais agus comhlachtaí poiblí móra eile; mar shampla, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Bunriachtanas a bheidh ann go dtabharfaidh an chéad sraith de chaighdeáin teanga na catagóirí thuasluaite uile de chomhlachtaí poiblí isteach faoina scáth maidir le soláthar seirbhísí criticiúla idirghníomhacha ar líne, seirbhísí faisnéise teileafóin agus seirbhísí deisce cabhrach.

Caithfear a bheith thar a bheith airdeallach faoi scála, scóip agus éagsúlacht na seirbhíse poiblí agus an dara crann taca don phlean náisiúnta, is é sin pleanáil d’fhórsa saothair ag a bhfuil inniúlacht i nGaeilge idir lámha. Tá breis agus 500 comhlacht poiblí forordaithe faoin reachtaíocht teanga. Léiríonn figiúirí a d’fhoilsigh an Roinn Caitheachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin go raibh 397,121 duine fostaithe sa tseirbhís phoiblí ag deireadh an cheathrú ráithe in 2023 agus gur tháinig méadú de bhreis agus 13,000 fostaí ar an meán in aghaidh na bliana ar fhoireann na seirbhíse poiblí idir 2018 agus 2023.

I bhfianaise scála agus scóip na hidirbheartaíochta atá ag teastáil le dóthain foirne atá inniúil i nGaeilge a earcú ar bhonn náisiúnta, dar liom, teastóidh aonad comhordúcháin agus tuairiscithe straitéise a aithint nó a bhunú le tacú leis an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge maoirseacht a dhéanamh ar earcú foirne atá inniúil i nGaeilge ar bhonn córasach trasna na seirbhíse poiblí. Mura ndéanfar comhordú, tomhas agus tuairisciú ar bhonn leanúnach ar fud na seirbhíse poiblí ar fheidhmiú an chrainn taca seo den phlean náisiúnta, tá riosca mór ann nach n-éireoidh leis an Stát a chuid dualgas reachtúil maidir leis an bhforáil 20% d’earcaigh atá inniúil i nGaeilge a fhíorú.

Ar cheann de na rioscaí is mó a bheidh le bainistiú ag an gcoiste comhairleach, tá an ceap tuisle a bhain de chóras na scéimeanna teanga in imeacht na mblianta a sheachaint ar ais nó ar éigean, is é sin, gurb é a bheadh sa bpleanáil fórsa saothair i ndeireadh na dála ná cur chuige scaoilte le heaspa comhordúcháin ar bhonn náisiúnta, staid a chinnteodh nach dtiocfadh an feabhas as cuimse atá riachtanach ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge.

Tá sé criticiúil go mbeidh dóthain acmhainní ag an aonad comhordúcháin, tomhais agus tuairiscithe a thacóidh leis an gcoiste comhairleach agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta crann taca an bheartais náisiúnta earcaíochta a neadú i gcroílár an phlean náisiúnta. Thacódh an t-aonad comhordúcháin agus tuairiscithe straitéise go mór, dar liom, lena chinntiú go neadófar pleanáil agus earcú fórsa saothair atá inniúil i nGaeilge i bpleanáil eagraíochtúil na gcomhlachtaí poiblí fud fad na seirbhíse poiblí. Beidh fíorú thiomantas an Stáit seo d’fheabhsú seirbhísí poiblí i nGaeilge ag brath go mór ar na struchtúir bhuanú thacaíochta a chuirfear ar fáil lena chinntiú go dtabharfar faoi fheidhmiú an phlean náisiúnta ar bhonn córasach go náisiúnta.

I mí na Nollag 2024, leag mé tráchtaireacht ar obair an choiste chomhairligh don tréimhse idir an 20 Meitheamh 2022 agus an 31 Nollaig 2023 mar a fhorordaítear faoi alt 18F(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, faoi bhráid an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, mar a bhí.

Tá cur síos in aguisín A faoi iamh ar na fearainn éagsúla d’fhonn bonn seasmhach a chur faoin bplean náisiúnta. I measc na bhfearann sin, tá earnáil na hollscolaíochta Gaeilge. I bhfianaise scála an bhirt atá de dhíth d’fhonn dóthain foirne atá inniúil sa Ghaeilge a sholáthar don tseirbhís phoiblí, beidh sé riachtanach go leagfar amach conair sa phlean náisiúnta trína bhforbrófar straitéis nua don ollscolaíocht Ghaeilge go náisiúnta chun sruth de chéimithe ag a bhfuil Gaeilge mhaith a sholáthar. Dar ndóigh, bheadh ról ar leith ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, an tÚdarás um Ard-Oideachas, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus institiúidí tríú leibhéal ina leithéid. Gan ach comhthéacs amháin a lua, tá an soláthar reachtúil atá in alt 8(1)(b) d’Acht an Údaráis um Ard Oideachas, 2022 maidir le cláir ardoideachais lán-Ghaeilge nua a fhorbairt fíorthábhachtach le tacú le gnóthú an ardaithe shuntasaigh ar fhoireann atá inniúil i nGaeilge.

Dar ndóigh, is iad na scoileanna atá i mbun an oideachais lán-Ghaeilge ag leibhéal na bunscolaíochta agus na hiarbhunscolaíochta laistigh den Ghaeltacht agus lasmuigh di a chothóidh mic léinn tríú leibhéal an lae amárach. Tá na heasnaimh mhóra a mheastar a bheith i soláthar na Roinne oideachais d’earnáil na hiarbhunscolaíochta lán-Ghaeilge go náisiúnta i láthair na huaire á n-imscrúdú agam chun críoch cearta teanga a fhorordaítear san Acht Oideachais, 1998.

Ní mór breathnú go géar ar bhonneagar náisiúnta do sholáthar seirbhísí poiblí i nGaeilge. Tá bonneagar náisiúnta pleanála teanga á fhorbairt ag an Stát le blianta beaga anuas sna limistéir phleanála teanga, i líonraí teanga agus i mbailte seirbhíse Gaeltachta. D’fhéadfaí leas a bhaint as an mbonneagar náisiúnta pleanála teanga sin le molchampais seirbhísí poiblí a fhorbairt a chuirfeadh raon leathan seirbhísí poiblí ar fáil i nGaeilge. Chruthódh na molchampais dlús seirbhísí i nGaeilge, dlús foirne a bheadh ag seachadadh na seirbhísí poiblí agus dlús éilimh ón bpobal teanga. Tá deiseanna suntasacha ann go dtógfadh na molchampais ar an mbonneagar oideachais tríú leibhéal, ar an mbonneagar teicneolaíochta, na Gteiceana, mar shampla, agus ar an mbonneagar sealbhaithe agus buanaithe teanga atá forbartha ag an Stát sa Ghaeltacht cheana féin.

Beart an-dearfach atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta ná uirlis úrnua don Ghaeilge a bheidh bunaithe ar an intleacht shaorga a fhorbairt. Mar aon le hacmhainní nua intleacht saorga i nGaeilge a fhorbairt a d’éascódh rochtain ar sheirbhísí faisnéise poiblí i nGaeilge, ba chóir breathnú ar na deiseanna freisin a chothóidh an intleacht shaorga i gcomhthéacs na molchampas ilsheirbhísí thuasluaite. Is féidir na molchampais a shamhlú mar chumasc den nuatheicneolaíocht, lena n-áirítear an intleacht shaorga, agus den acmhainn daonna inniúil i nGaeilge a bheadh ag soláthar taisclann de sheirbhísí poiblí i nGaeilge ar líne agus ar láthair fhisiciúil sa Ghaeltacht, i mbailte seirbhíse Gaeltachta agus i líonraí teanga.

Léiríonn na dúshláin a bhaineann leis an mhoill i bhfoilsiú na gcaighdeán teanga, agus i bhforordú dátaí faoina ndéanfar na seirbhísí go léir a chuireann comhlacht poiblí ar fáil sa Ghaeltacht a sholáthar i nGaeilge, scála na hoibre atá romhainn. Mar a luaigh mé níos luaithe, cinneadh stuama agus meáite a bhí i gcinneadh an choiste chomhairligh clár taighde ollscoile a choimisiúnú ar mhaithe le dúshraith théagartha eolaíoch a leagan faoi fhorbairt an phlean náisiúnta. Creidim gur beart criticiúil a bheidh ann go mbainfidh an coiste comhairleach úsáid as an gcumhacht reachtúil atá aige faoi alt 18C(1)(c) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 mar atá leasaithe lena chinntiú go mbeidh dóthain cúnaimh agus saineaolais sheachtraigh agus acmhainní ar fáil don chomhchoiste agus don Roinn le crainn taca an phlean náisiúnta a leagan agus a bhuanú.

Is mór an tábhacht a bhaineann leis an soláthar in alt 18C(4) den Acht freisin ina bhforordaítear go mbeidh na cumhachtaí go léir is gá ag an gcoiste comhairleach ar mhaithe le feidhmiú an phlean náisiúnta.

Léiríonn alt 10A, maidir le fógraíocht ag comhlachtaí poiblí, an tionchar dearfach atá ag feidhmiú na reachtaíochta teanga go tráthrialta ar láidriú cearta teanga. Tá úsáid agus feiceálacht na Gaeilge ar na meáin éagsúla i bhfad níos suntasaí anois ná riamh de thoradh na forála seo. De thoradh na forála fógraíochta, rinne comhlachtaí poiblí fógraíocht dar luach €3.8 milliún ar mheáin Ghaeilge i gcaitheamh na bliana 2023 agus fógraíocht i nGaeilge dar luach €10.4 milliún ar mheáin Bhéarla freisin i gcaitheamh na bliana 2023. Léiríonn an fhoráil seo an dlúthcheangal atá idir feidhmiú cearta teanga agus cothú bhisiúlacht na Gaeilge. Ábhar dóchais freisin is ea go raibh 50 as 51 comhlacht poiblí a ndearnadh faireachán orthu géilliúil d’fhoráil san Acht leasaithe 2021 a d’fhorordaigh go n-ainmneofaí ball foirne den bhainistíocht le cúram a dhéanamh d’fheidhmiú na reachtaíochta teanga laistigh den chomhlacht poiblí.

Tá tábhacht nach beag ag baint leis an bhforáil seo maidir le treisiú sícé rialachais na gcomhlachtaí poiblí maidir le feidhmiú na gcearta teanga laistigh de na comhlachtaí poiblí aonair.

Is cinnte go bhfuil cúpla bliain chinniúnach romhainn le bonn láidir a leagan faoi fheabhsú seirbhísí poiblí i nGaeilge. Beidh ról cinniúnach ag dea-fheidhmiú an phlean náisiúnta ar threisiú chearta teanga phobal na Gaeilge sa chúpla bliain seo romhainn. Tá mo oifig tiomanta go hiomlán do chomhlíonadh a cuid feidhmeanna uilig chun na críche seo. Gabhaim buíochas arís leis an gCathaoirleach agus baill uilig an chomhchoiste as a n-aird agus a dtacaíocht leanúnach don cheist náisiúnta seo.