Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 June 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé

2:00 am

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Gabh mo leithscéal. B'fhéidir go bhfuil dul amú orm. Déanfaidh mé cur síos ar na céimeanna. Ar an gcéad dul síos, rinneamar cur síos ar gach uile phíosa talún atá againn, obair a rinne an comhairleoir sular thosaíomar ag féachaint ar an gceist tithíochta. Rinneamar iniúchadh ar cad is féidir a dhéanamh leis an talamh seo le bheith cinnte ar na féidearthachtaí. Rinneamar é seo go sonrach sna portaigh, mar a luamar, le cinntiú go gcoinneofaí ar leataobh iad ar mhaithe le carbóin agus mar sin de. Bunaithe ar an obair sin, thugamar isteach comhairleoirí le féachaint ar na féidearthachtaí a bhain leis na háiteanna is fearr. As sin, roghnaíomar na suímh. Bhí idir sé agus seacht suíomh i gceist. Táimid tar éis cur leis an líon sin ó shin i leith, mar shampla, nuair a bhí deacrachtaí leis na rudaí a d'aimsigh an chomhairle áitiúil in iarracht suímh eile a aimsiú. Táimid oscailte fós.

Nuair a bhuaileamar leis na comhairlí áitiúla an tseachtain seo caite, dúramar leo go rabhamar oscailte d'aon áit eile a bheadh feiliúnach. É sin ráite, táimid ag iarraidh an chóimheá a aimsiú idir ár gcúraimí agus ár gcuspóirí i leith fiontair agus fostaíochta le cinntiú go bhfuil áiteanna ar fáil dúinn i gcónaí san áit a bhfuil géarghá le fostaíocht a chruthú. Táimid ag iarraidh an chóimheá sin a aimsiú ach is obair mhall í go dtí seo ag dul siar is aniar leis na comhairlí áitiúla, mar a thagair an Cathaoirleach di. Cuirimid fáilte mhór roimh an teacht le chéile sin. Tá an coiste sin in áit faoin gcathaoirleach Kieran Kehoe i gContae na Mí. Thug sé an grúpa le chéile le díriú go sonrach ar cheisteanna na Gaeltachta.

Tá tithíocht ar barr an liosta, ach tá go leor rudaí eile ar an liosta chomh maith céanna. Bíodh is go bhfuil cúiseanna eile, tá fuadar faoin obair sin anois. Bhí go leor dul chun cinn. Bhí sé thar a bheith cruthaitheach agus dearfach mar chruinniú an tseachtain seo caite. Ba léir go raibh gach duine sa seomra ag iarraidh bogadh ar aghaidh leis. Mar údarás, cuirimid fáilte roimhe sin mar táimid ag obair air sin, mar atá a fhios ag an gCathaoirleach. Tá an cheist pléite go minic agus muid ag obair air seo le os cionn dhá bhliain anuas. Is cúnamh dúinn an dul chun cinn atá déanta.