Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé
2:00 am
Mr. Tomás Ó Síocháin:
Ó thaobh na bhfoirgneamh atá folamh, tá dhá cheist ann. Tá Ruairí Ó Néill agus a fhoireann tar éis an-obair a dhéanamh air seo. Tá go leor oibre á déanamh againn air. Tá isteach agus amach le 500 foirgneamh againn. Téann go leor acu siar chuig na seachtóidí agus tá go leor oibre le déanamh againn orthu chun iad a thabhairt suas chun dáta ó thaobh athrú aeráide agus chun go mbeadh siad in ann do chórais nua teasa agus rudaí den sórt sin. Tá obair mhór á déanamh ansin againn. Chomh mór agus is féidir, táimid ag tabhairt na foirgnimh sin ar ais. Ina dhiaidh sin, braitheann sé ar cá bhfuil an t-éileamh ó áit go chéile agus ó Ghaeltacht go Gaeltacht. Cuir i gcás, i nGaeltacht na Gaillimhe, tá éileamh anois ann ar spás. Tá nach mór gach áit ina bhfuil spás againn i nGaillimh lán suas faoi láthair. Mar chomparáid, i gContae Dhún na nGall, tá áiteanna againn i gcónaí ach tá éileamh leanúnach anseo. Tá gá le spás thíos i bPort Láirge, i gContae Chorcaí agus i gContae Chiarraí. Níl an t-éileamh chomh mór céanna i gContae Chiarraí ach táimid ag plé le roinnt comhlachtaí. Braitheann sé ar an éileamh ó áit go chéile ach, ar an iomlán, in aon áit a mbíonn deis againn an phunann mhaoine atá againn a thabhairt suas chun dáta, tá an obair sin ar siúl againn. Tá go leor airgid caite againn ar obair uasghrádaithe chaipitil a dhéanamh ar na foirgnimh atá againn. Anuas air sin, sna háiteanna ina bhfuil deis againn foirgnimh úrnua a thógáil, tá obair á déanamh againn ansin. Is é an rud is mó ó thaobh cúrsaí oibre ná an phunann mhaoine sin a bhainistiú agus a bheith cinnte go bhfuil sé réidh don todhchaí atá amach romhainn.