Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé
2:00 am
Mr. Rónán Mac Con Iomaire:
Déanaim tagairt do na bailte seirbhíse Gaeltachta atá taobh amuigh den Ghaeltacht ach atá réasúnta gearr do cheantar Gaeltachta. Is sampla maith í Cathair Saidhbhín atá gearr do Ghaeltacht Uíbh Ráthach. Thagair an Teachta Ó Snodaigh don dúshlán a bhaineann le ceantair atá gearr do theorainneacha na Gaeltachta. Má tá infreastruchtúr nó struchtúr aitheanta ann agus oifigeach pleanála teanga agus plean in áit gur féidir seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge sa bhaile mór is giorra do cheantar Gaeltachta, beidh leanúnachas ann. Chomh maith le seirbhís a bheith ar fáil, ciallaíonn sé go mbeadh na gnéithe eile ar fáil ionas nach mothaíonn daoine go bhfuil siad ag fágáil na Gaeltachta agus go gcaithfidh siad iompú ar an mBéarla. Ciallaíonn sé go mbeadh na seirbhísí, seirbhísí Stáit san áireamh, chomh maith le feiceálacht ó thaobh Gaeilge sna siopaí ghnó agus san earnáil miondíolacháin ar fáil i nGaeilge.
Is sampla é plean teanga an Chlocháin, áit a raibh dlúthbhaint i ndearadh agus cur le chéile an phlean sin ag limistéar pleanála teanga Chonamara láir agus Gaeltacht Iorras Aithneach. Bhí siad ag obair as lámh a chéile mar gheall go bhfuil traidisiún agus nasc trádála agus seirbhíse an-ghar idir an dá cheantar sin.