Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé
2:00 am
Mr. Rónán Mac Con Iomaire:
Is é ceann de na dúshláin atá againn ina thaobh sin agus i dtaobh tithíochta sóisialta ná, de réir mar a thuigim, agus tá sé seo fiosraithe againn, ó thaobh bhunús na reachtaíochta agus an phróisis, bíonn tosaíocht á tabhairt do dhaoine bunaithe ar an áit a bhfuil siad ar an liosta feithimh seachas ar bhonn teanga. Ní cuidiú é seo ó thaobh chúrsaí pleanála teanga sa Ghaeltacht mar go bhfágann sé ceantair láidir Ghaeltachta oscailte do dhaoine nach bhfuil Gaeilge ar a gcumas acu ag athlonnú iontu. Níl aon rud gur féidir linn a dhéanamh, mar áisíneacht, ina thaobh sin de. Is é sin an fáth sa choincheap atá againn, agus muid ag breathnú ar chúrsaí tithíochta agus talamh a chur ar fáil d’eagrais agus údaráis áitiúla, go mbeadh talamh á chur ar fáil ar mhaithe le tithíocht inacmhainne. Más tithíocht inacmhainne seachas tithe sóisialta atá i gceist, bheadh muid, agus an t-údarás áitiúil dá réir, in ann coinníollacha a leagan síos i dtaobh cúrsaí teanga.