Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 June 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé

2:00 am

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Fágfaidh mé ceist na monatóireachta faoi Rónán Mac Con Iomaire. Ar an gceist faoin bhuiséad tithíochta, cuirtear an cheist seo orm go minic agus tá mé ag tabhairt an fhreagra ionraic céanna i gcónaí chomh fada is gur féidir liom. Braitheann sé ar cén chúram atá orainn. Cuireann an reachtaíocht atá in áit faoi láthair cúram nó freagracht reachtúil orainn aon rud a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge go bhfuil deis againn a dhéanamh ar mhaithe le caomhnú agus láidriú na teanga a dhéanamh. Is é sin an fáth a bhfuil muid ag féachaint ar cheist na tithíochta.

É sin ráite, dá mbronnfaí cúraimí breise orainn faoin dlí maidin amárach, chun an cúram sin a thógáil orainn féin, bheadh orainn suí síos le Roinn na Gaeltachta le féachaint conas a oibreodh sé sin. Tá sé seo bunaithe ó mo thaithí. Is é seo an tslí a n-oibríonn sé seo. Is mó seans go mbeadh orainn an t-airgead a fháil ó bhuiséad na bliana seo chugainn le daoine a earcú. Bheadh orainn daoine a earcú agus bheadh seans ann go mbeadh muid ag tarraingt ón phota chéanna is atá na húdaráis áitiúla anois. Tá pleanálaithe gann cheana féin agus tá níos lú pleanálaithe Ghaeilge ann. Tá muid sásta glacadh le haon chúram breise a thugtar dúinn, fad is go bhfuil sé ar son mhuintir agus phobal na Gaeltachta, ach caithfidh muid a bheith ríchúramach nach bhfuil muid ag déanamh an scéil níos casta agus ag cur moill ar an bpróiseas. Go dtí seo, is é sin an fáth go bhfuil muid, agus go bhfuil sé ráite go sonrach ag an mbord go bhfuil muid, ag tacú agus ag éascú le tógáil tithíochta in aon áit is féidir linn ach nach bhfuil sé i gceist againn tithe a thógáil ná a bheith i mbun cúrsaí pleanála mar ní fheictear dúinn go gcuirfeadh sé sin dlúis faoin phróiseas.