Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé
2:00 am
Mr. Tomás Ó Síocháin:
Is 1,000 ha ar fad - ina iomláine - atá ag an údarás. Is ceist chasta í talamh a bheith díomhaoin. Tá go leor tithe ar thalamh portaigh againn agus tá sé sin in ainm is a bheith díomhaoin. Cuid den fheidhm atá leis sin ná go mbeadh sé curtha ar leataobh ó thaobh cúrsaí carbóin agus mar sin de. Maidir le talamh atá forbartha, níl an t-uafás againn in áiteanna go bhfuil tógáil tar éis tarlú ar an láthair sin nó go bhfuil an zónáil cuí in áit. Rinneamar cur síos ar an obair a rinneamar ó thaobh líon na suíomhanna a bheadh oiriúnach, ach níl an figiúr ag teacht chugam. Is féidir liom é a thabhairt don Teachta. Na critéir a bhí i gceist againne agus muid ag féachaint ar cheist na tithíochta ná an raibh seirbhísí - uisce agus mar sin de - in áit; an raibh áiseanna in aice láimhe agus, mar shampla, an raibh daoine in ann siúl ag an scoil; agus an raibh áiseanna pobal - ionaid sláinte agus mar sin de - ar an láthair. Bhain sé sin le haon áit ina mbeadh níos mó ná teach amháin á fhorbairt. Is é sin an rud a bhí i gceist leis na tithe inacmhainne.