Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé
2:00 am
Mr. Tomás Ó Síocháin:
Tá. Ar an gcéad dul síos is sampla an-mhaith é seo agus sin an fáth ar luaigh mé é i gcomhthéacs an méid ar deireadh go dtí seo. Mura bhfuilimid sásta mar eagraíocht céimeanna uaillmhianacha nó céimeanna chun tosaigh a thógáil, ní bheidh dul chun cinn á dhéanamh againn. Má fhéachaimid siar os cionn an dá scór bliain sin, tógadh Calafort Ros a' Mhíl agus chuir sé sin bunús le forbairt eacnamaíoch i gConamara, ach an oiread le Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair mar shampla, a thóg muintir na háite iad féin agus a thacaigh an t-údarás leis ina dhiaidh sin, ina bhfuil 700 duine fostaithe. Tá sé ríthábhachtach go mbeimid sásta féachaint ar an gceist, aghaidh a thabhairt air agus a bheith uaillmhianach. Bíonn rioscaí ag baint leis sin, ach táimid eolach ar na rioscaí sin. Cuireann sé go mór le costas na dtograí seo go gcaithfimid gach iarracht a dhéanamh ó thaobh obair chomhairleoireachta na rioscaí sin a mhaolú. Ní eisceacht muid sa chomhthéacs sin. Tá fhios againn ar fad go bhfuil an dúshlán sin ann go fóill go náisiúnta ó thaobh cúrsaí pleanála agus cinnteacht. É sin ráite, sa chás áirithe seo cheadaigh an Bord Pleanála go leor den togra. Bhí sé sásta leis an gcur chuige. Is ar aon cheist amháin faoin athrú aeráide agus fíoruisce go raibh ceist aige faoi.
San áireamh sa mhéid sin - luaigh an Teachta Uisce Éireann - bhíomar ag freastal ar Uisce Éireann ionas nach mbeadh an t-uisce ar fáil do Pháirc na Mara amháin ach go mbeadh sé ar fáil do mhuintir na háite is go mbeadh an t-infreastruchtúr sin in úsáid ag gach duine. Anuas air sin, táimid ag ullmhú cás gnó.
Ar an dá thaobh den scéal táimid tar éis roinnt mhaith airgid a chaitheamh ar an iarratas pleanála a fhorbairt agus caithfimid dul ar ais arís agus iarratas eile a fhorbairt. Roimhe sin, tá sé aontaithe againn leis an Roinn go mbeidh cás ghnó á chur le chéile againn. Ní hamháin go mbeidh cead pleanála againn, ach beimid in ann dul céim níos faide agus an maoiniú a fháil in áit chuige. Is maoiniú suntasach a bheadh ann. Níl figiúr curtha againn air sin go fóill, mar táimid ag cur tús leis an obair an tseachtain seo chugainn chun tairiscint a chur amach ag iarraidh comhairleoirí a fháil leis an gcás ghnó sin a chur le chéile dúinn, maraon leis an taighde ar fad. Tá éileamh ann ón bpobal i gcónaí, bíodh sé sin ar Pháirc na Mara nó in aon áit eile, fad is go bhfuil fostaíocht cruthaithe. Tá éileamh ann i gcónaí ó na comhlachtaí go rabhamar ag plé leo. Tá siad sin ag rá go mbeidh sé seo ar an gcéad áit ar an oileán ina mbeidh fíoruisce agus uisce sáile ar fáil ar mhaithe le taighde agus nuálaíocht, agus tá suim acu i gcónaí ann. An fáth go bhfuil an chás chomh casta agus go bhfuil costas chomh mór leis ná go mbeimid ag cur córas séarachas ar an láthair ionas go mbeidh an t-uisce níos glaine, ar shlí, ag teacht amach as ná mar a bhí ag dul isteach. Beidh an t-infreastruchtúr sin ag cur ní hamháin le Páirc na Mara, ach freisin leis an ceantar mórthimpeall ó thaobh córas uisce agus mar sin de. Táimid dóchasach ach táimid réalaíoch agus aithnímid go bhfuil dúshlán ann. Táimid chun ár ndícheall a dhéanamh le cinntiú go bhfuil muid in ann na rioscaí sin a bhainistiú de réir a chéile sa phróiseas sin.