Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 June 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé

2:00 am

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Bhí an plé sin againn. Táimid ag plé le Comhairle Chontae na Gaillimhe le os cionn bliain anuas. Ar an gcéad dul síos, bhí plé ginearálta againn faoi na féidearthachtaí a bheadh ann agus ansin d'aimsíomar suíomh ar leith ar An gCeathrú Rua. Bhíomar tar éis obair chomhairleoireachta a fháil ar an suíomh sin a thug le fios go raibh sé indéanta. Bhíomar ag scrúdú na féidearthachtaí a bhain le socrú eatramhach a chur in áit. Ní raibh sé sin tar éis dul chomh fada leis an gcóras pleanála, ach bhíomar ag féachaint ar na féidearthachtaí a bhain leis. Nuair a bhí an chuma ar an scéal go raibh sé sin dúshlánach, chuireamar suíomhanna eile leis. In áiteanna a bhfuil córas séarachais againn féin atá ag freastal ar obair fiontraíochta faoi láthair, d'fhéachamar orthu sin a leathnú amach. D'fhéachamar freisin ar na suíomhanna ar na hoileáin. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag plé le hUisce Éireann ar bhonn leanúnach. Tríd is tríd agus an comhrá ar siúl againn, is léir go gcaithfimid tús áite a thabhairt do cheantair Ghaeltachta ó thaobh an t-infrastruchtúr uisce a chur in áit. Tá sé sin ráite agam i mo ráiteas tosaigh. Tá sé sin ríthábhachtach ní hamháin ó thaobh cúrsaí tithíochta, ach freisin ónár dtaobh ar mhaithe leis an obair fiontraíochta agus forbartha atá á dhéanamh againn. Táimid in áit, agus muid ag cruthú fostaíochta, go bhfuil píblíne fiontraíochta agus fostaíochta ag fanacht ar áitreabh más féidir linn é seo a thógáil. Tá ceist an uisce lárnach san obair sin, bíodh sé ar mhaithe le tithíocht nó ar mhaithe le hobair fiontraíochta. Tá an comhrá sin fós ag dul ar aghaidh le Comhairle Chontae na Gaillimhe. Bhíomar á plé ag an gcruinniú leis an Aire ar an Déardaoin seo caite. Tá súil againn go mbeidh tuilleadh dul chun cinn á dhéanamh as seo go ceann roinnt seachtaine.