Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 24 October 2024
Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
10:30 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Táimid tar éis déileáil leis na Meastacháin seo. De réir Bhuan-Ordaithe 215A, tá sé de dhualgas ag an roghchoiste seo tuarascáil a ullmhú mar chuid dá mbreithniú ar na Meastacháin Fhorlíontacha a bhí idir lámha againn inniu agus go leagfar an breithniú seo faoi bhráid Dáil Éireann taobh istigh de 14 lá. Is chuige sin a iarrann an Roghchoiste um Formhaoirsiú Buiséid agus rúnaíocht na gcoistí ar gach roghchoiste de chuid na Dála go bhfuil cúram na Meastachán aige agus a bhfuil athbhreithniú ar na Meastacháin Athbhreithnithe déanta aige tuarascáil ghairid ar an bpróiseas a bhaineann leis agus a tuairimí ar an bpróiseas sin a ullmhú agus a leagan faoi bhráid Dháil Éireann. Molaim go smaoineodh gach comhalta den roghchoiste ar an ábhar seo agus go seolfadh siad a gcuid tuairimí agus moltaí ar aghaidh chuig cléireach an choiste. Tá ár mbreithniú ar na Meastacháin críochnaithe agus dá réir, is féidir linn é sin a thaifead.