Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 24 October 2024
Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
10:30 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá cúpla ceist agam. Luaigh an tAire Stáit sa chur i láthair go bhfuil €700,000 ar fáil d’fho-cheannteideal C4, ach an méid atá luaite sa doiciméad a chur an tAire Stáit chugainn ná €800,000. Mar an gcéanna, luaigh an tAire Stáit go bhfuil €1 milliún ar fáil do phróiseas pleanáil teanga na Roinne, ach deireann sé sa doiciméid a fuair muid go bhfuil €1.3 milliún ar fáil faoi fho-cheannteideal C3 do chlár tacaíochta pobail agus teanga na Gaeltachta. B'fhéidir go mbeadh an tAire Stáit ábalta míniú a thabhairt ar an dá athrú sin. Glacaim gur coigilteas atá i gceist anseo - go raibh airgead curtha ar leataobh le haghaidh rud éigin eile agus nach raibh sé caite.