Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 24 October 2024

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán

10:30 am

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fáiltím roimh an deis seo faisnéis a thabhairt don choiste maidir le Meastacháin Fhorlíontacha teicniúla 2024 don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, mar a bhaineann sé le clár C, An Ghaeltacht. Is ionann na Meastacháin Fhorlíontacha teicniúla don Roinn do 2024 agus athdháileadh €4.55 milliún ar fud rannán na Gaeltachta. Faoin athdháileadh beartaithe, cuirfear €700,000 ar fáil d’fho-cheannteideal C4, scéimeanna tacaíochta Gaeilge, chun brúnna maoinithe reatha a laghdú agus cuirfear €1 milliún ar fáil do phróiseas pleanála teanga Gaeilge na Roinne, i leith tionscnamh straitéiseach a bhaineann leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Tá €2.85 milliún eile ó chlár C athdháilte ar TG4 chun chun borradh a chur faoi roinnt tionscadal coimisiúnaithe, chun tacaíochtaí earnála a mhéadú agus chun pleanáil a dhéanamh maidir le méid méadaithe ábhair do pháistí a choimisiniú. Is í mo thuairim ná go gcinnteofar leis an athdháileadh seo go n-úsáidfear airgead poiblí ar an mbealach is fearr do chur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus chun leanúint ar aghaidh ag leathnú úsáid na Gaeilge ar fud oileán na hÉireann agus níos faide i gcéin.