Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 10 July 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Riachtanas Gaeilge do Stiúrthóirí Boird Oideachais agus Oiliúna: Plé

1:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanfaidh mé iarracht teacht go dtí an pointe go sciobtha. Ar an gcéad dul síos, tá fáilte roimh na finnéithe agus is maith an rud é go bhfuil plé bríomhar air seo. Caithfimid bheith cliniciúil faoi seo agus leigheas a fháil. Is é ról an choiste ná moltaí a dhéanamh le leigheas a fháil nuair a éiríonn deacracht. Is féidir linn bheith ag caint faoi go deo ach tá fadhb ollmhór ann. Séard atá uaim agus uainn uilig ná réiteach córasach. Is é sin go n-athrófar an córas le nach féidir le rud mar seo tarlú. Roimhe sin, tá ceist theicniúil ann: an sárú dlí a bhí i gceist, nó nach ea? Nílim chun an cheist sin a fhreagairt, ach táim chun é a ardú. Táim chun moladh a dhéanamh cé a fhreagróidh an cheist chomh maith.

Deirtear sa plean teanga:

Tá na poist liostáilte thíos sainithe mar phoist a mbaineann riachtanas inniúlachta Gaeilge leo. Tá sé i gceist go mbeidh caighdeáin shonraithe chreidiúnaithe sa Ghaeilge bainte amach ag sealbhóirí na bpost seo i gcomhréir le cúraim an phoist.

Tá sé sin an-soiléir. Cuid de chúram an phoist is ea bheith freagrach as ocht scoil atá ag múineadh trí Ghaeilge. De réir an dlí, agus tá seasamh dlí ag pleananna teanga, caithfidh an caighdeán sonraithe a bheith i gcomhréir leis an bpost. An moladh atá agamsa don choiste - ní gá d'éinne é seo a fhreagairt - ná go dtógfaidh muidne an cheist go dtí an Coimisinéir Teanga agus go n-iarrfaimid air imscrúdú a dhéanamh ar an gceist seo a leanas: an gcreideann seisean go bhfuil sárú dlí i gceist anseo nó nach bhfuil?