Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 10 July 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Riachtanas Gaeilge do Stiúrthóirí Boird Oideachais agus Oiliúna: Plé
1:30 pm
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bhí mé buartha faoin gceist seo sular thosaigh muid. Caithfidh mé a bheith ionraic - tá mé i bhfad níos buartha anois ná nuair a thosaigh muid an cruinniú seo. Sílim nach dtuigeann David Leahy agus Anne McHugh céard atá i gceist againn anseo i ndáiríre agus an fáth go bhfuil muid buartha faoi seo. Faraor, tá mé beagáinín faoi bhrú ama mar tá cruinniú eile ar siúl agam anois. Ní shuíonn mise ar an gcoiste seo agus ní ball den choiste mé, ach tá mé i mo bhall den choiste oideachais. Ba bhreá linn dá mbeimis leanúint leis an bplé seo ag an gcoiste oideachais. B'fhéidir gur féidir leis an gcoiste seo dul i dteagmháil leis an gcoiste oideachais mar gheall air seo freisin.
Ar an gcéad dul síos, tá ceist agam do David Leahy maidir leis an scéim teanga atá ag GRETB. Má bhreathnaíonn muid ar leathanach 18 den scéim, deir sé: "Tá na poist liostáilte thíos sainithe mar phoist a mbaineann riachtanas inniúlachta Gaeilge leo." Ceann de na cinn sin ná "stiúrthóirí" atá ag baint le agus ag freastal ar: "Pobal Ghaeltacht na Gaillimhe agus pobal gach gaelcholáiste faoi chúram an Bhoird." Cén fáth nach raibh riachtanas Gaeilge ann má tá sin sa scéim teanga atá ag GRETB?