Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 February 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

 

1:30 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Mar a bhí Clare Diamond ag rá, sna conarthaí atá sínithe le beagnach bliain anuas ag na stáisiúin raidió áitiúla, tá commitment go gcuirfear na moltaí a thiocfaidh as an athbhreithniú ar na meáin Ghaeilge i bhfeidhm sna stáisiúin. Beidh muid ag plé leo le linn an athbhreithnithe ó thaobh an méid Gaeilge atá le cloisteáil ar na stáisiúin sin agus ag déanamh moltaí dá réir a aontóidh muid leo. Tá dualgas sna conarthaí agus tá tuiscint ann go gcuirfear na moltaí sin i bhfeidhm ina dhiaidh sin.

Is é ceann de na nithe a thagann chun cinn uaireanta ná go mbíonn deacracht daoine oilte sna meáin a bhfuil Gaeilge acu a aimsiú. Ní tharlaíonn sé in gach áit ach deirtear go dtarlaíonn sé in áiteanna. Is chuige sin a bhíonn muid ag cur maoinithe ar fáil d’obair traenála agus tagann an ghné seo faoi chúram Shinéad Crowley. Ar mhiste leis an choiste dá labhródh sí ar an ábhar seo?