Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 February 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

 

1:30 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Nuair a bunaíodh Coimisiún na Meán i mí an Mhárta anuraidh, bhí sraith chruinnithe againn leis na hardáin éagsúla atá lonnaithe in Éirinn. Tháinig siad ar fad isteach agus bhí plé ginearálta agus oscailte faoin staid reatha atá ann. Sílim go bhfuil sé ró-luath a rá an bhfuilimid sásta nó míshásta. Caithfimid deis a thabhairt don reachtaíocht seo teacht i bhfeidhm ar dtús agus féachaint an bhfuil siad ag comhlíonadh na ndualgas atá leagtha orthu nó nach bhfuil.

Is é an dóchas a bheadh agam ná go bhfuil an réamhobair agus an comhairliúchán déanta againn leis na hardáin iad féin, leis an bpobal agus leis na heagraíochtaí éagsúla atá ag plé leis seo agus go bhfuil sraith próiseas á n-ullmhú le haghaidh na trusted flaggers seo, mar a dúirt an Teachta, agus mar sin de, agus go mbeidh siadsan in ann dul i dteagmháil linn. Ní dóigh liom go mbeidh aon easpa oibre nó obair eagraíochtúil i gceist ónar dtaobh de ach caithfear deis a thabhairt don reachtaíocht dul i bhfeidhm chun féachaint cén toradh a mbeidh aige sin ar na hardáin iad féin.