Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 14 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An mian leis an Teachta Pádraig O’Sullivan ceist a chur? Ní mian leis. Gan aon cheist eile, is féidir linn deireadh a chur leis an gcuid seo den chruinniú. Gabhaim buíochas leis an Aire, an Teachta Foley, agus leis an bhfoireann mhór mhillteach a bhí i láthair inniu as an eolas a roinn siad linn agus na ceisteanna a d’fhreagair siad. Tá clabhsúr leis an díospóireacht ar an ábhar seo.
Níl aon ghnó eile. Cuirim an cruinniú ar athló go dtí an chéad chruinniú eile ar 1.30 p.m. an tseachtain seo chugainn, Dé Céadaoin, an 21 Meitheamh sa seomra coiste 4, nuair a phléifear na seirbhísí uisce agus séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta, agus beidh ionadaithe ó Uisce Éireann i láthair.